Rún ag ROSG fadscannán faisnéise a dhéanamh de leabhar nua faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht teilifíse Gaeltachta saothar teilifíse a dhéanamh de ‘Éagóir’ le Seán Ó Cuirreáin

Seán Ó Cuirreáin, údar "Éagóir"
Seán Ó Cuirreáin, údar “Éagóir”

Tá maoiniú ceadaithe ag TG4 do chomhlacht Gaeltachta a bhfuil sé i gceist acu fadscannán faisnéise a dhéanamh den leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, a foilsíodh an mhí seo caite.

Tá socrú déanta ag ROSG Teoranta, atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, le Cois Life chun saothar teilifíse a dhéanamh den leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna

Tá maoiniú ceadaithe don tionscadal cheana féin ag TG4 agus tá iarratas  ar mhaoiniú curtha faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Ba iad ROSG Teoranta a rinne leitheidí Cré na Cille, Scéal na Gaeilge,  Na Cloigne agus An Bronntanas do TG4.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh ó ROSG gur “cúis bhróid” don chomhlacht  a bheith ag plé leis an “tionscadal fíorthábhachtach” seo.

Dúirt sé gur cheap sé go raibh scéal Mhám Trasna ar eolas aige ach nár thuig sé “doimhneacht agus scála an scéil” go dtí gur léigh sé an leabhar nua, Éagóir.

“Spreag sé mothúcháin láidre ionam féin, agus an fhearg an ceann ba mhó a bhí i gceist.

“Cé gur scéal Gaeltachta atá anseo, tá gnéithe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin, agus mar léiritheoir tá mé ar bís lena chur ar an scáileán,” a dúirt Ó Cofaigh.

Dúirt an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life gur “spreagadh mór” don chomhlacht foilsitheoireachta go bhfuil suim ag ROSG an leabhar nua a fhorbairt don scáileán.

“Cuirfidh sé sin fuil agus feoil ar na pearsana úd i Mám Trasna ar imríodh feall orthu sa tseanaimsir,” a dúirt sí.  Dúirt sí go raibh “pobal fada fairsing” dlite dó mar scéal.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, a thug 20 bliain ag plé leis an gcraoltóireacht sular ceapadh mar an chéad Choimisineir Teanga é, go bhfuil “an-ábhar teilifíse” sa scéal tragóideach faoi na dúnmharuithe i Mám Trasna sa bhliain 1882.

Tá cuntas i leabhar Uí Chuirreáin ar conas a deineadh sléacht ar theaghlach in iarthar na hÉireann in 1882 agus conas a cuireadh chun príosúin agus chun báis fir neamhchiontacha de bharr fianaise bhréagach a tugadh faoin eachtra fhoréigneach, thragóideach seo a mhaireann fós