RTÉ ag féachaint ar thráchtaireacht RnaG a cheangal le craoltaí teilifíse

Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ le fios go raibh an stáisiún “ag déanamh staidéir faoi láthair” ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le tráchtaireacht Ghaeilge teilifíse a chur ar fáil d’ócáidí móra ach gur ar chluichí Gaelacha a bheadh an stáisiún ag díriú go fóill

From Monday 15 September 2014 all news bulletins as Gaeilge on RTÉ Radio will be delivered from RTÉ Raidió na Gaeltachta in Casla, Connemara. Henceforth the station will provide all 32 Irish-language bulletins across RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm and RTÉ 2fm, in addition to their own news service currently provided throughout the day. From Monday 15 September the RTÉ.ie news website, and the RTÉ News Now App, will feature national, international and regional news in Irish for the first time.

Tá RTÉ ag fiosrú na mbealaí ina bhféadfaí tráchtaireacht RTÉ Raidió na Gaeltachta a cheangal le craoltaí teilifíse ar ócáidí móra amhail Craobh Sacair na hEorpa a bheidh ar siúl sa Fhrainc i mí an Mheithimh.

Thug Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, le fios do Tuairisc.ie go raibh an stáisiún “ag déanamh staidéir faoi láthair” ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le tráchtaireacht Ghaeilge teilifíse a chur ar fáil d’ócáidí móra.

I measc na bpleananna atá á mbreithniú ag RTÉ faoi láthair tá an ceangal idir tráchtaireacht RTÉ RnaG agus craoltaí teilifíse ach dúirt Mac Con Iomaire go raibh “ceisteanna teicniúla le sárú” sula bhféadfaí a leithéid de cheangal a dhéanamh.

Tá achainí ar líne curtha ar bun ag an mblagadóir Concubhar Ó Liatháin ina n-iarrtar ar RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do chluichí Euro 2016, mar a rinneadh i gcás cluichí ceannais na hÉireann anuraidh. Scríobh Ó Liatháin alt ar an iris idirlín Nós ag míniú fáth a achainí.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire gur ag díriú ar thráchtaireacht Ghaeilge ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael atá RTÉ faoi láthair agus go mbeadh rogha tráchtaireachta Gaeilge á cur ar fáil ag an stáisiún do chluichí leathcheannais agus do chluiche ceannais na peile agus na hiomána i mbliana.

Dúirt sé gur “cúis mhór ríméid do RTÉ” é tús a chur leis an tseirbhís sin anuraidh, an chéad uair riamh a cuireadh a leithéid de rogha ar fáil.

“Maidir le himeachtaí eile a chlúdach, tá sé i gceist againn na hacmhainní teoranta atá ann a dhíriú ar na cluichí Gaelacha, ar an mbonn go mbeidh bonn níos buaine leis an rogha tráchtaireachta i nGaeilge má tá sé dírithe ar imeachtaí bliantúla.

“Sin ráite, tá muid ag déanamh staidéir faoi láthair ar bhealaí eile chun tabhairt faoi rogha tráchtaireachta i nGaeilge a chur ar fáil d’imeachtaí ócáideacha ar nós Chraobh Sacair na hEorpa, ar nós tráchtaireacht RTÉ Raidió na Gaeltachta a cheangal leis an gcraoladh teilifíse, ach go bhfuil ceisteanna teicniúla le sárú go fóill,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Rónán Mac Con Iomaire.

Fág freagra ar 'RTÉ ag féachaint ar thráchtaireacht RnaG a cheangal le craoltaí teilifíse'

  • Concubhar

    Is cosúil go bhfuilimíd ag brú ar dhoras oscailte leis an bhfeachtas seo agus gur mór an chabhair é go bhfuil Ronán Mac an Iomaire ina dhóirseoir! Ag an am chéanna, ní h-ionann trachtaireacht raidió agus trachtaireacht don teilifís ach is cinnte gur fearr é ná gan seirbhís ar bith. Caithfimíd furmhór ár saol ag éisteacht leis an raidió agus ag amharc ar theilifis go coinsiasach nó go neamhchoinsiasach agus más Gaeilgeoir thú, ciallaionn sin go bhfuil tú timpeallaithe ag an Bhéarla an t-am ar fad. Is féidir cur suas le sin go pointe ach nuair a thagann ocáidí móra, ba mhaith liom ar aon nós go mbeadh an eispearas sin i nGaeilge an oiread agus is feidir. Leis an teicneolaíocht nua, níl aon leithscéal nach mbeadh an seirbhís seo ar fáil. Níl sé chomh costasach sin agus beidh ioncam breise ag RTÉ mar gheall ar an bhfógraíocht breise (a bheidh níos daoire) a bhfaighidh siad le linn Euro 2016. Níl aon chinnteacht go mbeidh Raidió na Gaeltachta ag tuairisciú ar na cluichí seo agus mar a deir Ronán tá ceisteanna teicniúla le sárú, glacaim leis, ag pósadh trachtaireacht raidio agus craoladh bheo theilifíse. Leagan nua den sean réiteach é sin. Is fearr é ná an sean réiteach – ar éigean. An rud a léiríonn sé, áfach, go bhfuil staidéar á dhéanamh ar an gceist agus is údar dochais an méid sin ann féin.