RG Lurgan – stáisiún digiteach popcheoil le seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge

Popcheoil ó Choláiste Lurgan in Indreabhán a bheidh á chraoladh ag an stáisiún nua idirlín le linn Sheachtain na Gaeilge agus i gcaitheamh an tsamhraidh

RG Lurgan – stáisiún digiteach popcheoil le seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge

Tá stáisiún raidió dá chuid féin le seoladh ag Coláiste Lurgan i gConamara mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2017. Beidh popcheol Gaeilge á chasadh ag ‘RG Lurgan’ ar líne idir an 6 agus 17 Márta agus é dírithe ar dhaltaí an choláiste Gaeilge agus lucht éisteachta níos faide i gcéin.

Beidh daoine mór le rá ó shaol na Gaeilge ag cur clár i láthair ar feadh dhá uair a chloig in aghaidh an lae le linn Sheachtain na Gaeilge, iardhalta Choláiste Lurgan agus príomhamhránaí Seo Linn, Stiofán Ó Fearail, láithreoir Cúla 4 Mícheál Ó’Ciaraidh agus an t-aisteoir Máirín de Buitléir ó Ros na Rún ina measc.

Murab ionann agus stáisiúin eile Gaeilge, is ceol Gaeilge amháin a bheidh á chasadh ar RG Lurgan. Tá cartlann mhór cheoil curtha le chéile ag Coláiste Lurgan ó thosaigh an coláiste ag taifeadadh leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla beagnach deich mbliana ó shin.

Tá na céadta amhrán sa chartlann sin agus beidh siad go léir á gcasadh ar an stáisiún nua, chomh maith le popamhráin eile Ghaeilge a thaifead grúpaí eile. Beidh an ceol seo le cloisteáil 24 uair a chloig in aghaidh an lae le linn Sheachtain na Gaeilge.

Beidh na cláir bheo dírithe ar dhaoine óga agus ar scoileanna agus beidh siad le cloisteáil ar RG Lurgan ag am lóin. Cuirfear podchraoltaí de na cláir sin ar fáil i ndiaidh a gcraolta agus súil ag lucht Choláiste Lurgan gur áis a bheidh iontu do mhúinteoirí scoile agus do dhaoine eile ar spéis leo iad.

Is tréimhse thástála a bheidh i gceist leis an gcraoladh coicíse le linn Sheachtain na Gaeilge. Beidh RG Lurgan á sheoladh i gceart sa samhradh agus é dírithe ar na scoláirí a bheidh ag freastal ar Choláiste Lurgan in Indreabhán i gConamara.

Beidh an stáisiún le cloisteáil ar fud an choláiste agus sna tithe lóistín i gceantar Indreabháin.

Tá cúnamh á thabhairt ag Emma Ní Chearúil, bainisteoir an stáisiúin Raidió na dTreabh, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, do Choláiste Lurgan agus an stáisiún nua idirlín á bhunú acu. Beidh cónascadh ann idir an dá stáisiún. Tá fáil anois ag Raidió na dTreabh ar na céadta amhrán atá ag RG Lurgan.

Tá beagnach 80,000 leantóir ag TG Lurgan, cainéal YouTube Choláiste Lurgan, agus tá 25 milliún radharc ag an gcainéal ó cláraíodh é seacht mbliana ó shin. Tá idir amhráin nuachumtha agus leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla ar an gcainéal.

Is é Seo Linn an banna ceoil is mó rath a tháinig ó Choláiste Lurgan, ach tá ceoltóirí agus bannaí nua ag teacht chun cinn anois i ndiaidh dóibh amhráin a thaifeadadh le TG Lurgan — leithéidí Clann Snyder, Daire McBride, Matt Ó Baoill agus Laoise.

Beidh RG Lurgan le cloisteáil ar líne ag tglurgan.biz, suíomh idirlín Choláiste Lurgan, chomh maith le suíomh nua rglurgan.airtime.pro, agus ar an aip TuneIn.

Fág freagra ar 'RG Lurgan – stáisiún digiteach popcheoil le seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge'

  • Art de Bastábla

    Teastaíonn uainn “RnaG a dó 24/7” ar fud na tíre in áit lyric FM/ nó ar an gcóras digiteach in áit Chill/Pulse/Gold/Junior@xm/radio 1 Extra chun plé leis an gcarn mór ceol atá againn Pop/trad/Ger Wolfe/The Gloaming/Enda Reily agus aon bhosca eile atá agat mar theideal. Cothrom na Féinne.
    Is é ar gcroí, cén saghas amadáin atá muid.