Rogha saoil: peann nó clann?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht cruthaitheach. An tseachtain seo: lena chuid oibre a bhíonn an t-ealaíontóir pósta, rud a fhágann céile agus clann in áit na leathphingine

Rogha saoil: peann nó clann?

Tá mo mháthair ag stopadh liom faoi láthair, ach maidin inniu, b’éigean dom iarraidh uirthi dul ar shiúlóid bheag. Dúirt mé léi gan teacht ar ais go ceann uair an chloig go leith. Is aoibhinn liom í a bheith ar cuairt, ach tá an colún seo le scríobh agam.

Dála mórchuid scríbhneoirí eile, ní bhím in ann oiread agus focal a chur ar phár nuair a bhíonn gaolta thart orm – fiú má thugann siad geallúint fanacht ina dtost. Aisteach go leor, ní bhíonn deacracht ar bith ag mórán údar (mé féin san áireamh) dul i mbun pinn agus scata stráinséirí thart orthu ag déanamh gleo – i dteach caife, mar shampla. Ach tá rud éigin faoin ngaol gairid – agus go deimhin faoin leannán grá – a chuireann bac iomlán ar an scríbhneoireacht.

Obair aonaránach í an scríbhneoireacht. Bíonn tréimhsí fada ar an gcúlráid ag teastáil chun saothar ar bith a thabhairt chun críche. Ciallaíonn sé sin go mbíonn rogha saoil le déanamh ag an té a bheadh ag iarraidh teacht i dtír go hiomlán ar an bpeann: lena chuid oibre a bhíonn an scríbhneoir pósta, agus ní bhíonn mórán ama aige do bhean, fear nó clann. 

Níor chuir sé as do mo mháthair gur iarr mé uirthi dul amach ag siúl ar ball beag. Is maith a thuigeann sí nach féidir léi a bheith i láthair nuair a bhím ag obair; bhí sí pósta, tráth, le fear a raibh an deacracht chéanna ag baint leis.

Cumadóir ceoil a bhí i m’athair.

Rinne sé athchóiriú ar an teach ionas nach gcloisfí aon ghleo sa seomra ina mbíodh sé ag obair. Nuair ba léir dó nár leor an t-insliú fuaime sin mar chosaint i gcoinne challán a chlainne cheannaigh sé píosa talamh bán i bpoldar tréigthe, áit a gcuireadh sé suas puball gach deis a d’fhaigheadh sé chun éalú uainn agus cúpla lá a chaitheamh ag cumadh.

Mhothaigh muid uainn é. Scar mo mháthair uaidh sa deireadh, agus bhí mé féin agus mo dheartháir óg ró-óg le tuiscint go mbeadh an spás céanna ag teastáil uainn féin, lá níos faide anonn.

A bhuíochas le mo chlaonadh gnéis, ní raibh orm féin rogha a dhéanamh idir páistí agus peann. Ach fuair mé amach in imeacht na mblianta (agus ní gan chrá croí) nach bhfuilim in ann cónaí in aontíos le leannán. I mo chás-sa, pé scéal é, tagann an leannán cónaitheach agus an scríbhneoireacht salach ar a chéile.

Mar sin féin, bhí an t-ádh liom. Tá bean chéile agus maicín cúig bliana d’aois ag mo dheartháir óg. Péintéir é mo dheartháir. Le blianta beaga anuas, éiríonn leis lá amháin sa tseachtain a chaitheamh i stiúideo oibre a bhíonn á roinnt aige le healaíontóirí eile, ach ní gan dua ar éirigh leis an fhuascailt ghearr sheachtainiúil sin a fháil óna chuid dualgas mar fhear céile, mar athair, agus mar phríomhshaothraí an líon tí.

Bíonn roghanna saoil deacair.

Go minic, bíonn comhréiteach i gceist. Is é mo thuairim dhuairc féin, áfach, ná go bhfaighidh gach scríbhneoir (agus go deimhin gach ealaíontóir) amach luath nó mall nach sásaíonn comhréiteach an Bhé. 

Éilíonn sí géilleadh gan choinníoll.