Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Thomas Barr. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Déardaoin, 18 Lúnasa

Galf Rio banner

13:25 – Leona Maguire – Babhta 2

14:47 – Stephanie Meadow – Babhta 2

Lúthchleasaíocht-Rio-banner

16:00 – Thomas Barr – Cliathrás 400m (Babhta Ceannais)

Triathlon-Rio-Banner

15:00 – Bryan Keane – Babhta Ceannais

Peantatlan-Rio-Banner

14:00 – Natalya Coyle – Pionsóireacht

18:30 – Arthur Lannigan-O’Keefe – Pionsóireacht


Natalya Coyle. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Natalya Coyle. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Iomaitheoir an Lae – Natalya Coyle – Peantatlan

Tá an peantatlan ar cheann de na spóirt ag na Cluichí Oilimpeacha is lú a bhfuil eolas ag an bpobal air ach tá seans láidir againn bonn a bhuachan ann i Rio. Chomh maith le Arthur Lannigan-O’Keefe, a bhuaigh Craobh na hEorpa in 2015, beidh Natalya Coyle san iomaíocht agus í ag iarraidh an 9ú háit a bhain sí amach i Londain 2012 a shárú.

Bhí roinnt deacrachtaí ag bean na Mí ó shin de bharr gortuithe agus drochthaispeántas ach tá éirithe go maith léi ina cuid ullmhúcháin le cúpla seachtain anuas. Ní hí an phionsóireacht, atá ar siúl tráthnóna, an disciplín is láidre atá ag Coyle ach maireann an comórtas seo trí lá agus ní bheidh uaithi tar éis an lae inniu ach a bheith fós san iomaíocht.

Usain Bolt. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Usain Bolt. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Rogha an Lae

Ní amháin go bhfuil Usain Bolt ag iarraidh curiarracht dhomhanda an 200m a bhriseadh anocht ag 02:30, ach tá sé fós sa tóir ar an ‘triple triple’ chomh maith agus é ag súil le boinn óir a bhuachan sa 100m, 200m agus 4x100m ag trí Chluichí Oilimpeacha as a chéile, éacht nach bhfuil déanta rag aon duine roimhe seo.

Agus é beagnach 30 bliain d’aois, tá gach seans ann nach bhfeicfidh muid Bolt san iomaíocht ag Tóiceo 2020 agus, mar sin, beidh fonn air Rio a fhágáil agus é i mbarr a réime. Cháiligh sé don bhabhta ceannais gan mórán stró agus, mar a bhí sa rás 100m, is é Justin Gatlin is mó a bheidh san iomaíocht leis sa rás 200m. Ach an oiread leis an rás 100m, meastar gurb é Bolt a thabharfaidh an lá leis.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'

  • Eoin

    Níor éirigh le Justin Gatlin áit a bhaint amach sa mbabhta ceannais, mar sin is dócha gurb é De Grasse Cheanada an bhagairt is mó atá roimh Usain Bolt anocht. Tá súil agam go dtabharfaidh sé an lá leis, tá bua s’aige sa rás 100m i mBéising fós ar cheann de na héachtaí is mó dá bhfaca mé riamh i spórt ar bith.