An Chatalóin: mothúcháin agus meáin

Dá mbeadh John Walsh ag brath ar chraoltóirí náisiúnta na hÉireann agus na Breataine chun teacht ar anailís agus scagadh ar ‘Lá na Rannpháirtíochta’ sa Chatalóin inné bheadh fuar aige. Mar sin is ag faire theilifís phoiblí na Catalóine a thug sé an oíche aréir agus na torthaí ag teacht isteach.

Catalan_National_Day

Dá mbeinn ag brath ar chraoltóirí náisiúnta na hÉireann agus na Breataine chun teacht ar anailís agus scagadh ar ‘phróiseas rannpháirtíochta’ na Catalóine inné, bheadh fuar agam.

Níor craoladh smid ar chláracha nuachta an BBC tráthnóna aréir mar gheall ar scéal na Catalóine lena raibh d’aird acu ar Dhomhnach Cuimhneacháin na bPoipíní.

Níor luadh an scéal ar phríomhchlár nuachta RTÉ ach an oiread.

Ba mhór idir an tost sin agus an tuairisciú cuimsitheach a dhein an craoltóir náisiúnta Béarla ar reifreann na hAlban cúpla mí ó shin agus i bhfianaise ar thit amach in Albain, ba dhóigh le duine go gcuirfeadh an BBC suim mhór sa scéal chomh maith.

B’fhéidir go bhfuil sé ábhairín útóipeach a bheith ag súil le bráithreachas idir lucht labhartha mhionteangacha na hEorpa ach b’ait liom ar fad nár bhac Nuacht TG4 le scéal na Catalóine ach an oiread.

Ní raibh an tSúil Eile ar leathadh aréir i mBaile na hAbhann nó má bhí, ní ar na Catalónaigh a bhí sí dírithe. Géillim nach bhfuil an luach céanna nuachta ag roinnt le scéal na Catalóine ó chuir Maidrid cosc ar reifreann dlíthiúil, ceangailteach.

Mar sin féin, ní hé go bhfuil Barcelona i bhfad i gcéin, gur tír an-aduain í an Chatalóin, ná nach bhfuil ceangal dá laghad eadrainn. Cad is brí leis an Aontas Eorpach i ndeireadh thiar mura gcuirfimid suim ach i gcúrsaí na Breataine?

Chun an t-eolas is déanaí faoin jornada de participació a fháil, thugas an tráthnóna inné ag faire TV3.

Ní eagrán eile den X Factor a bhí uaim, slán mar a n-instear é: is mór idir TV3 na hÉireann agus TV3 na Catalóine.

Bíonn an chuma ar chainéal príobháideach na hÉireann go minic gur fo-stáisiún de chuid ITV atá ann lena mbíonn d’athchraoltaí aige ar chláracha móra Shasana. Is sa Chatalóinis amháin a chraolann TV3 na Catalóine agus is é príomhchraoltóir poiblí na tíre sin é. Is i gCatalóinis a bhíonn formhór na fógraíochta chomh maith.

Ba mhaith ann é TV3 inné chun eolas leanúnach a sholáthar, trí mheán na Catalóinise, ar an vótáil.

Ba bheo beathaíoch, corraitheach uaireanta, a bhí na cláracha nuachta i gcaitheamh an tráthnóna, léiriú gléineach ar thoil na ndaoine a dtuairimí i dtaobh an neamhspleáchais a léiriú, bídís ar a shon nó ina choinne.

Craoladh agallaimh le gnáthdhaoine ar theacht amach as an 1,300 stáisiún vótála dóibh, roinnt acu ag gol agus iad ag iarraidh go mbeadh neamhspleáchas ag an gCatalóin, fearg ar chuid eile nár tugadh cead dóibh reifreann ceart a reáchtáil, míshuaimhneas ar chuid eile arís go gcuirfí an fhéiniúlacht Spáinneach faoi chois dá mbainfí neamhspleáchas amach.

Taispeánadh an-chuid grianghraf a phostáil gnáthdhaoine díobh féin ag vótáil ar Twitter agus cuma bhródúil orthu lasmuigh de na bothanna vótála.

Cuireadh agallaimh ar dhaoine críonna, cuid acu sna 90í, a dúirt gur chaitheadar a saol ar fad ag fanacht le lá mar seo ach nach mbeadh aon toradh cinnte ar a gcinneadh. Ach b’ann chomh maith do dhaoine a chuir i gcoinne an reifrinn, go tréan agus go glórach.

Ag labhairt di i Spáinnis (údar suntais ar stáisiún gurb í an Chatalóinis a chnámh droma), dúirt Alicia Sánchex-Camacho, ceannaire an Partido Popular de Cataluña, gur ghríosaigh an vótáil ‘mhídhleathach’ fuath i gcoinne ‘ár ndeartháireacha agus deifiúracha ar fud na Spáinne’.

I Maidrid, mhaígh Aire Dlí agus Cirt na Spáinne, Rafael Catalá Polo, arís eile gur cur amú ama a bhí sa vótáil agus nach raibh aon dealramh léi. Tá ráitis mar seo déanta agus seandéanta ag an PP ó thosaigh an feachtas ar son neamhspleáchais ag bailiú nirt.

