Roinn na Gaeltachta ag smaoineamh ar chomhlachtaí príobháideacha áirithe a thabhairt faoi reachtaíocht nua

Táthar ‘ag breathnú ar na bealaí’ a bhféadfaí comhlachtaí san earnáil phríobháideach a mbronntar conarthaí stáit orthu a thabhairt isteach faoi scáth na reachtaíochta teanga

Roinn na Gaeltachta ag smaoineamh ar chomhlachtaí príobháideacha áirithe a thabhairt faoi reachtaíocht nua

Tá Roinn na Gaeltachta “ag breathnú ar na bealaí” a bhféadfaí comhlachtaí san earnáil phríobháideach a mbronntar conarthaí stáit orthu a thabhairt isteach faoi scáth na reachtaíochta teanga.

Faoi láthair, ní chaitheann comhlachtaí nach bhfuil luaite go sonrach sa reachtaíocht cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, fiú nuair a bhíonn seirbhís á soláthar ag an gcomhlacht sin thar ceann eagraíochta a thagann faoi scáth an Achta.

Fágann sé sin gur minic nach mbíonn seirbhís i nGaeilge ar fáil do chustaiméirí ó chomhlachtaí atá ag feidhmiú thar ceann an stáit.

Ach thug Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, le fios do Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais inné go bhfuil an Roinn “ag breathnú ar na bealaí” a bhféadfaí na comhlachtaí sin a thabhairt isteach faoi scáth an Achta.

“Má oibríonn an rud atá beartaithe, bheadh sé i gceist go dtiocfadh sé isteach le himeacht ama, agus de réir a chéile bheadh an Ghaeilge ar an radar agus conarthaí stáit i Ranna eile á gcur ar tairiscint,” a dúirt Mac Cormaic.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an scéal go bhfuil na féidearthachtaí sin á bhfiosrú agus súil ag Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, a bhí i láthair ag cruinniú an lae inné, casadh le Mac Cormaic leis na moltaí a phlé.

“Sin moladh a bhí againne i gConradh na Gaeilge ón tús. Luamar i gcónaí go mbeadh dualgais ar na comhlachtaí a fhaigheann conarthaí ón stát i leith na Gaeilge. Tá mé sásta gur luaigh Aodhán inné é agus ba mhaith linn na moltaí atá aige a phlé.

“Tá sé an-éasca a thuiscint go bhfuil conarthaí á mbronnadh ar ghrúpaí le seirbhísí a sholáthar don phobal nach bhfuil ag freastal orthu siúd ar mhian leo a saol a chaitheamh i nGaeilge. Caithfidh rud éigin a bheith ann, agus ba chóir go mbeadh dualgais teanga luaite le haon chonradh a thagann amach ó eagraíocht a thagann faoi scáth an Achta,” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie.

Tá plé déanta cheana ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar an gceist seo agus luaigh sé go sonrach sa cháipéis a d’fhoilsigh sé níos luaithe i mbliana, Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga.

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil “impleachtaí móra” ag an mbéim áirithe a leagtar ar “sheachfhoinsiú seirbhísí” do líon agus réimse na seirbhísí a chuireann an Stát ar fáil don phobal a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus do na dualgais agus na cearta teanga a eascraíonn as.

Luaigh Ó Domhnaill cás Eircode, an córas cód poist a dhear an comhlacht príobháideach Capita in 2015, mar shampla. Dúirt sé gurbh é dearadh agus dáileadh na gcód poist an ghníomhaíocht aonair Stáit ba mhó riamh a tharraing gearáin ón bpobal lena oifig agus gur trí chonradh a bronnadh ar Capita a tugadh faoin ngníomhaíocht sin.

“Níor mhór na dualgais reachtúla teanga a shoiléiriú, agus cé air atá na dualgais, sa chás go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál éigin eile seirbhís a sholáthar don phobal thar a cheann nó feidhmiú thar a cheann agus iad ag déileáil leis an bpobal,” a dúirt Ó Domhnaill.

Thug an Coimisinéir le fios chomh maith go bhféadfadh Aire na Gaeltachta “i gcúinsí áirithe” comhlachtaí príobháideacha a thabhairt isteach faoi scáth an Achta mar atá, ach rialachán a dhéanamh chuige sin.

Dúirt Mac Cormaic ag an gcruinniú coiste inné freisin nach raibh sé i gceist ag an Roinn faoi láthair comhlachtaí príobháideacha eile a chuireann seirbhísí ar fáil, beag beann ar chonarthaí stáit, a tharraingt isteach faoi scáth an Achta.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta ag smaoineamh ar chomhlachtaí príobháideacha áirithe a thabhairt faoi reachtaíocht nua'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá mhéad comhlacht tógála bruscair a fheidhmíonn sa Ghaeltacht nó a chuireann seirbhís tógála bruscair ar fáil sa Ghaeltacht – go hiomlán i mBéarla?? Nach seo seirbhís tábhachtach, riachtanach d’achan duine agus gan faic á dhéanamh chun aitheantas a thabhairt do cheantracha Gaeltachta ná don Ghaeilg.