Rún ar son Acht Gaeilge ó thuaidh rite ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Seasfaidh an USI le Conradh na Gaeilge agus leis an Dream Dearg ina n-éileamh ar Acht Gaeilge don Tuaisceart amach anseo

Rún ar son Acht Gaeilge ó thuaidh rite ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Vótáladh d’aon ghuth ar son an rúin, a cuireadh chun cinn ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn, go seasfadh Aontas na Mac Léinn le Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg ina n-éileamh ar Acht Gaeilge. I gContae an Chláir atá an ardfheis ar siúl an tseachtain seo.

Déanann an eagraíocht trasteorann ionadaíocht ar aontais mac léinn le páirt a ghlacadh san fheachtas atá ar bun i láthair na huaire le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

Ba é an rún faoi thacaíocht a thabhairt don fheachtas ar son an Achta Gaeilge, a chuir Leas-Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn don Ghaeilge, Maria Schäler, chun cinn a ritheadh inniu.

Labhair toscairí ó institiúidí tríú leibhéal ar fud na hÉireann faoin rún, uachtarán Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe Mhaigh Eo, agus oifigeach leasa Choláiste na Tríonóide ina measc.

Chuir Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, rún chun cinn maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh ach tarraingíodh siar an rún sin mar gheall ar rún nós imeachta de chuid an Aontais.

Tá ceist na Gaeilge go mór i mbéal na mac léinn san ollscoil sin le roinnt míonna anuas ó tháinig sé chun solais nach mbeadh riachtanas Gaeilge ann d’uachtaráin an choláiste amach anseo agus mar gheall ar an tréimhse fhada a fágadh Roinn na Gaeilge gan ceann scoile.

Dúirt Cónall Ó Corra, toscaire OÉ, Gaillimh ag an Ard-Fheis le Tuairisc.ie go bhfuil ríméad air gur éirigh leis an rún agus gur “éacht” a bhí ann.

“Tá dóchas agus misneach agam anois go mbeidh an USI ag gníomhú ar son an Achta agus go léireoidh siad tacaíocht láidir dó. Vótáladh ar a shon d’aon ghuth agus is rud mór é sin.

“Is siombail dlúthpháirtíochta agus céim mhór chun cinn atá ann. Creidim gur cheart go mbeadh mic léinn na tíre ag obair ar son Éire fheabhsaithe agus Éire níos fearr. Tá sé mar dhualgas orainn an tír sin a thógáil agus is céim sa phróiseas sin an tAcht Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Corra, arb as Béal Feirste dó, gur thóg sé a chroí gur léiríodh “an oiread sin paisin agus spéise” in ábhar a bhaineann go sonrach leis an Tuaisceart “i bhfíor-iarthar na tíre” [Contae an Chláir] agus nach cainteoirí Gaeilge ná muintir an Tuaiscirt amháin a léirigh tacaíocht don rún.

Tá “fáilte mhór” curtha ag an Dream Dearg roimh an scéala go mbeadh Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag tacú lena n-éileamh ar Acht Gaeilge don Tuaisceart.

“Tá mic léinn, idir thuaidh agus theas, gníomhach san fheachtas #AchtAnois agus léiríonn an rún is déanaí ó AMLÉ go bhfuil tacaíocht thréan ann ó mhic léinn na tíre i gcoitinne ar son cearta teanga.

Tá comhghuaillíocht leathan, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, gníomhach, glórach san fheachtas ar son Acht Gaeilge. Tá tromlach pholaiteoirí na tíre ag tacú leis, tá comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe i bhfách leis agus, níos tábhachtaí arís, tá an pobal féin á éileamh go rialta,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ón Dream Dearg.

Dúirt sé go dtagann cinneadh an lae inniu sna sála ar rún a ritheadh in Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh le deireanas go dtacófaí leis an éileamh agus go bhfuil sé “thar am mianta an phobail a chur i bhfeidhm” agus Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Rún ar son Acht Gaeilge ó thuaidh rite ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn'