Rince ar phár Uí Mhuirthile

LÉIRMHEAS: Tá cumhacht nach beag ag baint le húrscéal ealaíonta nua Liam Uí Mhuirthile.

 

An Colm BánAn Colm Bán
Liam Ó Muirthile
Cois Life (2014)
€14.00 (bog)

Tóraíocht chasta siceolaíochta is ea úrscéal nua Liam Uí Mhuirthile, An Colm Bán/La Blanche Colombe (Cois Life), a bhfuil éirim as an ngnáth ag roinnt leis agus dhá thréimhse ama fite fuaite lena chéile ann.

Ba bhreá leis an bpríomhcharachtar fir, William, sonraí a dh’fháilt mar gheall ar rinceoir Gaelach darbh ainm Nóra Buckley, a chaith tréimhse i bPáras tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Cromann sé ar an obair bhleachtaireachta le fonn agus sa deireadh, éiríonn leis cuid mhór d’aistear Nóra a rianú.

Agus a saol á chur trí chéile aige, déanann Ó Muirthile cur síos ar chéimeanna éagsúla a hoilithreachta ar shlí a léiríonn íogaireacht: saol tuaithe Gaelach óige Nóra lena sheanchas agus a chuid piseoga ársa; seal i measc na bProtastúnach áitiúil i dTeach Mór mar fhostaí; na blianta a chaith sí ag obair do státseirbhíseach sinsearach i Londain ó 1916 go dtí 1919; ré Phárais sna fichidí; cathair an rince agus na Zúlúanna aclaí; agus a blianta rúndiamhra deireanacha mar shiúr.

Ba chóir béim a chur anseo ar thrí ghné den scríbhneoireacht ealaíonta, gnéithe a nascann an leabhar le téamaí corraitheacha uilíocha.

Ar an gcéad dul síos, ní foláir cumhacht na gcuntas a bhaineann le drúis agus caidreamh collaí a aithint. Braitear rian Joyce anseo, ós rud é go dteilgeann Nóra guth atá cosúil le guth Molly Bloom in Ulysses, go háirithe agus a cuid mianta colainne á gcur faoi chois aici. Agus Nóra ag obair do mhuintir Lambe, glacann sí le cuireadh ó mhac amháin den chlann dul isteach sa stór féir. (“Rug Nóra greim ar a bhall fearga a d’at go feirc ina lámh”). Ní labhraíonn an bheirt le chéile agus más ea, ritheann ráiteas cáiliúil Mholly linn ar an bpointe, ráiteas a bhain le drúis lom seachas leis an ngrá; “…he kissed me under the Moorish wall and I thought well as well him as another…”.

Ar an dara dul síos, áirítear tionchar Translations de chuid Brian Friel in áiteanna eile sa leabhar dátheangach seo. Deir buachaill Nóra níos déanaí sa scéal go labhraíonn sí róthapaidh: “…tá tú ag ithe Fraincise mar a itheann Sasanaigh a gcuid bia, á shlogadh gan blaiseadh!” Meán is ea an teanga anseo, go fiú is gur teanga choimhthíoch í, chun grá a chíoradh agus a chur in iúl, agus b’é sin a rinne Friel freisin sa chomhrá cáiliúil sin idir Yolland agus Máire nuair a fhoghraíonn siad logainmneacha áitiúla seriatim go mall. (“…Cnoc na nGabhar. Mullach. Port. Tor. Lag…I wish to God you could understand me. Soft hands; a gentleman’s hands…”).

Feictear dom sa deireadh go bhfuil lorg Dhónaill Uí Chorcra le brath go láidir ar an leabhar seo, ar nós mar a bheadh taibhse ann, go háirithe sna leathanaigh ina ndéantar cur síos níos tuisceanaí ná cur síos Corkery féin ar sheicteachas soch-chultúrtha na Mumhan. Teastaíonn ón Muirthileach coincheap an ‘fhíor-Ghaeil’ a dhíbirt anseo, rud a éiríonn leis a dhéanamh trí cheist páiste sa scéal, nuair a fhiafraíonn sé “Cad is brí le Gallda?” Freagra Joyceach a thugtar air: “N’fheadar, a chroí, tá cuid acu ann agus ní shásódh faic iad ach an duine Gallda féin a dhíbirt, nuair atáimid ar fad Gallda ar chuma éigin. Ní maith liom féin an focal sin, Gallda.”