Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Dé Sathairn, 13 Lúnasa

Dornálaíocht Rio banner

15:15 – Brendan Irvine v Shakhobidin Zoirov (an Úisbéiceastáin) – Cuilmheáchan 52kg (Babhta an 16)

16:15 – Steven Donnelly v Mohammed Rabii (Maracó) – Marcmheáchan 69kg (Babhta Ceathrú Ceannais)

Galf Rio banner

13:36 – Padraig Harrington – Babhta 3

12:52 – Séamus Power – Babhta 3

Rámhaíocht Rio banner.-

14:00 – Sanita Puspure – Bád Aonair (Babhta Ceannais C)

Sports Rio Banner

17:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 4)

17:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 4)

17:15 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 9)

17:05 – Finn Lynch – Laser (Rás 9)

18:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 5)

18:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 5)

18:40 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 10)

18:30 – Finn Lynch – Laser (Rás 10)

19:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 6)

19:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 6)

Badmantan-Rio-banner

23:55 – Scott Evans v Ygor Coelho De Oliveira (an Bhrasaíl) – Grúpa K (Cluiche 2)

Rothaíocht Rio banner

14:00 – Shannon McCurley-Keirin (Babhta Cáilithe)

14:44 – Shannon McCurley-Keirin (Repechage)

20:22 – Shannon McCurley-Keirin (Babhta Cáilithe 2)

21:33 – Shannon McCurley-Keirin (Babhta Ceannais)

Lúthchleasaíocht-Rio-banner

14:05 – Michelle Finn, Sara Louise Treacy & Kerry O’Flaherty – Léimrás 3,000m (Babhta Cáilithe)

02:05 – Mark English – 800m (Babhta Leathcheannais)


Mark English. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol
Mark English. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol

Iomaitheoir an Lae – Mark English (800m)

Agus boinn buaite ag fear Thír Chonaill ag craobhacha na hEorpa in 2014 agus 2015, tá English ar dhuine de na lúthchleasaithe is fearr atá againn i Rio. Bhí a bhabhta cáilithe aige inné agus cé gur chur sé tús mall leis an rás, d’oibrigh English go crua sa dara 400m chun críochnú sa tríú háit agus áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais inniu.

Thóg sé 1:46.40 air an 800m a rith inné agus beidh feabhas mór ag teastáil tráthnóna má tá sé chun rás na mbonn a bhaint amach. Dar leis féin, beidh 1:44 ag teastáil uaidh chun áit a bhaint amach sa rás sin. Ba ghá a sháriarracht phearsanta a shárú chun go mbeadh seans aige é sin a dhéanamh.

Michael Phelps. Pictiúr: Inpho/Photosport /Marty Melville
Michael Phelps. Pictiúr: Inpho/Photosport /Marty Melville

Rogha an Lae

Aon duine a bheidh ag teacht abhaile ón dteach tábhairne déanach anocht, beidh deis acu an gaiscíoch Oilimpeach is rathúla riamh a fheiceáil ina rás deireanach sna Cluichí. Ag 03:04 maidin Dé Domhnaigh fágfaidh Michael Phelps slán leis na cluichí Oilimpeacha agus é sa tóir ar bhonn eile mar chuid d’fhoireann na Stáit Aontaithe a bheidh ag glacadh páirte sa rás meascra 4x100m.

Beagáinín níos luaithe, ag 02:37, beidh Shelly-Ann Fraser-Pryce na hIamáice ag iarraidh bonn óir a bhuachan sa rás 100m don tríú huair as a chéíle ag Cluichí Oilimpeacha as a chéile. Má éiríonn léi, b’í an chéad bhean riamh a leithéid de ghaisce a dhéanamh, ach is í a comhghleacaí, Elaine Thompson agus Dafne Schippers (an Ísiltír) rogha na coitiantachta don bhonn óir. I rás 10,000m na bhfear ag 01:27, beidh Mo Farah ag iarraidh an chraobh a bhuaigh sé i Londain a thabhairt leis arís.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'