RIO 2016: Filleann an zika ar an bhfeallaire…

Is maith le Brasaíligh a bheith ag béicíl ag imeachtaí spóirt. Drochtheist ar bhainisteoirí foirne ón iasacht nár ullmhaigh siad na lúthchleasaithe atá faoina gcúram don fheiniméan cultúrtha seo, a scríobhann ár gcolúnaí

RIO 2016: Filleann an zika ar an bhfeallaire…

Hope Solo

Agus í ag fágáil na Stát Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar na Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro, chroch cúl báire fhoireann shacar na mban Mheiriceá, Hope Solo, grianghraf ar na meáin shóisialta ina ndearna sí magadh faoi ráig an víreas zika sa Bhrasaíl. Tá sí ag íoc go daor as anois. Uair ar bith a dtéann an liathróid in aice léi le linn na gCluichí Oilimpeacha, baineann an gháir ‘Óóóóó zika!’ macalla as an staid.

Brasaíligh, ar ndóigh, formhór na ndaoine sa lucht féachana agus tá focal ar leith acu chun cur síos ar a gcuid béicíl sna staideanna: zoeira, magadh a bhfuil sé mar aidhm aige imreoir spóirt a chur dá bhuille.

Ní ar Hope Solo amháin atá na gártha magaidh dírithe. Bíonn an bhéicíl le cloisteáil ag na himeachtaí ar fad; éiríonn muintir na Brasaíle chomh corraithe céanna faoi chluiche leadóg bhoird agus a éiríonn siad faoi chluiche peile.

Nuair a bhí an t-imreoir leadóg bhoird as an mBrasaíl Hugo Calderano i mbun aicsin an deireadh seachtaine seo caite, thosaigh an lucht féachana ag sioscadh aon uair a bhí a chéile comhraic, Tang Peng as Hong Cong, ag seirbheáil. Ag pointe amháin le linn an chluiche, d’imigh Tang Peng ón mbord le teann feirge. An toradh: threisigh an lucht féachana ar an sioscadh.

Ní ar imreoirí spóirt ón iasacht amháin a bhíonn an zoeira dírithe; bíonn réalta sacair na Brasaíle, Neymar, ina cheap magaidh ag an lucht féachana go mion minic.

Le seachtain anuas, tá go leor ráite agus scríofa ag tráchtairí spóirt ar fud an domhain faoi iompar lucht féachana na Brasaíle ag na himeachtaí Oilimpeacha. Chuir tráchtairí áirithe dímheas ina leith; bhí tráchtairí eile faoi dhraíocht ag beocht agus díograis na leantóirí spóirt Brasaíleacha.

D’aontóinn féin leis an dara dream. Gné lárnach de chultúr spóirt na Brasaíle is ea í an zoeira agus – mar a fuair bainisteoirí urláir na n-ionad Oilimpeach amach le seachtain anuas – tá sé fánach ag duine iarracht a dhéanamh í a choinneáil faoi smacht.

Drochtheist ar bhainisteoirí na bhfoirne ón iasacht é nár ullmhaigh siad na lúthchleasaithe atá faoina gcúram don fheiniméan cultúrtha seo. Dá mbeadh oiread ama caite ag Hope Solo ag réiteach don zoeira agus a chaith sí ag réiteach don zika

Fág freagra ar 'RIO 2016: Filleann an zika ar an bhfeallaire…'