Tá ceathrar nár thosaigh in aghaidh na Nua-Shéalainne –Garry Ringrose, Keith Earls, Paddy Jackson agus Iain Henderson – roghnaithe ar fhoireann rugbaí na hÉireann don chluiche in aghaidh na hAstráile an Satharn seo.
Agus gortuithe ag cur isteach ar Robbie Henshaw agus Jonathan Sexton i ndiaidh chluiche na Nua-Shéalainne an deireadh seachtaine seo caite, ba léir go mbeadh roinnt athruithe le déanamh ag Joe Schmidt do chluiche an tSathairn.
D’éirigh go maith le Garry Ringrose agus Paddy Jackson i gcoinne na All Blacks, tosóidh siad Dé Sathairn in áit Henshaw agus Sexton.
Ní raibh Simon Zebo in ann mórán traenála a dhéanamh i rith na seachtaine agus tiocfaidh Keith Earls isteach ina áit siúd. Cé go bhfuil Zebo ainmnithe i measc na n-ionadaithe don chluiche in aghaidh na hAstráile, deir Schmidt go bhfuil an baol ann fós nach mbeidh sé aclaí a dhóthain.
Bhí amhras ann chomh maith an mbeadh Rob Kearney agus CJ Stander réidh do chluiche an tSathairn agus gortú cloiginn ag cur as dóibh beirt. Fógraíodh tráthnóna, áfach, go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa chluiche.
Is é roghnú Iain Henderson in áit Dhonnacha Ryan an t-aon athrú eile atá déanta ag Scmhidt ar an bhfoireann a thosaigh in aghaidh na Nua-Shéalainne. Ba é Ryan an t-aon imreoir a ghlac páirt sna trí chluiche go dtí seo i sraith an fhómhair agus tá sos tugtha d’fhear na Mumhan agus Ultan Dillane tagtha isteach ina áit ar an mbinse tar éis dó cluiche an deireadh seachtaine seo caite a chailleadh le gortú.
Is oíche speisialta a bheidh ann do Rory Best ar an Satharn agus é ag imirt d’Éirinn den 100ú huair, éacht nach bhfuil déanta ach ag ceathrar eile, Brian O’Driscoll, Ronan O’Gara, Paul O’Connell agus John Hayes.
Foireann na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an Astráil:
Rob Kearney
Andrew Trimble
Jared Payne
Garry Ringrose
Keith Earls
Paddy Jackson
Conor Murray
Jack McGrath
Rory Best
Tadhg Furlong
Iain Henderson
Devin Toner
CJ Stander
Sean O’Brien
Jamie Heaslip
Ionadaithe:
Sean Cronin
Cian Healy
Finlay Bealham
Ultan Dillane
Josh van der Flier
Kieran Marmion
Joey Carbery
Simon Zebo