‘Roghanna’ maidir le ceapachán chomharba Mháire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge fós á meas

Ní fios go fóill cé acu an líonfar an folúntas nó an gcinnfear cúraimí an stiúrthóra a leagan ar Rúnaí Cúnta agus d’fhéadfadh gur i ndiaidh thoghchán na bliana seo chugainn a dhéanfaí an cinneadh

An Taoiseach le Máire Killoran, Stiúrthóir na Gaeilge ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Máire Killoran, Stiúrthóir na Gaeilge ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag éirí as an tseachtain seo chugainn

Níl aon chinneadh déanta fós maidir le ceapachán Stiúrthóir na Gaeilge nua i Roinn na Gaeltachta.

Thug an tAire Gaeltachta Joe McHugh le fios an tseachtain seo go raibh “roghanna” fós á plé i gcás an fholúntais don státseirbhíseach is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit.

Ba i dtús mhí Dheireadh Fómhair a chéadtuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost i Lucsamburg mar Stiúrthóir ar an Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

Ní fios go fóill, áfach, cé acu an líonfar an folúntas nó an gcinnfear cúramaí an stiúrthóra a leagan ar Rúnaí Cúnta.

D’fhéadfadh chomh maith gur i ndiaidh thoghchán na bliana seo chugainn a dhéanfaí an cinneadh.

Bheadh a fhios an uair sin an mbeadh aon athrú le déanamh ar struchtúr na roinne a bhfuil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi láthair uirthi.

Ní fios go fóill ach an oiread an comórtas inmheánach nó comórtas seachtrach a bheadh i gceist sa chás go mbeadh Stiúrthóir nua le ceapadh.

Sa chás nach gceapfaí éinne mar Stiúrthóir na Gaeilge, d’fhéadfaí cúram na Gaeilge a chur faoi dhuine de na Rúnaithe Cúnta atá ag plé le réimsí eile d’obair na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.

Sa chás go reáchtálfaí comórtas inmheánach don fholúntas, bheadh deis ag éinne ag grád Príomh-Oifigigh sa státseirbhís dul san iomaíocht, fad is a bheadh Gaeilge acu.

Dá gceadófaí comórtas seachtrach, bheadh cead ag daoine lasmuigh den státseirbhís cur isteach chomh maith ar an bpost.

Agus ceist Dála faoin bhfolúntas á freagairt aige an tseachtain seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh “na roghanna sa chás seo á meas faoi láthair” agus go ndéanfaí cinneadh “go luath, i gcomhairle leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe”.

Bhí an tAire McHugh ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Roghanna’ maidir le ceapachán chomharba Mháire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge fós á meas'

  • Jake MacSiacais

    Go n-éirí le Máire sa Lucsamburg.