Rinne mé mo sheacht ndícheall, ach mhill alt faoin nGaeilge ar an Irish Times an lá orm…

Rinne ár gcolúnaí a sheacht ndícheall neamhaird a thabhairt ar alt le Rosita Boland faoin nGaeilge, ach theip air

Alex Graphic
LÉARÁID: Tuairisc.ie

Nuair a bhog mé go dtí an Bhrasaíl, shíl mé go mbeinn slán ón gcacamas sin ar fad a mbíonn ar an duine a labhraíonn Gaeilge cur suas leis in Éirinn, ach is cosúil nach bhfuilim.

Tháinig alt gránna Rosita Boland faoin nGaeilge idir mé agus mo chuid oibre inniu.

Is gnách liom léim amach as an leaba go luath an mhaidin agus tús an tráthnóna a chaitheamh ag scríobh agus é a thógáil go réidh ina dhiaidh sin. Ní bhíonn uaireanta oibre cinnte agam, ach leagaim síos spriocanna seachtainiúla do mo chuid scríbhneoireachta: nuair nach n-éiríonn liom na spriocanna sin a bhaint amach bíonn orm dul i mbun pinn san oíche nó ag an deireadh seachtaine.

An tseachtain seo, tá mé i mbun eagarthóireachta ar ghearrscéal fada i nGaeilge, an teanga sin a bhfuil oiread fuatha ag Rosita Boland di. Inniu féin, beidh orm eagarthóireacht a dhéanamh ar mhíle go leith focal ar a laghad, nó beidh orm an deireadh seachtaine a chaitheamh ag obair.

Ach níl ag éirí liom; tá an iomarca feirge orm. Ní hé an t-alt féin a scríobh Rosita atá ag cur as dom i ndáiríre; tá tuairimí dá leithéid cloiste go ró-mhinic againn cheana.

Is éard a chuir le báiní maidin inniu mé ná a dearcadh sotalach agus í ag dul i ngleic leis an bhfearg atá á léiriú ag pobal na Gaeilge ar leathanaigh an Irish Times, ar Twitter, agus in áiteanna eile nach iad.

Stuif mar seo:

Bhí mé le ceangal, mar sin, agus ba bheag nach raibh orm mé féin a cheangal de chathaoir go fisiciúil, i bhfad ó ríomhaire agus ó ghuthán póca, ar eagla go dtabharfainn freagra uirthi. Dá ndéanfainn sin, bheinn féin gafa sa stoirm tvuíteála. Bheadh freagra géar éigin ag Rosita agus ag daoine eile ar fuath leo an Ghaeilge orm; seans maith go mbeadh a dtacaíocht á léiriú ag daoine eile. An toradh a bheadh air ná go gcuirfinn an mhaidin ar fad amú ag éisteacht le bípeanna mo ghutháin phóca, go dtiocfadh a thuilleadh feirge fós orm, agus nach ndéanfainn obair ar bith. Anuas air sin, léirigh sracfhéachaint ar amlíne @RositaBoland ar Twitter gur bean í a dtagann sceitimíní aisteacha uirthi nuair a bhítear ag easaontú léi:  

Cinnte dearfa, ní raibh mise chun líochán breise a thabhairt dá robust ego.

In iarracht m’aird a dhíriú ar rudaí eile sula gcuirfinn tús le hobair eagarthóireachta an lae rug mé ar leabhar agus shuigh ar an tolg. Leag mé uaim é dhá nóiméad ina dhiaidh sin. Thug mé an bruscar amach. Nigh mé na soithí. Ach níor imigh an cantal: bhí gach uile fhreagra cliste á chumadh ag glórtha feargacha i m’aigne, iad ar fad laistigh d’uasteorainn 140 litir.

Ar ámharaí an tsaoil, bhí glór eile ann a dúirt: tabhair neamhaird uirthi, déan do chuid oibre, agus más é toil (líon isteach ainm neach osnádúrtha do rogha féin) é cuirfidh an gearrscéal atá idir lámha agat le saibhreas cultúrtha na Gaeilge in am trátha. Ní hé do jab é an Ghaeilge a chosaint, an jab atá agat ná cur lena stór.

Shuigh mé síos ag an ríomhaire chun tús a chur le heagarthóireacht an lae. Ina ionad sin d’oscail mé comhad nua agus scríobh mé an colún seo: ag deireadh an lae, bhí an lámh in uachtar agatsa, a Rosita. Ach nach íorónta an scéal é go dtiocfadh scríbhneoir amháin idir scríbhneoir eile agus a chuid oibre?