Réiteoirí agus giolcairí ar an gclaí

Tá céim eile chun cinn tugtha an tseachtain seo ag Cumann Lúithchleas Gael leis an bhfeachtas ‘Think You Can Do Better? Ach cé a bheadh ina réiteoir?

Eddie Kinsella 21/9/2014
An réiteoir Eddie Kinsella ar dualgas. ©INPHO/Cathal Noonan

Tá sé ráite riamh gur dóigh le fear na buille gurb é féin fear na céille agus ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar éirim agus ar ghaois an ráitis sin an tseachtain seo agus feachtas oiliúna nua do réiteoirí á sheoladh ag Cumann Lúthchleas Gael.

Is í an aidhm atá leis an bhfeachtas, ‘Think You Can Do Better?’ ná go mbeadh réiteoirí aitheanta ina n-ambasadóirí earcaíochta laistigh dá gcontaetha féin ionas go gcuirfí le líon na réiteoirí atá ag feidhmiú ag leibhéal eadarchlub.

Bheadh sé i gceist i bhfad na haimsire go dtiocfaí ar sheoda réiteoirí i ngach póirse den dtír a bheadh in ann an cúram a dhéanamh ag an leibhéal is airde tar éis tamaill.

Ní bheifí ag tabhairt faoin bhfeachtas murach go raibh géarghá le soláthar maith réiteoirí ach ba cheart go mbeadh oscailt súl ag baint leis an bhfeachtas do mhórán daoine chomh maith.

Is geall le caitheamh aimsire i gcluichí na nGael é bheith ag caitheamh anuas ar réiteoirí ach ní dóigh liom go dtuigeann an t-iománaí a bhíonn coitianta ar an gclaí an dua agus an ghuais a bhaineann le ról an réiteora.

N’fheadar an mó babhta ó chríochnaíos féin ag imirt go rabhas i mbun dualgais mar thráchtaire spóirt ag cluichí éagsúla caide. Ba mhinic dom agus mé ar dualgas ag déanamh iontais den oiread tráchtairí agus iriseoirí gairmiúla nach bhfuil ar a gcumas áireamh a dhéanamh ar ghnéithe bunúsacha den chluiche ar nós cúrsaí ama, ar líon na n-ionadaithe atá curtha isteach, ar chártaí a tugadh amach agus ar an rud is tabhachtaí ar fad – clár an scóir.

Caithfidh an réiteoir bocht ag an leibhéal is ísle, fiú, é sin ar fad a dhéanamh agus é ag déanamh a shlí timpeall na páirce atá breac le 30 iomaitheoir atá ar tinneall le teann iomaíochta agus a bhfuil a bhformhór ag iarraidh teacht ar na slite is fearr chun an dubh a chur ina gheal ar fhear na feadóige.

Ní haon iontas mór, mar sin, go mbeadh mearbhall anois is arís ar réiteoirí agus ceisteanna neafaiseacha ag déanamh tinnis dóibh ó thús go deireadh na scríbe.

Ar phas láimhe dlisteanach é sin? Ar thóg sé ceithre cinn nó cúig cinn de throslóga sarar scar sé leis an gcaid? Agus an tslí inar luigh mo dhuine isteach ansiúd, ar bhuille cóir guaille le guaille é nó an raibh a dhá chrúb orlach ón dtalamh?

B’fhéidir gurbh fhearr é a scaoileadh tharam? Fan ort, canathaobh go bhfuil an dream san thall ag búirthigh agus ag liúrthaigh? Conas go bhfuil an t-imreoir sin sínte? An bhfuil sé ag ligint air féin go bhfuil sé gortaithe nó an bhfuil flíp de dhorn fachta in áit éigin aige?

N’fhaca faic. Bhíos ag leanúint na himeartha. Cripes! Ní haon chraic í seo. An mbeadh sé níos fusa ar an dtaobh eile den gclaí? Is cuma. Caitear cinneadh a dhéanamh tapaidh ach bíodh a fhios agat, pé cinneadh a déanfar, go mbeidh an dearg-ghráin ag leath na ndaoine anseo ort agus go mbeidh sé le rá ag an leath eile go rabhais mall do dhóthain ag baint ceoil as an bhfeadóig.

Níl sa mhéid thuas ach sampla den ealaíon atá ar bun na laethanta seo i gcluichí áitiúla sraithe peile agus iomána. Méadaigh faoi chéad anois an brú a bhíonn ar réiteoirí nuair a bhíonn siad i bhfeighil na feadóige i gcluichí craoibhe sa chontae.

Léirigh caint an réiteora, Patrick Nelis, i gcontae na Mí coicíos ó shoin nach stadann an íde agus an caitheamh anuas ar pháirc na himeartha ach an oiread.

Bhí Nelis i bhfeighil na feadóige i gcluiche ceannais an chontae i gcontae na Mí anuraidh. Bhí sé sásta a dhóthain lena thaispeántas ach go gairid ina dhiaidh sin dhein sé iarracht lámh a chur ina bhás féin.

Bhí an t-ádh le Nelis teacht slán ach in agallamh a thug sé le déanaí, dúirt sé gur chuaigh an fhadhb atá aige leis an ngalar dubhach in olcas nuair a cuireadh an giolcadh a deineadh ar Twitter faoina thaispeántas agus faoina phearsantacht féin ar a shúile.

Ní nach ionadh, chuir an íde ar líne seo isteach go mór ar an bhfear agus, beagán ar bheagán, tá CLG ag teacht ar an dtuiscint go bhfuil oiread díobhála á dhéanamh anois ag cladhairí anaithnid ar líne is atá á dhéanamh acu siúd a thugann íde na muc is na madraí don réiteoir ón dtaobhlíne.

Gearradh tréimhse fionraíochta 48 seachtaine le déanaí ar imreoir ó Bhaile an Doire, Aaron Devlin, as a chuid giolcaireachta tar éis chluiche ceannais an chontae i nDoire i mí Dheireadh Fomhair.

Léiriú, b’fhéidir, nach bhfuil CLG meáite ar chur suas lena leithéid níos mó.

Tá céim eile chun cinn tugtha an tseachtain seo ag Cumann Lúthchleas Gael leis an bhfeachtas‘Think You Can Do Better?

Ach fós féin, cé a bheadh ina réiteoir?

Fág freagra ar 'Réiteoirí agus giolcairí ar an gclaí'