Taispeánadh Catalónaigh ag vótáil i dtíortha eile chomh maith, chomh fada ó bhaile le Silicon Valley. Cuireadh agallaimh ar iriseoirí ó thíortha eile a bhí tagtha go Barcelona chun an scéal a chlúdach.

Ina measc bhí tuairisceoirí ó thíortha nó ó cheantair ina labhraítear teangacha mionlaithe eile: pobal na Sáimise san Ioruaidh, teilfís na hOcatáinise i ndeisceart na Fraince agus stáisiún raidió Fraincise in Québec. Chualathas uachtarán an Generalitat, Artur Mas, i mbun agallaimh i mBéarla líofa le teilifís na Sualainne, á rá gur reáchtáladh la consulta go síochánta, gur cheart do gach Catalónach a bheith bródúil agus gur chóir do rialtas Rajoy ‘dul i mbun plé’ láithreach chun reifreann ceart a ghairm.

Agus dála Alex Salmond ar shráideanna Ghlaschú roimh reifreann na hAlban, chonacthas el president Mas ag síniú t-léinte ar iarratas ó dhéagóirí.

Ar cheann de na gnéithe suimiúla ó thaobh na sochtheangeolaíochta, bhí na hagallaimh ghearra a cuireadh ar eachtrannaigh a raibh Catalóinis líofa acu, go leor acu a raibh bratach na Catalóine, an senyera, caite ar a nguaillí acu go bródúil. Tá tréaniarracht déanta ag eagraíochtaí na Catalóinise, leithéidí Plataforma per la Llengua, an líon mór eachtrannach a mhealladh i dtreo na teanga agus bhí a rian sin le feiscint aréir, faoi mar a bhíonn ar TV3 go minic.

Cé gur las reifreann na hAlban pobal na tíre sin ar shlí nach bhfacthas cheana, brathaim go raibh faobhar breise ar na mothúcháin a léiríodh ar TV3 aréir: thuig an pobal go maith nach raibh ar bun i ndáiríre ach siombalachas agus bhí go leor acu den tuairim go raibh an daonlathas curtha faoi chois ag rialtas Rajoy.

Ar a 10 a chlog, d’fhógair Artur Mas go raibh go maith os cionn dhá mhilliún duine tar éis vóta a chaitheamh agus mar sin gur éirigh go hiontach leis an jornada de participació sna cúinsí inar reáchtáladh é. Is ionann é sin agus suas le caoga faoin gcéad den 5.4 milliún duine a bhí i dteideal vóta a chaitheamh, éacht as cuimse i bhfianaise stádas an ‘reifrinn’.

Len é a chur ar shlí eile, bhí beagnach leath an daonra sásta a dtithe a fhágaint agus fanacht go foighneach i scuainí fada lasmuigh de stáisiúin vótála chun páirt a ghlacadh i bpobalbhreith mhór nach mbeadh aon toradh cinnte uirthi, ar mhaithe le teachtaireacht pholaitiúil a thabhairt do Rajoy.

Léirigh muintir na Catalóine go soiléir gur mian leo smacht a bheith acu ar a gcinniúint féin, a dúirt Mas ar TV3, agus chaithfeadh rialtas na Spáinne aitheantas a thabhairt dá mian (dála an scéil, dhein sé an ráiteas céanna i gceithre theanga: Catalóinis, Spáinnis, Béarla agus Fraincis).

Deir Maidrid gur obair in aisce a bhí sa vótáil agus gur gá feidhmiú laistigh den bhunreacht.

Dar le Barcelona, caithfear reifreann a ghairm chun go bhfaighidh an Chatalóin smacht ar a cinniúint féin.

Fágann an bhearna ollmhór idir an dá thaobh agus an ghangaid a chuir lucht tacaíochta an españolismo sa dioscúrsa poiblí go bhfuil scoilteanna doimhne polaitiúla i stát na Spáinne nach bhfacthas a leithéidí ó tháinig an daonlathas i réim sna 1980í.

Ach ná bí ag brath ar na craoltóirí náisiúnta sa chuid seo den Eoraip má tá a thuilleadh eolais uait.

Ceann gníomhach Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr. John Walsh. Tá sé páirteach i dtionscadal taighde Eorpach faoi ‘nuachainteoirí’ mionteangacha i gcomhar le buíon taighdeoirí ag an Universitat Oberta de Catalunya in Barcelona. Tá eolas faoin tionscadal ag fáil ar Twitter @nuachainteoir nó ag www.nspk.org.uk

 

Fág freagra ar 'An Chatalóin: mothúcháin agus meáin'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tuairisc den scoth, ó dhuine a thuigeann cúsaí teanga. Ach ní bua do Artur Mas é seo, tá na poblachtánaigh sna sála air agus seans maith acu an toghchán a thiocfaidh go luath a bhaint. Corróidh sé sin An Spáinn.
    Is greannmhar an rud é go bhfuil naimhde na gCatalónach á rá nach daonlathas é reifreann nó comhairliúchán mar seo a reáchtáil – sliocht Franco, an deachtóir as Galicia, is ón cheantar céanna do phríomhaire an lae inniu, agus is éigean gur féidir Spáinnigh a thabhairt ar na Gallegos.