RIO 2016: An bhfuil spóirt áirithe nár cheart a bheith sna Cluichí Oilimpeacha?

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is saineolaithe aineolacha sinn ar an dreasáiste agus an snámh comhuaineach na laethanta seo

RIO 2016: An bhfuil spóirt áirithe nár cheart a bheith sna Cluichí Oilimpeacha?

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tagann neamh-mheabhair orainn gach ceathrú bliain agus sinn inár saineolaithe aineolacha ar spórt mionlaigh cosúil leis an tumadóireacht chomhuaineach agus na disciplíní gleacaíochta difriúla (Olympics – Rio 2016, RTÉ2). Éirímid ar fad gafa le geáitsíocht agus aclaíocht na ngleacaithe agus i mbliana den chéad uair riamh, bhí iomaitheoir ag Éirinn,  Eilís O’Reilly.

Tá cuid de na spóirt ábhairín seafóideach (an dreasáiste agus trampailín) agus cinn eile cosúil leis an ngalf agus sacar atá iomlán proifisiúnta agus comórtais níos tábhachtaí dá gcuid féin acu. Chuir cancrán ón gCabhán ar m’aithne liosta de 19 spórt le chéile (iad liostáilte thíos) a mheas sé nár cheart a bheith sna cluichí Oilimpeacha. Bhí cad é bús ar an ngrúpa WhatsApp againn ina dhiaidh sin.

Bhí na spóirt thuasluaite san áireamh mar aon le haca, badmantan agus an liathróid láimhe. Cé go raibh pointe aige, mheasas go raibh sé imithe amach ón gcairt ábhairín. Bheadh luí agam féin leis an mbadmantan, mar shampla, óir nárbh aon dóithín leis an eitleog mé sna hochtóidí déanacha. Gach éinne lena bhó agus a abhainn féin.

’Siad na dornálaithe is mó a bhfuil/a raibh tnútháin fúthu agus tá buillí tubaisteacha buailte orthu cheana féin le Paddy Barnes curtha de dhroim seoil agus tástáil drugaí teipthe ag Michael O’Reilly. É sin ar fad agus é curtha i leith fear gnó Éireannach go raibh sé ag mangaireacht ticéad.

Agus mé á scríobh seo tá an 20ú bonn óir Oilimpeach buaite ag Michael Phelps. Gaisce dochreidte nach sárófar go deo, seans. Ina dhiaidh sin féin ní thuigim an oiread comórtas snámha dos na buillí difriúla. Samhlaigh dá mbeadh comórtas ann don rith céad méadar ach tú ag rith ar chúl, agus ceann eile ina ritheann tú leis na lámha san aer agat. Ní thógfadh sé i bhfad ar Usain Bolt 20 bonn a chrochadh leis. Tá galar chancrán an Chabháin tógálach, ní foláir.

Bhí tógáil chroí ag baint le hagallamh na ndeartháireacha Uí Dhonnabháin i ndiaidh a ngaiscí rámhaíochta. Ag tagairt don mbús faoi ngaoth agus an fharraige shuaite dheineadar spior spear de go gealgháireach, mar is dual don Chorcaíoch, “We’re well used to a bit of wind. That kind of thing wouldn’t faze us at all.”

B’ait an clár é Last Orders with Gay Byrne (RTÉ1, aréir). An chéad rud ná an t-ainm. Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit gur clár faoi thithe tábhairne é ach gan amhras níorbh ea, ach clár faoin Eaglais Chaitliceach.

Duine éigin ag rith le brothall leis an imeartas focal. Sa bhlaiseadh fógraíochta dúradh go ndéanfaí ról na heaglaise i stair na hÉireann a chíoradh. Níorbh é sin é ach an oiread mar gur díríodh ar oideachas na mBráithre Críostaí den chuid is mó taobh le fo-gheábh chuig scéalta léanmhara cosúil le bás Ann Lovett sa Ghránard san Longfort i 1984. Níor deineadh aon trácht ar Éamon Casey, Michael Cleary, Brendan Smith ná cuid mhaith de scannail eile na heaglaise.

Tá clár uair an chloig, inar tugadh sinn aniar ón Reifirméisean, róghairid le tabhairt faoi ábhar den saghas seo. Is sraith de chláracha atá de dhíth.

Is ar an oideachas a díríodh den chuid is mó agus b’fhéidir go mba cheart an fócas a bheith teanntaithe a thuilleadh. Príomhtheachtaireacht an chláir ná gur tugadh an t-oideachas ar láimh dos na hoird reiligiúnda roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit mar nach raibh éinne eile toilteanach ná in acmhainn tabhairt faoi.

Ní maith liom nuair a dhéanann tráchtairí/láithreoirí iad féin a shá isteach sa scéal an iomad. Bhí a fhios agam go mbeadh Gaybo ina lár istigh óir go raibh sé sa teideal fiú. Tugadh sinn ar ais chuig a shean-mheánscoil ar Shráid Synge mar ar thrácht sé ar an mbascadh a d’fhaighidís mar aon le tabhairt le fios go bhfuair Gabriel Ó Broin 429 as 600 sa Ghaeilge.

Bhí cuid mhaith cloigne cainte bailithe le hionchur a thabhairt, baill na heaglaise san áireamh, rud a d’fhág go raibh an táirge an-tomhaiste. Na fiacla á ndrannadh ar uairibh, an fócas róbhog ina dhiaidh sin. Bhíos an-tógtha leis an Manach Mark Patrick Hederman ó Mhainistir Ghleann Stail a thug fogha fíochmhar faoin eaglais. Dar leis gurbh é tuairim na heaglaise nach raibh na leanaí a bhí sna scoileanna saothair ‘worthy of a normal human life’.

Clár cumhachtach ach ní raibh sé údarásach.

Spóirt nár cheart a bheith sna Cluichí Oilimpeacha?

1. Boghdóireacht
2. Badmantan
3. Eitpheil
4. Eitpheil na trá
5. Canúáil
6. Rothaíocht
7. Eachaíocht
8. Pionsóireacht
9. Haca
10. Sacar
11. Galf
12. Liathróid Láimhe
13. Júdó
14. Rugbaí
15. Leadóg
16. Leadóg Bhoird
17. Taecuando
18. Trampailín
19. Póló Uisce