‘Regime change’ i ndúiche na gcamán agus teannas ar ‘The Night Of’

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ná déan seanfhocal de do bharúil. Sin an ceacht a d'fhoghlaim ár léirmheastóir an tseachtain seo...

‘Regime change’ i ndúiche na gcamán agus teannas ar ‘The Night Of’

The Night Of

Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú? Bhí an colún seo á mhúnlú im cheann agam agus gan an chéad leath de chluiche ceannais na hÉireann caite fiú (The Sunday Game Live. RTÉ1, Dé Domhnaigh). An seanfhocal thuas ag rith liom nuair a taibhsíodh dom go ndéanfadh na Cait an t-aicsean arís eile.  Iad gob ar ghob ar chlár na scór cé gurbh fhearr i bhfad na Tiobradaigh ar pháirc na himeartha. Mé ag monabhar liom féin gurb é an seanphort céanna a bheadh ann sa darna leath agus go dtabharfadh fearaibh Cody an lá leo.

Ní mar a shíltear a bítear agus chaitheas mo sheanfhocal breá, agus an phíobaireacht eile a leanfadh é a chaitheamh thar claí. 

Níor ghalar aon duine amháin é a déarfainn óir go bhfuil na cosa tugtha leo ag Cill Chainnigh ó gach sórt gaiste le blianta anuas agus file caoch déanta acu dá gcéilithe comhraic go minic.  Faoin tráth is go raibh an cluiche ag tarraingt ar cheann scríbe b’éigean dom seanfhocal eile a tharraingt chugam. Cad faoi: ‘Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air’.

Is breá lem chroí laethanta mar seo. Ger Loughnane, Henry Shefflin agus Liam Sheedy ag cur díobh, tráchtaireacht Ghaeilge againn le Gary Mac Donncha/Pat Fleury agus na deasghnátha leadránacha, luachmhara ar fad, ó ghairm an Uachtaráin go dtí an pharáid.

‘B’fhearr liom go gcaillfeadh an dá fhoireann,’ a deir Aiden Tierney ar Up for The Match (RTÉ1, Dé Sathairn) agus é ag déanamh aithris ar Dhónal Óg Cusack. D’aontódh an Corcaíoch, Gaillimheach agus Déiseach  is antoiscí gur cluiche den chéad scoth a bhí ann, agus gur bua é a theastaigh go dóite, ní hamháin ón gcontae ach ón spórt.  Faoi mar a déarfadh an Poncánach tá ‘regime change’ tagtha go dúiche na gcamán.

Bhíos ag tnúth leis an táirge drámaíochta is déanaí ó cheárta TV3, Smalltown (Déardaoin), ach bhíos ábhairín díomách. Ní raibh aon mhórlocht agam air ach gur imigh sé thar fóir lena chuid iarrachtaí a bheith sollúnta agus rudaí tromchúiseacha a rá faoin imirce, an bás agus caidreamh na bhfear beagfhoclach.

Táirge é atá dírithe ar an mac Conor (Charlie Kelly) a théann ar imirce go Sasana ar feadh scaithimh agus a fhilleann ar an bhfód dúchais. Ba dhóigh leat ón bpusaíl ar fad go raibh sé caoga bliain san Astráil gan filleadh.

Chaith an fear céanna i bhfad an iomarca ama ag déanamh goir ar chúrsaí agus níor chabhraigh na seatanna teanna ar fad. 

Bhí cad é bús faoi Pat Shortt a bheith i mbun na haisteoireachta ‘dáiríre’ arís. Cé go raibh cuid de na míreanna leis féin agus a bhean Mary (Pauline O’Driscoll)  an-snasta fágadh sinn le saothar a thit áit éigin idir Killinaskully agus Garage, agus ní ar shlí mhaith.

Siad HBO máistrí na drámaíochta agus ualach cainte déanta faoin táirge is déanaí uathu The Night Of (Sky Atlantic, Déardaoin). Samhlaíodh ar dtús é mar leagan  Meiriceánach de Criminal Justice an BBC le James Gandolfini. Nuair a d’éag siúd bhí Robert de Niro le teacht i gcomharbacht air ach sa deireadh ba é John Turturro a earcaíodh mar cheann feadhna, agus is é siúd an phríomhchúis ar cheart duit féachaint ar an gclár teannasach, tuarúil seo. Cuireann Turturro dlíodóir truamhéalach ach deisbhéalach, idéalach ach soiniciúil, cróga ach meatach os ár gcomhair. É tite mar chúram air fear a bhfuil dúnmharú curtha ina leith a chosaint fad is atá sé féin ag iarraidh an ceann  is fearr a fháil ar an eachma (eczema). Cé go bhfuil an t-ábhar seanchaite in áiteanna agus go gcuirtear carachtair aontoiseacha os ár gcomhair in áiteanna eile, seo ceann de tháirgí móra an fhómhair agus is fiú go mór do shúil a chaitheamh air.

Fág freagra ar '‘Regime change’ i ndúiche na gcamán agus teannas ar ‘The Night Of’'