Dé Luain, 15 Lúnasa
15:15 – Sara Treacy – Léimrás 3,000m (Babhta Ceannais)
15:43 – Thomas Barr – Cliathrás 400m (Babhta Cáiltihe)
19:15 – Oliver Dingley – Lingchlár 3m (Réamhbhabhta)
14:00 – Judy Reynolds – Eachaíocht (Babhta Ceannais)
17:05 – Annalise Murphy – Laser Radial (Rás na mBonn)
17:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 7)
17:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 7)
18:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 8)
18:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 8)
19:05 – Matt McGovern & Ryan Seaton – 49er na bhFear (Rás 9)
19:05 – Andrea Brewster & Saskia Tidey – 49er FX na mBan (Rás 9)
15:00 – Katie Taylor v Mira Potkonen (an Fhionlainn) – Éadrom 60kg (Babhta Ceathrú Ceannais)
21:30 – Scott Evans v Viktor Axelsen (an Danmhairg) – Babhta an 16
Iomaitheoir an Lae – Oliver Dingley (Tumadóireacht)
Is as Harrogate i dtuaisceart Shasana Dingley ó dhúchas agus is beag nár bhain sé áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain don Bhreatain Mhór. Is as Corcaigh a sheanmháthair áfach agus tá cinneadh anois déanta aige ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn.
Cé gurb iad seo na chéad Chluichí Oilimpeacha aige, rinne sé go maith i mórchomórtas roimhe seo agus bhuaigh bonn cré-umha i gCluichí an Chomhlathais in 2014.
Ní raibh ach aon deis amháin aige áit a bhaint amach i Rio ach d’éirigh leis tar éis dó críochnú sa 11ú háit ag Corn Tumadóireachta an Domhain i mí Feabhra. Beidh Dingley sa réamhbhabhta agus é ag iarraidh áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais ar an Máirt.
Tiarnán
Katie ag 15.00, is cosúil.