‘Rocky Rosmuc’ agus lánchúlaí sacair na hÉireann

Sladmhargadh - £1,000 ar cheart craolta do RnaG do phobal bídeach éisteachta, a raibh na céadta bliain caite faoi chois acu agus a bhí ag iarraidh a dteanga féin a chaomhnú, ainneoin deacrachtaí an tsaoil

Sean Mannion Errol Christie
‘Rocky Rosmuc’, Seán Ó Mainnín agus Errol Christie

Agus é féin agus imreoirí eile na hÉireann fillte ar Versailles agus dhá dtrian den imirt déanta acu sna chéad bhabhtaí de Chraobh Sacair na hEorpa, níl a fhios agam cé chomh maith agus a thuigeann an lánchúlaí Cyrus Christie go mba mhór i gceist uncail dá chuid sa tír seo agus go háirithe sa nGaeltacht deich mbliana fichead ó shin.

Is éard a thug sin faoi deara gur throid sé siúd, Errol Christie, agus ‘Rocky Rosmuc’, Seán Ó Mainnín, a chéile san Alexandra Palace i Haringey i Londain i mí Mheán Fómhair 1986, dhá bhliain go díreach tar éis don Mhainníneach Mike McCallum a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Garden.

Deich mbliana fichead a bhí Seán ag an am sin agus an bua faighte aige sna hocht dtroid a bhí déanta aige i Meiriceá ó bhuaigh McCallum air. Bhí Christie 7 mbliana níos óige ná sin. Ní gan údar a bhíothas a thuar go mbeadh seisean ar dhuine de mhórthrodaithe na Breataine – bhí craobhacha amaitéaracha a thíre buaite 10 n-uaire aige, rud nach ndearna aon duine roimhe ná ó shin.

Faoin am ar throid sé an Mainníneach, bhí 23 de na 25 coimhlint ghairmiúil a bhí déanta aige buaite ag Christie agus a chéile comhraic leagtha amach nó stoptha aige i 20 de na buanna sin. Orthu siúd a raibh babhtaí traenála déanta aige leo sa gcró dornálaíochta bhí Muhammad Ali agus Sugar Ray Leonard.

Ba é an bolscaire cáiliúil Mickey Duff a bhí i mbun eagrúcháin ar an troid. I Krakow na Polainne a saolaíodh é siúd, ach thug a athair, Raibí Giúdach, a theaghlach go Sasana i ndeireadh na 1930idí agus iad ag teitheadh ó na Naitsithe. Ansiúd thug a mhac (arbh Monek Prager an t-ainm ceart a bhí air) Mickey Duff air féin agus chuaigh ag plé le heagrú troideanna. Le linn a shaoil rinne sé a leithéid do sheisear déag a bhí ina Seaimpíní Domhanda, ina measc Howard Winstone, Jim Watt, Alan Minter, Lloyd Honeyghan, Terry Downes, John Conteh, Joe Calzaghe, Frank Bruno agus Barry McGuigan.

Rinne Raidió na Gaeltachta craoladh ar an troid idir Seán Ó Mainnín agus Errol Christie i 1986 agus tá cuimhne mhaith agam ar ghlaoch gutháin a chur ar Duff ag iarraidh cead air an troid a chraoladh. Bhí a fhios agam go mba le suimeanna ollmhóra airgid agus le comhlachtaí ar nós an BBC agus ITV ba mhó a bhaineadh an comhrá ba ghnách lena leithéid a dhéanamh faoi na cúrsaí sin, ach ós rud é go raibh beagán dá chúlra pearsanta ar eolas agam chuaigh mé sa seans. Mhínigh mé do Duff  gur do phobal bídeach éisteachta, a raibh na céadta bliain caite faoi chois acu agus a bhí ag iarraidh a dteanga féin a chaomhnú, ainneoin deacrachtaí an tsaoil, a bhí na cearta uaim. Bhí mé chomh dána gur luaigh mé go mb’fhéidir go mbeadh sé ina chroí iad sin a thabhairt in aisce dom!

Shamhlóinn go raibh todóg ina bhéal agus a dhá chos in airde ar an deasc aige agus é ag éisteacht le mo chuid achainí agus gan amhras ba leis an diúltú a bhí mé ag súil –  sin nó le suim airgid nach mbeadh ar mo chumas a thairiscint dó.

Rinne Duff gáire sular labhair sé. “Listening to what you have said, I feel that it is me who should be paying you, son. But I’ll tell you what, get your commentator to bring £1,000 cash and the gig is yours.”

Scéal eile is ea an t-anró a bhain leis an méid sin airgead tirim a phróiseáil tríd an gcóras fadálach, maorlathach airgeadais a bhí i réim ag mo chuid fostóirí agus ní déarfaidh mé faoi láthair ach gur thángthas ar phlean.

Sheas an óige go maith do Errol Christie sa troid sin. Bhain an Mainníneach cúpla croitheadh as sna babhtaí láir, ach bhuaigh an Sasanach ar phointí faoi dheireadh, a chéile comhraic fós ar a chosa, rud nach raibh le rá ag triúr agus fiche acu siúd a chuaigh roimhe.

Bhásaigh Mickey Duff cúpla bliain ó shin agus tá aiféala orm a chloisteáil go bhfuil Errol Christie ag coimhlint leis an ailse faoi láthair agus gan é ach cúpla bliain le cois an leathchéid.

Ar an bpríomhbhabhta san Alexandra Palace an oíche sin i Meán Fómhair 1986 bhí troid trom-mheáchain idir beirt Mheiriceánach – Johnny Evans agus Tyrell Biggs, fear a chonaic mé ag buachan an bhonn óir sa roinn chéanna ag na Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles dhá bhliain roimhe, áit ar bhfuair sé an ceann ab fhearr ar Lennox Lewis i mbabhta ceathrú ceannais.

Go gairid tar éis na gCluichí, chuaigh Biggs ag plé leis an dornálaíocht ghairmiúil é féin agus bhuaigh na 15 troid ba thúisce a rinne sé – an ceann sin i Londain san áireamh. Bliain dar gcionn throid sé féin agus Mike Tyson a chéile in Atlantic City, áit ar choinnigh Tyson greim ar Chorónacha an Domhain nuair a stopadh an choimhlint  sa 7ú babhta.

Ní móide gur ar airgead fánach a gheobhainn an ceann sin ó Mickey Duff!

Fág freagra ar '‘Rocky Rosmuc’ agus lánchúlaí sacair na hÉireann'