Sa tóir ar Socrates i Meicsiceo agus an ‘Súil Eile’ i mBaile Bhuirne

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhí Shooting for Socrates lán maoithneachais ach ar easpa téagair ach is maith mar a thugann TG4 stádas do Chomórtas Peile na Gaeltachta

John Hannah

‘An tír is lú riamh a cháiligh do Chorn an Domhain,’ ba ea an cur síos a dhein Jack Fullerton ar ghaiscí Thuaisceart Éireann nuair a bhaineadar Corn an Domhain amach i 1986. Déanann Shooting for Socrates (Dé Sathairn, RTÉ1) cíoradh ar éachtaí na foirne mar aon le héachtaint a thabhairt ar shochaí na linne.

I dtosach an scannáin chonaiceamar foireann an tuaiscirt ag prapáil le haghaidh a thabhairt ar phiardaí mór na Brasaíle. Ansin deineadh sin a theilgean siar le cuntas a thabhairt ar an aistear chuig Meicsiceo.

Caitheadh dua le Béal Feirste suaite, corraithe na linne a léiriú, baineadh úsáid fhairsing, chuí as ábhar cartlainne agus meabhraíodh dúinn, ní hamháin na Trioblóidí ach gaiscí spóirt Barry McGuigan agus Alex Higgins. Cuireadh éagsúlacht charachtar os ár gcomhair, Billy Bingham le John Hannah ina measc, agus deineadh seó bóthair de Fullerton.

Turas siar bóithrín maoithneach na smaointe a bhí anseo agus baineadh súp as éadaí agus stíleanna gruaige a chur os ár gcomhair. Ceiliúradh agus géarú goile a bhí ann chomh maith agus dhá fhoireann na hÉireann ag prapáil chun imeartha sa Fhrainc.

Ach seachas an maoithneachas sin ní raibh mórán téagair sa saothar. Is go ciotach a deineadh coimhlint agus seicteachas na tréimhse a nascadh leis an sacar agus ní raibh ar thit amach ar pháirc na himeartha suntasach a dhóthain le buaic/críoch chumhachtach a chur leis an saothar.

An ‘tSúil Eile’ ag obair arís an deireadh seachtaine seo agus clúdach cuimsitheach déanta ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne (TG4, Dé Domhnaigh agus Dé Luain). Craoladh beo ar an dá chluiche leathcheannais agus an dá chluiche ceannais. Tomás Ó Flathartha agus Aodán Mac Gearailt i mbun anailíse ar an taobhlíne amhail gur chluiche ceannais na hÉireann é. Na Dúnaibh a chroch leo an Chraobh Shóisir agus geansaithe Naomh Abán á gcaitheamh acu; ag meabhrú gur ócáid í seo nach bhfuil maoin ón mbroinn léi. An tUachtarán é féin ag tabhairt turas ar Pháirc Íosagáin, Naomh Conaill buacach sa chluiche ceannais sinsir agus ceiliúradh na n-imreoirí ar fad ag léiriú gur mór acu an comórtas.  Ócáid bhliantúil í seo atá an-tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta ar fad, faoi mar a dúirt an Flathartach go deisbhéalach agus is deas mar a thugann TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta stádas di.

Mar is iondúil an tráth seo bliana bíonn The Sunday Game (RTÉ 1, aréir) lán go gad le cultacha péacógacha agus ábhair chonspóide a thugann ábhar magaidh agus údar péine do Des Cahill. Cad é castróvaics maidir leis na sums i gcluiche ceannais Christy Ring mar ar cinneadh go raibh an bua ag an Mhí le pointe amháin ach gur thug lucht na n-áireamhán le fios ina dhiaidh sin go raibh na foirne ar comhtharrac ag ceann scríbe.

N’fheadar Dia ná duine conas a tharla sé seo. Dhein Anthony Daly iarracht an scéal a mhíniú ach bhí níos mó mearbhaill i ndiaidh an mhínithe nár mar a bhí roimis.

Ina dhiaidh sin tagann Paul McArdle ar scáileán leis an bhfód a sheasamh d’Ard Mhacha i ndiaidh do Joe Brolly íde na muc agus na madraí a thabhairt dóibh an tseachtain roimhe.

Ba léir go raibh an mhonalóg foghlamtha de ghlanmheabhair. Ina ainneoin sin, áfach bhí téagar sa mhéid a dúirt sé agus baineadh na cosa ó líomhaintí Brolly. Léiríodh arís eile gur tábhachtaí an taispeántas ná fíricí d’óráidí Dhoire.

CPGSinsear16-0630

Fág freagra ar 'Sa tóir ar Socrates i Meicsiceo agus an ‘Súil Eile’ i mBaile Bhuirne'