RnaG chun cloí lena bpolasaí ainmneacha Béarla a aistriú go Gaeilge

Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le tamall ar a bpolasaí maidir le hainmneacha imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

RnaG chun cloí lena bpolasaí ainmneacha Béarla a aistriú go Gaeilge

Tá cinneadh déanta ag RTÉ RnaG cloí lena bpolasaí ainmneacha imreoirí CLG a aistriú go Gaeilge.

Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le tamall ar a bpolasaí maidir le hainmneacha imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tugtar le fios i Plean Straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2017, go bhféachfar ar ainmneacha agus sloinnte imreoirí spóirt agus ionadaithe poiblí a fhágáil “sa teanga a roghnaíonn siad féin, seachas bheith dhá n-aistriú”.

Ach thug urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfuil cinneadh déanta anois an polasaí a fhágáil mar atá.

Bhí ceist na n-ainmneacha i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta arís inné nuair a cheistigh an tráchtaire spóirt Marcus Ó Buachalla an nós i gcraoltóireacht na Gaeilge ainmneacha Béarla a aistriú go Gaeilge.

Chaith an tráchtaire amhras ansin ar pholasaí RTÉ RnaG ainmneacha imreoirí CLG a aistriú.

Mheas Alan Milton, Ceannaire Cumarsáide CLG, nach raibh aon dochar sa pholasaí agus go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé ‘an Gaelachas’ chun cinn.

Thug urlabhraí ó RTÉ RnaG le fios do Tuairisc.ie go raibh cinneadh déanta cloí leis an bpolasaí ainmneacha imreoirí a aistriú toisc go raibh a leithéid ag teacht le polasaí CLG féin go gcláraítear ainm gach imreora i nGaeilge.

Dúirt an t-iarthráchtaire agus iarchraoltóir le RnaG, Mícheál Ó Sé, cheana go raibh míthuiscint ar dhaoine maidir le polasaí seo an stáisiúin.

“Tá an cheist uile faoi chúram Uachtarán nó Ard-Stiúrthóir CLG agus ba cheart dóibhsean an rud a dhéanamh níos soiléire.”

Ba é tuairim Uí Shé gur le gach duine a ainm féin agus aon duine atá ag iarraidh go mbeadh a ainm i mBéarla go bhfuil an ceart sin aige.

Dúirt sé, áfach, nach bhfuair sé oiread agus gearán amháin faoi a bheith ag aistriú ainmneacha go Gaeilge in imeacht na mblianta fada a thug sé i mbun tráchtaireachta.