Rún diamhair na mbainisteoirí is fearr? ‘Cleachtadh ceart tomhaiste a dhéanann máistreacht’

Tá go leor ama caite ag ár gcolúnaí mar bhainisteoir i seomraí feistis ach is roimh an gcath a dhéantar an obair is tábhachtaí

Corofin Press Night, Corofin GAA Grounds, Galway 12/3/2015 Corofin manager Stephen Rochford speaks to his team Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé níos mó ná scór blianta ó shin anois ó thosnaigh CLG ag tabhairt airde ar chúrsaí oiliúna do dhaoine atá ag plé le foirne. Roimhe sin rinne gach duine a gcúram féin de. Tá go leor cloiste againn faoi Mick O’Dwyer agus an diantraenáil a rinne sé le foireann iomráiteach Chiarrai ó lár na seachtóidí go dtí lár na hochtadaí.

Faraor, ar an mórchuid, rinne na traenálaithe go léir an cineál ceanann céanna traenála is a rinne na glúnta a chuaigh rompu.

Ní raibh aon bhunús eolaíochta leis an dtraenáil sin. Bhí sé go breá simplí. Ach is minic nach raibh sé rómhaith do shláinte coirp an imreora. Níor deineadh mórán síneadh. Go minic deineadh drileanna nach raibh rómhaith don droim agus is iomaí duine a d’fhulaing de bharr drochnósanna treanála. Ní raibh mórán cainte faoi fhisiteiripeoir, faoi theanán na híoscaide nó faoin bhfallnasc croiseach.

Ach tá an saol sin thart, buíochas le Dia, agus i bhfad níos mó cúraim á thabhairt ar ghortuithe agus sláinte an imreora.

Ag tosach na nóchaidí, nuair a thosnaigh an CLG ag eagrú cúrsaí do chlubanna, ní raibh mórán tóir orthu. Ach diaidh ar ndiaidh chonacthas go raibh fiúntas ag baint leo.

Bhí leithéid Eamonn Ryan, traenálaí iomráiteach fhoireann Peil na mBan Chorcaí agus Paudie Butler, a bhí tráth i gceannas ar fhorbairt iománaíochta ar fud na tíre, agus a thuilleadh nach iad mar cheannródaithe san obair oilliúna nua seo. Rinneadar éacht ag múineadh na dtraenálaithe. An aidhm a bhí ann ná go rachadh na traenálaithe amach i measc na gclubanna ag scaipeadh na teachtaireachta nua seo faoi dhrilleanna simplí suimiúla a dhéanamh, faoi shíneadh ceart a dhéanamh roimh thús agus díreach gach seisiún agus faoi eagrú cluichí beaga le rialacha éagsúla a eagrú. Tá an-athrú tagtha ar chúrsaí ó shin i leith agus dul chun cinn ollmhór déanta.

Bhíos féin páirteach sa reabhlóid nua seo. Bhíos ag teagasc agus ag baint an-taitneamh as. Ag an tosach bhí na cúrsaí briste suas ina dhá leath, ceann ar an bpáirc imeartha agus ceann sa seomra ranga. Bhíodh seisiún ceisteanna agus freagraí ag deireadh gach cúrsa. Bhíodh cheist amháin a chuirtí go rímhinic.  

Bhíodh gach duine ag iarraidh go sceithfí leo an “rún” a bhí ag na traenálaithe is cáiliúla. ‘Cad a dúirt leithéid Mick O’Dwyer nó Billy Morgan? Cad iad na focail draíochta a bhí ag fathaigh seo na gcluichí dá n-imreoirí roimh chluichí. Ar briseadh camáin ar bhoird? An raibh mórán béicigh agus liúraigh? Cad é an plean rúnda a bhí ag na saineolaithe seo?

Bhí an t-ádh liom bheith istigh i mórán seomraí feistis, le foirne a bhuaigh agus foirne a chaill, ach ní fhaca mé aon rud mistéireach. Cinnte, bhéic daoine áirithe. Cinnte, bhí mórán dáiríreachta ag baint le caint daoine áirithe. Cinnte, bualadh camáin ar bhoird. Ach ní féidir liom cuimhneamh ar mhórán a dúirt aon duine díobh.  

Bhí ionadh ar na traenálaithe a chloisint nach raibh rún ar bith ag aon duine díobh do lá an chluiche mhóir. Pé bua a bhí ag na traenálaithe mór le rá seo bhain leis an modh traenála a bhí acu i rith na bliana agus bhain sé lena gcumas na himreoirí is fearr a roghnú sna háiteanna is fearr agus agus na hathruithe cuí a dhéanamh de réir mar a theastaigh siad ar an lá.

Tá i bhfad nios mó eolaíochta ag baint leis an dtraenáil i láthair na huaire. Is fearr atá gach rud eagraithe. Tá a fhios ag na bainisteoirí is fearr nach bhfuil mórán gá le béicigh agus liúraigh ar lá an chluiche mhóir. Tá a fhios acu go mbíonn i bhfad níos mó éifeachta le himirt na n-imreoirí nuair a théann siad chun páirce agus iad ar a gcompord faoina bhfuil rompu.

‘Sea, níl aon rún diamhair i gceist. Mar a deir an seanrá, ‘cleachtadh a dhéanann máistreacht’, nó b’fhéidir ba chirte a rá ‘cleachtadh ceart tomhaiste a dhéanann máistreacht’.

Fág freagra ar 'Rún diamhair na mbainisteoirí is fearr? ‘Cleachtadh ceart tomhaiste a dhéanann máistreacht’'

  • sean o rathaille

    agus ‘an te na fuil laidir ni folair do a bheith glic’