RIO 2016: Ceist inscne sa spóirt – lá fireann, lá baineann agus lá idir eatarthu…

Amhras a bheith á chaitheamh anois agus arís ar mhná i ndáiríre a bhíonn i gceist le mórchuid na gcásanna inscne a thagann chun cinn sa spóirt

RIO 2016: Ceist inscne sa spóirt – lá fireann, lá baineann agus lá idir eatarthu…

Ní mé an raibh na Cluichí Oilimpeacha atá ag críochnú inniu i gcúl a hintinne ag Máire Ní Fhinneadha cúpla seachtain ó shin nuair a luaigh sí ar an suíomh seo an nath cainte a bheith ‘lá fireann agus lá baineann’ ach ar ndóigh tá caint tarraingthe ag cúrsaí inscne, i gcomórtais lúthchleasaíochta go háirid, ó thús aimsire agus go siúráilte ó thosaigh an iomaíocht idirnáisiúnta.

Amhras a bheith á chaitheamh anois agus arís ar mhná i ndáiríre a bhíonn i gceist le mórchuid na gcásanna a thagann chun cinn.

Insíonn an stair dúinn ar ndóigh gur tharla a leithéid ar pháirceanna an áir – Jeanne d’Arc, cuir i gcás, a lig uirthi féin go mba fear í go bhfaigheadh sí cead troda sa gCogadh 100 Bliain agus Sasanach darbh ainm Dorothy Lawrence a throid sna trinsí sa Somme sa gCogadh Mór agus a mhair go dtí 1964.

An tráth úd agus go deimhin go dtí le gairid, bhí glacadh le bealach simplí go leor a ‘chruthódh’ arbh ag cur i gcéill nó nárbh ea a bhí siad siúd a bhí ag iarradh a n-inscne a mhalartú – cuma ar chun fill a bhíodar á dhéanamh nó gurbh é sin a nádúr. Ba é sin iad a nochtadh go craiceann. Ba é an córas sin a bhíodh i bhfeidhm i gcúrsaí spóirt freisin gur tháinig na 1970idí nach mór.

Ag na Cluichí Oilimpeacha a reáchtáladh idir dheireadh na 1940idí agus tús na ’90idí ba mhinice an scéal sa nuacht, an t-am a raibh an Cogadh Fuar ar bun agus Blocanna an Iarthair agus an Oirthir ag iarradh chuile sheans a thapú le sárú agus náiriú a dhéanamh ar an taobh eile.

Ach fiú roimhe sin, thagadh cás na hinscne chun cinn i gcúrsaí spóirt anois agus arís agus ní raibh scéal níos cáiliúla ná an ceann a bhain le Stanisława Walasiewicz.

Agus í ina girseach bheag chuaigh teaghlach Walasiewicz ar imirce chuig na Stáit Aontaithe agus lean a tuismitheoirí nósmhaireacht a bhí coitianta ag an am agus thug Walsh orthu féin (agus Stella ar a n-iníon) nuair a shroich siad Cleveland Ohio as an bPolainn i 1911.

Togha lúthchleasaí ab ea Stella, a bhuaigh craobhacha go leor de chuid na Státaí, cé nach raibh sí ina saoránach mar nár saolaíodh ansiúd í. Agus cluichí Los Angeles 1932 ar leac na tairsí, chuir an eagraíocht atá i gceannas ar an lúthchleasaíocht i Meiriceá, an AAU, brú ar na húdaráis saoránacht a thairiscint di, rud a rinne siad. Ach baineadh stangadh astu beirt nuair a d’fhógair Stella gur ar son a tíre dúchais a dhéanfadh sí iomaíocht – bhuaigh sí bonn óir sa rás 100m agus ceann airgid ceithre bliana dár gcionn i Moscó.

I 1947 thoiligh sí glacadh le saoránacht de chuid na Stát Aontaithe agus phós sí dornálaí darbh ainm Neil Olson, cé nárbh fhada a chaitheadar a gcomhluadar a chéile. Bhí sí dhá scór bliain d’aois nuair a bhuaigh sí craobh de chuid na Státaí i 1951, agus i 1975 rinneadh í a insealbhú i Halla Laochra na Lúthchleasaíochta. Le linn a cuid iomaíochta sháraigh sí os cionn 20 curiarracht dhomhanda agus 80 curiarracht náisiúnta agus bhuaigh os cionn 5,000 rás.

