Riail an mhóraimh i Stormont – do-ghlactha

A dtaithí ar riail an mhóraimh aontachtaigh go dtí na seachtóidí is cúis le drogall na náisiúnach glacadh le moltaí nua

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá bille príobháideach de chuid an Teachta Tionóil neamhspleách, John McCallister, á chíoradh sa Tionól i Stormont le tamall. Bille chun freasúra oifigiúil a cheadú agus a mhaoiniú atá i gceist. Ach oiread le carthanacht tá gach éinne i bhfabhar freasúra – i bprionsabal – agus tá dúil mhór ag aontachtaithe ann. ‘Sé ‘ciall cheannaithe’ an nath is coitianta atá le clos ó náisiúnaigh, áfach. I bhfianaise a dtaithí ar riail an mhóraimh aontachtaigh go dtí na seachtóidí is cosúil nach bhfuil Sinn Féin ná an SDLP toilteanach a dhul sa tseans i Stormont gan sciath chosanta a bheith acu.

Iar-chomhalta den UUP is ea John McCallister. Is mar ionadaí ar an bpáirtí sin a toghadh é sa Dún Theas. Sheas sé do cheannaireacht an pháirtí sin, ag moladh go bhfágfaidís an feidhmeannas le dul sa bhfreasúra.

Fuair Mike Nesbitt an ceann is fearr air; bhí seisean in aghaidh dhul sa bhfreasúra cé gurb é a thóg an UUP amach as an bhfeidhmeannas anuraidh. D’fhág John McCallister an UUP i ngeall ar mhargadh réamh-thoghcháin an pháirtí leis an DUP i Lár-Uladh . Bhunaigh sé féin agus Basil McCrea páirtí nua, NI21, ach thit siad amach le chéile go gairid ina dhiaidh sin agus is neamhspleách é ó shin.

Cadhan aonair mar fhreasúra is ea Jim Allister, TUV, sa Tionól. Bíonn sé go síoraí ag caitheamh anuas ar an gcóras i Stormont a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sárú ar an daonlathas is ea comhrialtas éigeantach nach féidir a cheansú sa Tionól, a deir sé. Níl aon amhras ach gur múnla amscaí is ea é ach bhí cúis mhaith leis – stair an rialtais aontachtaigh ar feadh leath chéad bliain.

Iarracht is ea bille McCallister chun cuma níos normálta a chur ar chóras Stormont. Bheadh roinnt na cumhachta idir aontachtaithe agus náisiúnaigh fós ann, idir an dá phríomhpháirtí. Anuas air sin, roinnfí aireachtaí agus coistí ar bhonn D’Hondt mar a dhéantar faoi láthair. Bheadh maoiniú le fáil ag páirtithe an fhreasúra. Maíonn McCallister go bhfuil sé riachtanach cearta an fhreasúra a dhearbhú ar bhonn reachtúil chun a chinntiú nach bhféadfadh feidhmeannas éigin amach anseo a chumhacht a mhaolú.

Sin í an difríocht mhór idir moltaí McCallister agus socrú an ‘Tús Nua’ a aontaíodh idir an DUP agus Sinn Féin, socrú a cheadódh do pháirtí a bheith sa bhfreasúra dá mba mhian leo é. Tá Sinn Féin naimhdeach do bhille McCallister agus leasaithe molta acu do gach aon fhoráil ann; maíonn siad go n-éascódh sé an bealach do riail an mhóraimh agus gur baolach go mbainfeadh sé an bonn de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá an DUP in amhras freisin agus lear mór leasaithe á moladh acusan.

Go bunúsach, meastar go bhfuil an dá pháirtí mhóra ag cosaint an chonartha a rinne siad féin.

Bhí an SDLP i bhfabhar an bhille i bprionsabal agus iad meáite ar gan tacaíocht a thabhairt do Shinn Féin chun achainí chásmhaireachta – an veto – a rith ina choinne. Bhí leasuithe acusan freisin chun sciath chosanta do mhionlaigh a chinntiú ach ansin, gan choinne, thacaigh said le veto ar fhorálacha áirithe. Dúradar go molfaidís leasuithe nua ag an gcéad chéim eile, go háirithe leasuithe ar na coinníollacha faoinar féidir leas a bhaint as an achainí cásmhaireachta.

‘Sé an tuairim is coitianta i measc an phobail aontachtaigh go bhfuil gá le freasúra mar gur mhaith leo go mbeadh Stormont cosúil le Westminster. Ní smaoiníonn siad nach parlaimint é Stormont go dtí go gceistítear iad. Is annamh a chuireann siad san áireamh gur gá socruithe neamhghnácha a dhéanamh mar nach bhfuil pobal socair abhus go fóill. Ar an láimh eile ‘sé an tuairim is coitianta i measc náisiúnaigh ná nach bhféadfaí a dhul sa tseans le riail an mhóraimh. Maítear gur doicheall aontachtach roimh roinnt na cumhachta faoi ndear an chaint faoi ghnáthpholaitíocht, comhrialtas deonach agus freasúra. “Ciall a ceannaíodh go daor,” a dúirt pinsinéir liom, “tá sé i bhfad róluath chun na ceachtanna a d’fhoghlaim sinn a ligean i ndearmad”.

Fág freagra ar 'Riail an mhóraimh i Stormont – do-ghlactha'