Rud faoi leith é an ceangal idir an giolla agus a ghalfaire

Comrádaithe sna seanscannáin ‘cowboy’ a mheabhraíonn an galfaire agus a ghiolla dár gcolúnaí

Rud faoi leith é an ceangal idir an giolla agus a ghalfaire

J.P. Fitzgerald le Rory McIlroy. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An nasc a bhíonn idir an galfaire agus a ghiolla a d’fhág oiread sin poiblíochta tugtha don scéal go bhfuil Rory McIlroy agus J.P. Fitzgerald le dul ina mbealach féin tar éis don Ghearaltach naoi mbliana a bheith caite aige ag iompar an mhála do Ruairí.

Rud faoi leith é an ceangal idir an giolla agus a ghalfaire. Ach tú a bheith ar an láthair nó fiú ag breathnú ar an teilifís tabharfaidh tú faoi deara an chaoi a mbíonn fear an mhála go síoraí ag déanamh fuadair timpeall ar a mháistir faoi mar a bheadh freastalaí maith boird – ní fhágann sé a thaobh, ag síneadh a chuid uirlisí chuige agus á nglanadh, ag tomhas agus ag meas.

Agus iad ina seasamh sa gcuid sin den chúrsa a mbíonn an fhiataíl aníos go dtína gcuid glúine ann, seasann siad le hais a chéile agus iad ag breathnú uathu féachaint cén bealach is fearr le theacht as an tsáinn ina bhfuileadar. Comrádaithe sna seanscannáin ‘cowboy’ a mheabhraíonn siad dom – Butch Cassidy agus an Sundance Kid.

Cuireann an chaoi a dtugann an teilifís deis duit anois éisteacht leis an gcaint a bhíonn eatarthu go mór leis an gcaidreamh a bhíonn eatarthu a thuiscint. Is ar éigean gur féidir comhrá a thabhairt air. Cúpla focal gonta agus iad ar aon intinn faoin straitéis sula fada.

Bhí an tráth ann nuair ba ghnách leis an ngiolla comhairle a thabhairt nó ar a laghad a thairiscint don imreoir, ach is fada an lá sin caite anois. Sa lá atá inniu ann tá oiread mapaí agus nótaí acu eatarthu nach mbíonn call lena leithéid.

A mháistir a chur ar a shuaimhneas an cúram is mó a bhíonn ar ghiolla gairmiúil an lae inniu. Le fírinne tá seans ann gur tairbhí go mór eolas ar an tsíceolaíocht sa bpost ná scil sa ngalf.

Bhuaigh Nick Faldo ceithre cinn de na mórchomórtais le linn do Fanny Sunesson a bheith ag iompar an mhála dó idir 1990–1999. Is minic ráite aici go mba é an dúshlán ba mhó a bhí roimpi le linn an achair sin ná foighid a chur ann nuair a bhíodh sé faoi imní agus é a spreagadh nuair a bhíodh sé in ísle brí. Riamh níor chuir sé ceist uirthi a bhain leis an imirt.

Sa saol mór fré chéile, ní hionann aon bheirt is cuma cén ghairm atá siad a chleachtadh agus is é an scéal céanna é ag na giollaí gailf. Bíonn cuid acu ciúin, cúthail, cuid eile fós, ragairneach. Éiríonn le beagán acu roinnt mhaith airgid a shaothrú. 10% de phá an ghalfaire a fhaigheann siad, saibhreas i gcás Fitzgerald, ach is é an taobh eile den scéal gur bheag a fuair Páidín bocht den mheacan agus dá mba ghalfaire dona a bhí ann, ní gheobhadh a ghiolla ach 10% de sin!

Tá cúpla leabhar den scoth scríofa faoin ngiollaíocht ghailf, ar an gcuid is fearr acu tá Four-Iron in the Soul, a scríobh an t-iriseoir Albanach Lawrence Donegan faoin mbliain a chaith sé ag iompar a mhála do Ross Drummond.

Chomh maith le cur síos ar shaol an ghiolla, tugann an leabhar léargas iontach don léitheoir ar chuid de na carachtair eile a bhí i mbun na ceirde, ina measc scata Airgintíneach fiáin a thagadh chuile bhliain ag tús na bliana agus gan acu ach an t-éadach a bhí ar a ndroim. Thugaidís an séasúr ag trasnú na hEorpa i veain champála a mbíodh boladh bréan aisti in imeacht seachtaine agus ar baisteadh an ‘Belgrano’ uirthi, i gcuimhne ar an long chogaidh a chuir na Sasanaigh go tóin poill le linn Chogadh na Fáclainne. Is mór is fiú an leabhar a léamh.

Bíonn a dteanga ar a gcomhairle féin ag cuid de na giollaí freisin ar ndóigh. Bhí Harry Vardon ar dhuine de mhórghalfairí thús an chéid seo caite, ach mar a tharlaíonn do chuile dhuine a rug ar mhaide riamh, bhí laethanta níos fearr ná a chéile i ndán dó.

Lá amháin agus trí iarracht déanta aige an liathróid a bhualadh amach as an bhféar garbh d’iompaigh sé ar a ghiolla agus d’fhiafraigh sé dósan céard ba chóir a bhualadh anois. ‘Bóthar’, an freagra a fuair sé!

Díobh siúd atá fós le feiceáil is iad Fluff Cowan agus Steve Williams ar bheirt is aitheanta de na giollaí – na tamallacha a chaith siad ag obair do Tiger Woods is cúis leis sin.

Ach is giolla Meiriceánach a raibh Herman Mitchell air an té is ansa liom féin. Bhí Mitchell os cionn scór clocha meáchain agus níos minicí ná a chéile bhíodh todóg ina bhéal aige agus é féin agus a ghalfaire, Lee Trevino, ag siúl na gcúrsaí agus ag buachan sé mhórchomórtas sna 1960idí agus ‘70idí.

Be de bhunadh Mheicsiceo Trevino agus bíodh go mbíodh an bua aige nó ná bíodh, ní raibh rud ab fhearr leis ná a dhul ar an téar. An intinn chéanna a bhí ag a ghiolla, rud a d’fhág go mba mhinic póit orthu beirt agus iad ag tabhairt faoi chomórtas.

Bhí lá ann agus iad i mbun imeartha nuair a d’iarr an galfaire den ghiolla cén t-iarann a thabharfadh go ceann cúrsa é. Bhreathnaigh Mitchell ar an leabhairín agus thug a bharúil. Ach nuair a bhuail Trevino an buille thaisteal an liathróid ar a laghad 50 slat níos faide ná an sprioc.

‘Bhfuil tú cinnte go bhfuil an poll ceart agat ar an mbileog sin?’ a d’fhiafraigh an galfaire agus é ag breith ar an leabhar nótaí amach as lámha an ghiolla.

Bhí.

Nótaí Pholl Uimhir 13 a bhí ann ceart go leor – ní raibh de dhearmad déanta ach nach mba leis an gcúrsa ar a raibh siad a bhain na nótaí chor ar bith ach le ceann eile!

Fág freagra ar 'Rud faoi leith é an ceangal idir an giolla agus a ghalfaire'