Reifreann na gCoirdíneach – an cuaille comhraic buailte?

Vóta ar son an neamhspleáchais a chaith 93% de na Coirdínigh Dé Luain seo caite

Reifreann na gCoirdíneach – an cuaille comhraic buailte?

Sléibhte loma sceirdiúla agus gleannta doimhne dochuimsithe – sin é dúchas na gCoirdíneach leis na mílte bliain. Ach is cine gan stát iad. Gealladh stát dóibh nuair a thit an tóin as impireacht na Tuirce aimsir an chéad chogaidh dhomhanda. Ach níor cuireadh Conradh Sèvres (1920) i bhfeidhm. Is faoi Chonradh Lausanne (1923) a roinneadh tailte na gCoirdíneach idir An Tuirc, An Iaráic, agus an tSiria an uair sin. Is amhlaidh atá fós.

Dé Luain seo caite áfach, bhí cor eile i stair na gCoirdíneach. Ainneoin easpa iomlán tacaíochta go hidirnáisiúnta, ainneoin bhagairtí fíochmhara na Tuirce, ainneoin mhímhuinín agus mhíshásamh Bhagdad, reáchtáladh reifreann neamhspleáchais i réigiún na gCoirdíneach i dtuaisceart na hIaráice. Ó cuireadh Saadam Hussein ó chumhacht in 2003, is réigiún é a bhfuil féinriail i bhfeidhm ann. Ach ní leor sin do na Coirdínigh. Is neamhspleáchas atá uathu. Neamhspleáchas agus stát ar leith.

Isteach is amach le 8.5 milliún duine atá i ndaonra na gCoirdíneach san Iaráic. Bhí beagán le cois 5 mhilliún díobh sin i dteideal vóta a chaitheamh. 72.6% díobh sin a rinne amhlaidh. Is vóta ar son an reifrinn a chaith 93% de na daoine sin. Ba mhór an deimhniú a bhí ansin ar thoil na tíre. Agus is mór an bua a bhí sa toradh don Uachtarán Massoud Barzani, agus is daingne a chuid údaráis dá bharr.

Céard iad na himpleachtaí atá i dtoradh an reifrinn seo don tír? Thug Marzani freagra ar an gceist sin go gonta: ‘Níl iachall ar bith orainn poblacht a fhógairt de bharr an toraidh seo, agus ós amhlaidh atá, ní fhógrófar poblacht dá bharr. Ach tá iachall ar pholaiteoirí na tíre seo aird a thabhairt ar thoil na ndaoine’.

Más fís atá i bpoblacht Choirdíneach i dtuaisceart na hIaráice, níl déanta ag na Coirdínigh, dar le hUachtarán na Tuirce, ach an cuaille comhraic a bhualadh. Is sa Tuirc is líonmhaire atá cine na gCoirdíneach. Meastar gur 14 milliún duine atá i gceist. Ach ar feadh na mblianta, shéan an Tuirc go raibh a leithéid ann. Bhí cosc orthu. Cosc ar an teanga. Cosc ar chearta polaitiúla. Cosc ar an bhfocal ‘Coirdíneach’. An rud is mó is eagal leis an Tuirc ná neamhspleáchas na gCoirdíneach. Sin é an fáth a bhfuil an tUachtarán Recep Erdogan ag bagairt smachtbhannaí agus baghcat orthu. ‘Dúnfar an teorainn,’ ar sé, ‘cuirfear cosc ar an easpórtáil ola. Ní bheidh greim agaibh le cur in bhur mbéil.’

Chuaigh Erdogan go croí an scéil nuair a luaigh sé ceist na hola. Meastar go bhfuil 45 billiún bairille ola sna toibreacha atá i gceantar na gCoirdíneach i dtuaisceart na hIaráice. Dá réir sin, is ann atá an séú foinse ola is mó ar domhan. Nuair a rinne Meiriceá agus an Bhreatain ionradh ar an Iaráic in 2003, ní le grá don daonlathas é, ach leis an tuiscint gurbh é a leas féin greim a fháil ar sciar den saibhreas sin. Dar leis na Coirdínigh gur leo féin an ola. Ach b’fhéidir gur daor a íocfas siad aisti.

I gceithre theanga a bhí an rún scríofa ar bhileoga an reifrinn. Ba iad an Choirdis, an Araibis, an Tuircméinis agus an Airméinis na teangacha sin. Seo í an cheist a cuireadh: ‘Ar mian leatsa go ndéanfaí stát neamhspleách de réigiún féinrialaithe na Cordastáine i bpáirt leis na tailte eile lasmuigh den limistéar sin ar cuid den Chordastáin iad?’ Tá ábhar conspóide in eireaball na ceiste sin, mar tá mionlaigh Choirdíneacha scaipthe thall is abhus taobh amuigh de phríomhlimistéir an réigiúin.

Reáchtáladh an reifreann. Caitheadh na vótaí. Foilsíodh an toradh. Beidh an saol ag faire ar thuaisceart na hIaráice go fóill feiceáil cén chéad chor eile a bheas in eipic na gCoirdíneach lenár linn féin.