Ridireacht na Breataine bronnta ar iarGhinearál cáiliúil Meiriceánach de bhunadh Rann na Feirste

Ba as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill seanathair Martin Dempsey, iar-ghinearál in Arm Mheiriceá. Ba é Dempsey an t-oifigeach airm ab airde céim sna Stáit Aontaithe

Ridireacht na Breataine bronnta ar iarGhinearál cáiliúil Meiriceánach de bhunadh Rann na Feirste

Tá ridire de chuid na Breataine déanta d’fhear de bhunadh Rann na Feirste, an t-iarGhinearál Martin Dempsey, i Meiriceá. Chaith Dempsey 41 bliain in Arm na Stát Aontaithe, agus bhain sé céim ginearáil amach ann. Ba é an t-oifigeach airm ab airde céim sna Stáit Aontaithe go dtí gur éirigh sé as i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite.

Ba é an 18ú duine i stair Stát Aontaithe Mheiriceá a ceapadh ina chathaoirleach ar Chomh-Chinn Foirne na tíre sin.

Rinneadh ridire onóra de san ord ‘Most Excellent Order of the British Empire’ as a chuid “tiomantais do chomhoibriú i gcosaint na SAM-RA”. Dúradh sa ráiteas a d’eisigh Ambasáid na Breataine i Washington DC gur “enthusiastic Anglophile” a bhí i Dempsey.

Ba as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill seanathair Dempsey, John Óg Devenney. Thug Devenney aghaidh ar Nua-Eabhrac, as calafort Dhoire, i 1926. Chaith Martin Dempsey samhraí i dTír Chonaill, agus tuairiscítear gur fhoghlaim sé teanga a shinsear ann.

Ó d’éirigh sé as an tsaighdiúireacht, bhain sé céim an mháistir amach in Ollscoil Duke i North Carolina agus tráchtas scríofa aige ar an dán Easter 1916 le WB Yeats.

“B’onóir dom é a bheith ábalta seirbhís a dhéanamh gualainn ar gualainn le fir agus mná iontacha agus cróga Fhórsaí na Breataine le 40 bliain anuas, aimsir na síochána agus aimsir na cogaíochta.

“Is comhpháirtithe muidne, an beagán, de bharr riachtanais, ach is rogha linn an cairdeas. Glacaim leis an onóir seo thar ceann na ndaoine a rinne an oiread sin íobairtí ar son an dá thír, agus gabhaim buíochas leis an mBanríon as ucht a tacaíochta leanúnaí dóibh siúd atá i mbun seirbhíse agus dá dteaghlaigh,” a dúirt Dempsey i ráiteas a d’eisigh sé faoin ridireacht.

Bronnfaidh Kim Darroch, Ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe, suaitheantas na ridireachta ar Dempsey thar ceann Bhanríon Shasana níos deireanaí i mbliana.

“Le hos cionn 40 bliain, tá an Ginearál Dempsey ina chomhghuaillí agus ina chara den scoth ag an Ríocht Aontaithe, agus bhí tionchar mór, dearfach aige ar gach aon taobh den Atlantach.

“Tá an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe ríthábhachtach do struchtúr na cosanta agus na slándála sa Ríocht Aontaithe, agus bhí ról lárnach ag an nGinearál Dempsey i gcothú an chaidrimh láidir sin idir an dá fhórsa,” a dúirt Darroch i ráiteas.

Is beag aithne atá ag muintir na hÉireann ar Dempsey ach bheadh aithne mhaith ag cuid mhaith Meiriceánach ar an iar-Ghinearál, go háirithe iad siúd atá sáite i saol míleata na Stát Aontaithe.

Tuairiscítear gur ábhar mór bróid do Dempsey a oidhreacht Éireannach agus gur minic a thapaíonn sé an deis labhairt faoina dhúchas nó a bheith ag gabháil fhoinn.

Ní bheidh cead ag Dempsey an réimír ‘Sir’ a úsáid toisc nach saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe é. Beidh cead aige, áfach, na litreacha ‘KBE’ a chur i ndiaidh a ainm.

Fág freagra ar 'Ridireacht na Breataine bronnta ar iarGhinearál cáiliúil Meiriceánach de bhunadh Rann na Feirste'