Nuair a d’éirigh Walsh as an iomaíocht choinnigh sí uirthi ag cur oiliúna ar lúthchleasaithe óga agus ainneoin í a bheith 69 bliain d’aois bhí sí fós ina bhun sin nuair a shiúil sí amach as ollmhargadh i Cleveland ar an 4 Nollaig 1980. D’ionsaigh beirt fhear í agus nuair nach scaoilfeadh Stella an greim a bhí aici ar a mála, tharraing duine acu gunna as a phóca agus chuir piléar tríthi. Bhásaigh sí cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin in ospidéal.

Bhí deireadh leis an saol a mhair Stella Walsh ach ní raibh an chonspóid a bhain léi ach ina tús.

Deir siad siúd a raibh aithne acu uirthi gur minic a thráchtadh ar a heaspa banúlachta, ach an oíche a raibh sí á tórramh sceith duine éicint leis na meáin chumarsáide gur thug scrúdú iarbháis le fios go mba ghnéasorgáin fir a bhí aici. ‘Stella the Fella’ a scread nuachtáin an bhiadáin.

Faoin am ar bhásaigh Walsh bhí taighde agus eolas go leor bailithe ag eolaithe ar chrómasóim – an bunstruchtúr a bhíonn i DNA an duine. Gnéaschrómasóm XY a bhíonn sa ngnáthfhear agus XX sa mbean. Bhí meascán den dá chineál i Walsh, a dúirt an cróinéir, agus chuir leis sin nach mbeadh sé éasca a dhéanamh amach cén inscne a bhain léi nuair a saolaíodh í trí scór go leith bliain roimhe sin.

Scrúdaigh na céadta dochtúir Stella Walsh le linn a cuid iomaíochta agus níor ceileadh cead coimhlinte riamh uirthi. Bhí sí éirithe as an lúthchleasaíocht faoin am ar caitheadh an scrúdú dochtúra i gcártaí nuair a tháinig tástáil na gcrómasóm isteach.

Ach faoin am ar tháinig deireadh le Cluichí Oilimpeacha Atlanta i 1996, bhí an tástáil sin freisin caite i dtraipisí mar nach raibh aon chinnteacht ann go raibh sí doshéanta i gcásanna cosúil le cás Walsh. Sa mhullach air sin, measadh gur náirigh sé lúthchleasaí agus gur ghoill sé air plé oscailte a bheith á dhéanamh ar chodanna príobháideacha a cholainne.

Téististéarón an tslat tomhais a úsáidtear anois. Is iad na gnéasorgáin a chuireann sin ar fáil. De réir nádúir bíonn leibhéal fir 7/8 n-uaire níos airde ná leibhéal na mban, ach tuairiscítear go dtagann cailín amháin as míle ar an saol agus leibhéal thar a bheith ard aici.

Ar dhuine acu sin tá lúthchleasaí na hAfraice Theas Caster Semenya a bheidh i mbabhta ceannais an 800m anocht i Rio. Ceaptar go bhfuil ar a laghad triúr nó ceathrar eile sa gcomórtas sin atá amhlaidh agus a thrí nó a cheithre oiread téististéaróin iontu agus atá ina gcéilí comhraic.

Dhá bhliain ó shin rialaigh an Chúirt Eadrána Spóirt nach raibh dóthain fianaise ann gur chuidigh leibhéil arda téististéaróin le cumas iomaíochta ban. Bhuaigh Semenya bonn airgid i Londain ceithre bliana ó shin.

Ceaptar anois go bhfuil an IAAF, an eagraíocht atá i gceannas ar chúrsaí lúthchleasaíochta ar fud an domhain, le hachomharc a dhéanamh agus tá caint fiú ar an tríú hinscne. ‘Idirghnéas’ a thugtar air – iad siúd a thagann ar an saol agus gnéasorgáin acu nach n-oireann don tuiscint atá againn ar cheachtar inscne mar atá.

‘Lá fireann, lá baineann agus lá idir eatarthu’ a bheas ann as seo amach b’fhéidir!