Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Paul Pollock, Kevin Seaward agus Mick Clohisey. INPHO/Karel Delvoije

Dé Domhnaigh, 21 Lúnasa

Lúthchleasaíocht-Rio-banner

13:30– Kevin Seaward, Mick Clohissey & Paul Pollock– Maratón

Paul Pollock. INPHO/Karel Delvoije
Paul Pollock. INPHO/Karel Delvoije

Iomaitheoir an Lae – Paul Pollock – Maratón

Ní hé Pollock an reathaí is tapa atá ar fhoireann na hÉireann sa mharatón ach is é a tharraing an chaint is mó roimh Rio. Tharraing roghnú Pollock conspóid ag deireadh mhí Bealtaine nuair a fuair sé áit ag na Cluichí Oilimpeacha in áit Sergiu Ciobanu, a chríochnaigh chun cinn ar Pollock ag Maratón Bheirlín ag deireadh 2015. Dúirt Ciobanu, arb as an Mholdóiv é ó dhúchas, go mbeadh áit bainte amach aige ar an bhfoireann dá dtarlódh gur ‘san Aonach nó i gCill Airne’ a saolaíodh é.

Chloígh an OCI le cinneadh Chumann Lúthchleasaíochta na hÉireann Pollock a roghnú agus glacfaidh sé páirt sa mharatón i Rio taobh le Mick Clohisey agus Kevin Seaward. Is beag seans go bhfaighidh ceachtar den triúr bonn óir tá a gcuid sáriarrachtaí pearsanta, 2:15:38 (Pollock), 2:15:11 (Clohisey) agus 2:14:52 (Seaward) uile breis is 10 nóiméad níos moille ná na reathaithe is tapa a bheidh sa rás tráthnóna.