Reic na Nollag ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht – is fiú dul ann!

Is cinnte go bhfuil cúis mhaith ceiliúrtha ag lucht eagraithe Reic agus a bhfuil bainte amach i mbliana acu

hqdefault-1

Déanfar ceiliúradh anocht ar chéad bhliain Reic, an ócáid filíochta agus ceoil a leagann béim ar an bhfilíocht ó bhéal agus a bhfuil sé mar aidhm aici deis a thabhairt d’fhilí nua a gcuid dánta a aithris.

Is cinnte go bhfuil cúis ceiliúrtha ag Reic agus go háirithe ag Ciara Ní Éanacháin, bunaitheoir na hócáide.

Beimid ag súil le tuilleadh seod anocht ar chuma an iomainn mholta faoi bhróga Doc Martin a chuir Ciara inár láthair ag an Reic deireanach, a bhí ar siúl mar chuid d’fhéile LINGO. Ba ag an ócáid chéanna a chuir Ní Éanacháin inár láthair dán cumhachtach faoin imirce a chum sí agus í ag freastal an gceolchoirm ceiliúrtha in Albert Hall le linn chuairt an Uachtaráin ar Shasana. Chuir an ceann sin deora leis an deoraí fillte seo.

Beifear ag súil chomh maith le tuilleadh ó Eoin P. Ó Murchú, ar fhág a liricí gairide greannmhara ag gáirí sinn an babtha deireanach – dán scríofa ar chupán caife folamh ina measc.

Ba dheas tuilleadh a chloisteáil chomh maith ó Justyna Kosmulska, amhránaí, cruitire agus file, bean a bhfuil cuma ar leith uirthi – gruaig ar dhuibhe an fhiaigh agus gúna leathair chomh dubh céanna lena gruaig – a chan agus a d’aithris a cuid filíochta as Gaeilge, Polainnis agus Béarla -teangacha Bhaile Átha Cliath na linne seo!

Bleá Cliathach eile, a bhfuil an t-iarthar sa bhfuil ann, is ea Eoghan Ó Ceannabháin, file dátheangach a rabhamar faoi gheasa ag a dhán cumhachtach faoi bhean óg a raibh fonn uirthi tráth deireadh a chur lena saol.

Bíonn éagsúlacht mhaith ag baint le saothar Uí Cheannabháin agus chualamar uaidh chomh maith dán faoi athmhúscailt focal atá ‘caillte’ in aigne an chainteora athdhúchais, agus dán láidir tuisceanach faoi bhean feasa thiar a díbríodh as an gceantar a raibh sí ag cur fúithi ann.

Ócáid ilteangach a bhíonn in Reic agus tugadh deis le linn na bliana do leithéidí Rosalin Blue, a rinne dánta grá Gearmáinise August Stramm a reic, maille lena haistriúcháin go Béarla. Ba mhaith mar a chuir sí i láthair dúinn dánta fisiciúla, mothálacha an Ghearmánaigh a raibh baint aige le gluaiseacht an eispriseanachais.

Bhí cumhacht sna focail a reic sí lena colainn chomh maith lena guth.

Ba ag Reic a chuireamar aithne chomh maith ar Sebi C, fear a bhfuil athair Gearmánach agus máthair Éireannach aige. Cé go mbíonn sé ag rapáil is i mbun hip hop go minic, is ag canadh le tionlacan giotáir a bhí sé ag Reic, amhráin mhothúchánacha le Marlene Dietrich ina measc. Chuir sé clabhsúr ar imeachtaí na hoíche le hamhrán Giúdaise – an Tumbalalaika.

Cén áit eile a bhfaighfeá é ach ag Reic?

Tá an ócáid seo ag dul ó neart go neart agus b’fhiú go mór seal a chaitheamh i gcomhluadar Chiara Uí Éanacháin agus a cairde san ardchathair anocht.

 

– Tá Reic na Nollag ar siúl anocht, Déardaoin an 10 Nollaig, sa Generator Hostel, Margadh na Feirme, BÁC ag 20:30 pm

Fág freagra ar 'Reic na Nollag ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht – is fiú dul ann!'