Ros Muc, Carna agus Leitir Mór tarraingthe isteach i gconspóid teanga in Albain

Chuir an nuachtán ‘The Herald’ pictiúr de chomharthaíocht aonteangach Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara le halt a foilsíodh ar shuíomh an nuachtáin faoi phlean teanga Dhún Éideann

Tá Ros Muc agus Carna tarraingthe isteach i gconspóid faoi chur chun cinn na Gàidhlig in Albain ag an nuachtán The Herald.

Sa bhlúirín a chuir an nuachtán ar na meáin shóisialta leis an alt faoi phlean Chomhairle Cathrach Dhún Éideann don Ghàidhlig, tagraíodh do na “multi-million pound plans” le comharthaí dátheangacha a chrochadh sa chathair.

Ach ba phictiúr de chomharthaí aonteangacha Gaeilge i nGaeltacht Chonamara a foilsíodh in áit pictiúr de comharthaíocht dhátheangach Gàidhlig-Béarla atá coitianta i gceantair Ghaeltachta na hAlban.

Pictiúr de chomhartha bóthair a thaispeánann an bealach go Leitir Mealláin, Leitir Móir, Ros Muc, Carna, Scríob agus an Mám a bhí le feiceáil os cionn an ailt nuair a foilsíodh ar dtús é an tseachtain seo. Tá na t-alt ar líne leasaithe ó shin agus pictiúr de chomharthaíocht Albanach curtha leis.

Tá plean Gàidhlig curtha faoi bhráid an phobail ag Comhairle Cathrach Dhún Éideann agus tuairimí anois á lorg acu faoin mbealach is fearr leis an teanga a chur chun cinn sa chathair.

Tá sé mar aidhm ag an bplean tacaíocht a thabhairt don phobal Gàidhlig atá sa chathair cheana féin agus daoine nua a mhealladh chun na teanga chomh maith.

Beidh an  próiseas comhairliúcháin ar siúl ón lá inniu go dtí an 15 Nollaig. Cuireadh an plean le chéile mar chuid den ghealltanas a thug an chomhairle go n-oibreoidís leis an bpobal Gàidhlig sa chathair agus le heagraíochtaí teanga, Bòrd na Gàidhlig agus Rialtas na hAlban le tacaíocht a thabhairt don chultúr Gaelach.

Is é seo an dara Plean Gàidhlig atá curtha le chéile ag an gcomhairle agus táthar agus súil go gcuirfear leis an méid a rinneadh faoin bplean deiridh a bhí i bhfeidhm le blianta beaga anuas. Faoin gcéad phlean bunaíodh scoil nua lánGhàidhlig, Taobh na Pàirce, agus cuireadh tacaíocht bhreise ar fáil do scoileanna eile sa chathair leis an teanga a mhúineadh, nó an teagasc a dhéanamh as Gàidhlig.

Tá an plean nua á fhorbairt freisin mar chuid de phlean forbartha na cathrach don bhliain 2050. Maíonn an chomhairle gur “dlúthchuid” den phlean Edinburgh City Vision 2050 í an Ghàidhlig agus na daoine a labhraíonn í.

Tá sé théama sa phlean nua: an teaghlach, an t-oideachas, an pobal, an t-ionad oibre, an cultúr agus an geilleagar.

“Is dlúthchuid dár n-oidhreacht roinnte agus dár bhféiniúlacht náisiúnta í an Ghàidhlig agus is croíchuid de chultúr saibhir na hAlban í. Is le gach duine in Albain an Ghàidhlig, go mór mór muintir Dhún Éideann, príomhchathair na tíre, agus tá dualgas speisialta orainn a chinntiú go gcosnaítear an teanga, go gcaomhnaítear í agus go dtugtar tacaíocht di.

“Tá mé thar a bheith bródúil as tiomantas na comhairle i leith na Gàidhlig agus i leith an chultúir Ghaelaigh. Tá dul chun cinn mór déanta againn ó seoladh an plean deiridh agus scoil nua curtha ar fáil againn. D’oibrigh muid go crua le caidreamh láidir a chruthú leis an bpobal Gàidhlig, agus ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan meitheal an phlean Gàidhlig,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil stádas na Gàidhlig sa chathair “an-leochaileach” agus go gcaithfí iarracht mhór a dhéanamh tógáil ar an méid atá déanta go dtí seo.

Mhaígh sé gur cheart do dhaltaí i scoileanna lánGhàidhlig an caighdeán oideachais is fearr a éileamh, a bheadh ar comhchéim leis an gcaighdeán oideachais a chuirtear ar fáil i mBéarla sa chathair, agus go bhfuil dualgas ar an gcomhairle a chinntiú go gcuirtear sin ar fáil.

Mhol sé go láidir do mhuintir Dhún Éideann a dtuairimí faoin bplean nua a nochtadh agus “pobal na Gàidhlig sa chathair a láidriú”.

Táthar ag súil go méadóidh líon na ndaltaí atá ag freastail ar an meánscoil lánGhàidhlig i nDún Éideann a thrí oiread sna seacht mbliana amach romhainn, agus tá forálacha sa phlean nua chuige sin.

Maítear sa cháipéis a d’fhoilsigh Comhairle Cathrach Dhún Éideann an tseachtain seo go bhfuiltear ag súil go mbeidh 271 dalta cláraithe sa mheánscoil sa scoilbhliain 2023/24. Tá 88 dalta ag fáil oideachais i nGàidhlig sa scoil i mbliana.

Tá méadú leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar bhunscoileanna lánGhàidhlig na cathrach freisin agus bhí beagnach 300 dalta cláraithe iontu an bhliain seo caite (2016/17).

Fág freagra ar 'Ros Muc, Carna agus Leitir Mór tarraingthe isteach i gconspóid teanga in Albain'

  • D

    Cén ghaeilge atá ar ‘clickbait’????

  • Liamo

    Plean Teanga do Bhaile Átha Cliath ag teastáil chomh maith.Ta thart ar an gceathrú cuid dos na cainteoirí laethúla lonnaithe ann.

  • Mánus

    Comharchumann tithíochta do Ghaeilgeoirí- sin plean.