Roimh na hUltaigh agus na Connachtaigh a bheidh na dúshláin is mó

Ba dheacair a shamhlú go mbeidh bua arís le pointe bónais i dtrí chluiche as ceithre cinn ag na Cúigí an deireadh seachtaine seo

Roimh na hUltaigh agus na Connachtaigh a bheidh na dúshláin is mó

Pat Lam. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ná bíodh aon dul amú ort,  beidh sé an-deacair ag Cúigí na hÉireann an toradh céanna a fuair siad i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite a fháil i mBabhta 4, cluichí a bheas á n-imirt an Satharn agus an Domhnach seo.

Leis an bhfírinne a dhéanamh, ba dheacair bua a fháil arís le pointe bónais i dtrí chluiche as ceithre cinn an deireadh seachtaine seo agus péire de na foirne a d’aimsigh iad ag imirt as baile. 

I measc na bhfoirne a bheas ar an mbóthar, beidh na Muimhnigh ag cur chun páirce i gcoinne na Leicester Tigers ar an Welford Road. Níl aon amhras ann ach go mbeidh na Tigers, foireann a buaigh gradam churaidh an chomórtais faoi dhó ar thóir díoltais de bharr an ghreadadh 38:0 a fuair siad i Luimneach an Satharn seo caite. Chuirfeadh sé iontas ar dhuine dá bhfágfaí na Tigers  d’uireasa aon scór arís sa gcluiche seo, go háirithe agus buntáiste an bhaile acu.  Mar sin féin caithfidh siad feabhas mór a chur ar an taispeántas lag a chonaic muid uathu i mBabhta 3.

San Aviva a bheas na Laighnigh, agus iad ag cur fáilte roimh fhoireann Northampton agus fir Átha Cliath ag súil le ceithre úd eile a aimsiú ina gcoinne don dara cluiche as a chéile. Tá mise den tuairim gur beag suim a bheas ag na Sasanaigh sa gcluiche seo. Níl ach bua amháin tugtha leo acu as trí chluiche sa gcomórtas go dtí seo, fágann sin nach mórán seans atá acu cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais. Fágann sin go bhfuil seans maith ann go bhféadfadh cluiche bog agus bua réasúnta éasca eile a bheith ag foireann Leo Cullen i mBabhta 4.

Ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh ar thóir díoltais i gcoinne Wasps, foireann a fuair an ceann is fearr orthu i mBabhta 3. Is buntáiste mór d’aon fhoireann a bheith ag imirt sa mbaile sa gcomórtas seo, sin má bhíonn na gnéithe bunúsacha i gceart. Cé nach raibh an lá leo i mBabhta 3, bhí clibirt éifeachtach ag Cúige Chonnacht ach lig an síneadh amach síos go dona iad. Má tharlaíonn sé sin arís an Satharn seo, beidh deacrachtaí ollmhóra acu in ainneoin iad a bheith ag imirt sa mbaile. 

Seans gur roimh na hUltaigh a bheidh an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo.  Tá siad sin ag taisteal go dtí limistéar na nAlp, go dtí Stade Marcel Michelin, le tabhairt faoi Clermont. Cinnte, bhí bua iontach ag na hUltaigh i mBéal Feirste i mBabhta 3, bua nach raibh aon súil leis. Fuair na hUltaigh cúig úd sa gcluiche sin ach d’aimsigh na Francaigh ceithre úd agus dhá pointe bónais dá gcuid féin. Tabharfaidh an tsár-imirt sin agus iad as baile misneach agus dóchas do Clermont i mBabhta 4. Tá mise ag tuar bua eile sa mbaile do na Francaigh.

 Ní chailleann Clermont agus iad ag imirt sa mbaile!

Fág freagra ar 'Roimh na hUltaigh agus na Connachtaigh a bheidh na dúshláin is mó'