Roinn stáit eile fós nach raibh aon phost do Ghaeilgeoir acu

Ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon cheann den tríocha post a líon An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga anuraidh, léiriú eile nach bhfuil ‘aon phlean ar chor ar bith’ don Ghaeilge i gcúrsaí earcaíochta

Roinn stáit eile fós nach raibh aon phost do Ghaeilgeoir acu

Ba chóir don Choiste Oireachtais don Ghaeilge cur chuige nua maidir le staid na teanga sa státseirbhís a aontú agus a chur faoi bhráid an Rialtais, dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ag tagairt don scéal go bhfuil roinn stáit eile fós ann – An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga – nár earcaigh aon duine a bhfuil Gaeilge acu anuraidh.

Tríocha duine ar fad a d’earcaigh an An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga anuraidh agus, de réir freagra ar cheist Dála, ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon cheann de na poist sin. Tugadh le fios go bhfuil sé i gceist ag An Roinn Leanaí beirt a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

07/04/2016. Dail Scenes. Pictured Fianna Fails Eamon O Cuiv TD speaking to the media outside Leinster House this afternoon. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Teachta Dála Éamon Ó Cuív. Sam Boal/Rollingnews.ie

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar eolas a fuair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív mar thoradh ar shraith ceisteanna Dála níos túisce i mbliana, ní raibh oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag cuid mhaith de na ranna stáit.

As an 8,367 post a bhí i ndeich roinn stáit, ní raibh ach deich gcinn acu nó .01% den iomlán, aitheanta mar phostanna a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Mar chuid den chóras earcaíochta a tugadh isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge, is faoi na ranna stáit atá sé líon na bpostanna a dteastaíonn Gaeilge ina gcomhair a ‘dhaingniú’.

Leagtar an dualgas céanna ar na ranna stáit sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Deir Éamon Ó Cuív áfach gur léir nach bhfuil “aon phlean ar chor ar bith ag an Rialtas, Roinn na Gaeltachta ná an Roinn Caiteachais Phoiblí” maidir le cúrsaí earcaíochta agus cás na Gaeilge.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie go mbeadh sé ag moladh don choiste Oireachtais nua don Ghaeilge go leagfaí síos láithreach bunriachtanais do gach roinn i dtaca le daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

“D’fhéadfaí bunriachtanais ó thaobh na Gaeilge a leagan ar gach Roinn gan aon leasú reachtaíochta, ach toil an Rialtais a bheith ann.

“Tá sé thar am ag an Taoiseach féin ceannasaíocht a ghlacadh maidir leis an gceist seo agus dualgais teanga a chur ar gach roinn, mar is léir nach bhfuil aon phlean don Ghaeilge sa chóras earcaíochta,” a dúirt an Teacht Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Roinn stáit eile fós nach raibh aon phost do Ghaeilgeoir acu'