Rún ar bith ag an Aire Caiteachais Phoiblí córas earcaíochta nua a thabhairt isteach don Ghaeilge

Mhol an Coimisinéir Teanga go dtabharfaí córas nua isteach a dheimhneodh go mbeadh íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal

Rún ar bith ag an Aire Caiteachais Phoiblí córas earcaíochta nua a thabhairt isteach don Ghaeilge

Níl sé i gceist ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe polasaí nua a thabhairt isteach don Ghaeilge sa státchóras, in ainneoin mholtaí an Choimisinéara Teanga.

Sa tráchtaireacht a d’fhoilsigh sé an tseachtain seo caite ar chóras na scéimeanna teanga sa státchóras, mhol an Coimisinéir Teanga go dtabharfaí córas nua isteach a dheimhneodh go mbeadh íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe le fios sa Dáil, áfach, nach bhfuil aon rún aige athrú a dhéanamh ar an gcóras earcaíochta don Ghaeilge.

Thug an tAire Donohoe, arb í a roinn atá i gceannas ar pholasaí earcaíochta an Stáit i leith na Gaeilge, go bhfuil sé i gceist aige an córas atá ann faoi láthair a phlé leis an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí “ar mhaithe le tuiscint níos fearr” a fháil air.

Tá os cionn dhá bhliain ann ó fógraíodh go raibh córas úrnua le cur in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, tá painéal daoine le cruthú a bhfuil líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaigh nua sa státseirbhís.

Ba í an chéad chéim i mbunú an chórais nua ná go liostódh gach roinn na poist ar leith acu a mbeadh cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla riachtanach dóibh. Bhí an obair liostaithe sin le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana 2015. 

Dúirt an tAire Donohoe an tseachtain seo go n-aithneofar i scéimeanna teanga na ranna éagsúla “amach anseo” na poist sin a bhfuil riachtanas Gaeilge leo.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite, as an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Tá os cionn dhá bhliain ann ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí go n-aithníonn sé “an tábhacht a bhaineann le líon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge agus ar féidir leo seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge”.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill “go bhfuil ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an gcóras nua earcaíochta don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm sa Státseirbhís sa bhliain 2013.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina ‘theip shuntasach’ agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheadh fágtha mar oidhreacht aige.