RIO 2016: ‘Hail the Chief’ ag Cluichí Oilimpeacha ‘Hollywood’

Ba i Los Angeles i 1984 a d’fhreastail ár gcolúnaí ar na Cluichí Oilimpeacha den chéad uair…

RIO 2016: ‘Hail the Chief’ ag Cluichí Oilimpeacha ‘Hollywood’

D’fhág cúrsaí baghcait nach raibh aon choimhlint idir lúthchleasaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Bhloc an Oirthir ag Cluichí Oilimpeacha 1980 agus 1984, ach ná ceap gur fhág sin nach raibh aon iomaíocht idir na tíortha. Iomaíocht eagrúcháin agus bholscaireachta den chuid ba mhó a bhí i gceist – Aontas na Sóivéide ag iarraidh a chruthú don saol mór i Moscó nach i gcúrsaí míleata amháin a thabharfaidís lán a léine d’aon dream, agus na Poncánaigh ag iarraidh barr smaise a chur ar a raibh déanta acu siúd ceithre bliana ina dhiaidh sin i Los Angeles.

Searmanas na hOscailte a leagann amach an fhealsúnacht a bhíonn ag an lucht eagair. Go hiondúil tugtar léargas ann ar stair agus ar chultúr na tíre ina bhfuil an aoichathair agus lena gceart féin a thabhairt dóibh siúd a bhí i Moscó agus in LA, b’in a rinne siad.

I 1980 cuireadh béim ar chairdeas idir chiníocha lena chruthú go raibh aontas idir na 15 Poblacht Shóivéadach agus bhí neart damhsa agus léiriúcháin ina raibh éachtaint ar an áit faoi leith atá ag an gcapall agus ag mbábóg sa taobh sin den domhan. Is beag a cheap gur mar a bhí a bheadh.

Agus iad faoi scáth an fhógra cháiliúil úd a deir ‘Hollywood’, níorbh iontas go mba é an ceol bun agus barr an scéil i Los Angeles, áit ar bhuaigh an cumadóir John Williams gradam Grammy as an gceol téama agus áit ar casadh ‘Rhapsody in Blue’ ar 86 mórphianó. Rinne Disney dearadh ar pharáid a chosnódh an oiread agus go mb’éigean é a chaitheamh i leataobh, ach níor fhág sin nach raibh neart le feiceáil a léirigh conas a ‘saoradh an tIarthar’ agus mar a cuireadh an ‘Aisling Mheiriceánach’ i gcrích.

Ba ghariníon le Jesse Owens a thug an lasair isteach sa Coliseum, áit a raibh mé i mo shuí faoi dhraíocht ag freastal ar na Cluichí Oilimpeacha den chéad uair. Shín sise chuig Rafer Johnson é agus ba é an lúthchleasaí a bhuaigh ór sa deacatlan i 1960 a las an tóirse.

Suite le m’ais bhí tráchtaire dornálaíochta RTÉ, Noel Andrews, deartháir leis an réalta teilifíse, Éamonn, agus fear a raibh trí nó ceathair de shearmanais feicthe aige féin leis na blianta. Anois agus arís dhúnadh sé na súile agus ba dheacair a dhéanamh amach arbh é teas na gréine nó an ceol gaspal a bhí á chur chun suain.

Ag an oscailt sa Staid Oilimpeach i Moscó ceithre bliana roimhe sin, taispeánadh ar an scáileáin mór teachtaireacht bheo ó bheirt spásairí a bhí ag caitheamh 185 lá ar bord an Salyut 6, árthach a bhí suas le 250 míle os cionn dromchla na cruinne agus a bhí ag taisteal ar luas 17,500 msu. Ba le linn a gcuid cainte siúd ba leithne an meangadh ar bhéal Leonid Brezhnev, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh.

Mar fheagra air sin, bhí sé ráite go raibh sé i gceist ag na Meiriceánaigh fear a thabhairt isteach thar bhallaí arda an Coliseum ag úsáid córas soláthair cumhachta ar nós an chinn a thiomáineann scairdeitleán.

B’in go díreach a rinne siad. Ní fhacthas aon amharc ar Bill Suitor go raibh sé le hais na gCiorcal Oilimpeach, scairdinneall ar a dhroim díreach ar an déanamh céanna leis an gcanna a bheadh ar a dhroim ag garraíodóir a bheadh ag cur amach sprae, nó gur thuirling sé i lár an chiorcail a bhí fágtha faoina chomhair i lár an traic.

Cúig nóiméad dár gcionn leaindeáil Ronald Reagan (in ingearán, ní baileach go seansálfadh sé an mála droma) agus bhí an slua le cloisteáil sa gCearnóg Dhearg agus iad ag canadh ‘Hail the Chief’.

Bheadh an t-iomlán ligthe thairis ag Andrews, a bhí faoi réir le tosú ar bhabhta eile suanaíochta, murach gur éirigh liom uillinn a thabhairt dó, mar a bhí ordaithe dom.

Bhí an tslándáil thar a bheith géar, ní nach ionadh, agus cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin nuair a bhí mé féin agus Noel ag déanamh ár mbealach amach as an Coliseum, ba bheag nár cuireadh ar shlatracha ár ndroma sinn agus an FBI, póilíní agus go leor eile nárbh iad ag iarraidh pasáiste sa seastán a bhánú le go dtabharfaí Reagan chun bealaigh. Brúdh siar na céadta againn i mullach a chéile faoi mar a dhéanfá le beithígh a bheadh á lódáil ar thrucail.

Agus an ‘Chief’ imithe, thug mé faoi deara fear le m’ais a raibh loinnir sna bróga bána a bhí air agus an chuma chéanna ar a chuid brístíní agus ar a t-léine. Ba nuair a bhreathnaigh mé ar chlár a éadain a d’aithin mé é – Rafer Johnson, an fear a chuir na Cluichí ar thine.

Anois ní raibh ann ach duine den lucht féachana, fearacht an chuid eile againn.