RIO 2016: Na botúin is mó ag searmanais oscailte na gCluichí Oilimpeacha…

Cé go ndéantar ualach ullmhúcháin agus go mbíonn cleachtadh arís agus arís eile i gceist, tarlaíonn botúin ag searmanais oscailte na gCluichí Oilimpeacha

RIO 2016: Na botúin is mó ag searmanais oscailte na gCluichí Oilimpeacha…

Bíonn searmanas na hoscailte ar cheann de bhuaicphointí na gCluichí Oilimpeacha i gcónaí. Is é an searmanas a chuireann tús leis na cluichí agus meallann sé fiú daoine nach bhfuil suim dá laghad acu sa spórt.

É sin ráite, ní i gcónaí a bhíonn an taispeántas gan locht. Fiú an tseachtain seo, bhí achrann ann sa Bhrasaíl faoi mhír a bhí le bheith sa searmanas ina robálfaí an mainicín Brasaíleach Gisele Bündchen. Rinneadh gearán go raibh an mhír ciníoch toisc gur buachaill dubh a bhí sa ghadaí agus gearradh as an taispeántas í.

Cé go ndéantar ualach ullmhúcháin agus go mbíonn cleachtadh arís agus arís eile i gceist, tarlaíonn botúin, mar atá feicthe againn roimhe seo…

Beijing 2008

Meastar searmanas oscailte Chluichí Oilimpeacha 2008 i mBéising ar cheann de na cinn is fearr a bhí ann. Ghlac os cionn 15,000 duine páirt san ócáid, a mhair ceithre huaire an chloig.

Ceann de na míreanna is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ná amhrán Lin Miaoke, cailín óg naoi mbliana d’aois a chan ‘Ode to the Motherland’  os comhair 90,000 duine sa staid agus na billiúin eile ar an teilifís.

Níor thuig daoine cén chaoi a bhféadfadh gasúr chomh óg a bheith chomh socair sin agus í ag canadh os comhair an oiread sin daoine ach bhí freagra éasca ar an gceist sin. Ní raibh sí ag canadh ar chor ar bith. Ní raibh Miaoke ach ag déanamh beolbheachtú ar ghlór cailín eile, Yang Peiyi. Is í an chúis nár cuireadh Peiyi féin os comhair an domhain ná gur cheap na heagraithe go raibh fiacla níos fearr ag Miaoke.

Seoul 1988

Ag tús an tsearmanais sa Chóiré Theas i 1988, scaoileadh saor coilm bhána mar chomhartha síochána, Faraor, níor tugadh mórán síochána do na héin bhochta sin. Lean an searmanas ar aghaidh ach, seachas eitilt amach ón staid, choinnigh na coilm orthu ag eitilt timpeall na háite agus shocraigh cuid acu síos sa choire don lasair Oilimpeach. Bhí na héin fós ina suí ann nuair a bhí sé in am an lasair a lasadh. Maraíodh coilm na síochána.

Barcelona 1992

Ceann de na heachtraí is mó a chuimhnítear air ó aon searmanas oscailte ná lasadh na lasrach i Barcelona i 1992.

Lasadh saighead agus scaoileadh í i dtreo an choire chun an lasair a lasadh. Sin an chuma a bhí ar an scéal ar aon nós. Ach iadsan a bhí géarshúileach, chonaic siad nár thit an tsaighead sa choire ar chor ar bith ach d’eitil léi amach as an staid.

Ba lúthchleasaí Parailimpeach, Antonio Rebollo, a scaoil an tsaighead ach dúradh leis í a dhíriú os cionn an choire chun a chinntiú nach dtitfeadh sí taobh istigh den staid. Rinne Rebollo mar a dúradh leis agus cé go raibh an tsaighead díreach, chuaigh sí os cionn an choire agus las teicneoir an lasair le cnaipe. Fuair duine éigin an tsaighead taobh amuigh den staid agus tá sí anois le feiceáil sa Mhúsaem Oilimpeach san Eilvéis.