Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Dé Luain, 8 Lúnasa

 

Dornálaíocht Rio banner

3.45i.n. – Paddy Barnes v Samuel Carmona Heredia (an Spáinn) – Cuilmheáchan Éadroim 49kg (Babhta an 16)

Rámhaíocht Rio banner.-

3.30i.n. – Sinéad Jennings & Claire Lambe – Bád Beirte Éadrom (Réamhbhabhta)

3.50i.n. – Gary & Paul O’Donovan – Bád Beirte Éadrom (Réamhbhabhta)

Seómharcaíocht-Rio-banner

2.00i.n. – Claire Abbott, Jonty Evans, Mark Kyle & Padraig McCarthy – Seómharcaíocht Foirne & Seómharcaíocht Aonair (Trastíre)

seoltoireacht

5.05i.n. – Finn Lynch – Laser (Rás 1)

5.15i.n. – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 1)

6.30i.n. – Finn Lynch – Laser (Rás 2)

6.40i.n. – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás 2)


Annalise Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Annalise Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Iomaitheoir an Lae – Annalise Murphy ag seoltóireacht

Is cinnte go bhfuil ceithre bliana caite ag Annalise Murphy ag tnúth leis an lá seo. An briseadh croí a bhí i ndán di sa deireadh i Londain nuair a chríochnaigh sí sa cheathrú háit ag Cluichí 2012. Bhí an chuma ar an scéal ar feadh i bhfad go dtabharfadh sí bonn léi ach thit an tóin as a hiarracht sa deireadh agus beidh sí ag súil sin a chúiteamh i Rio.

Bíonn deich rás ann sa tseoltóireacht agus is féidir le drochrás amháin deireadh a chur le do sheans. Is maith a thuigeann Murphy é sin agus ba chóir go seasfadh a taithí léi.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'