Redact, marriage equality, friendzone agus troll i measc 5,500 focal nua ar Foclóir.ie

80% d’ábhar an fhoclóra nua anois ar an suíomh leagan aipe den suíomh le seoladh go luath

25-01-2013 Repro Free Lost in translation: Ghost estates, cloud computing and retweet are amongst the new words in the new online English-Irish dictionary published by Foras na Gaeilge. Picture shows Clíodhna Ní Mhianáin (10) viewing the new online English-Irish dictionary www.focloir.ie at the launch in the National Gallery in Dublin. www.focloir.ie is the first national English-Irish dictionary since the publication of de Bhaldraithe in 1959. PIC: MAXWELLS NO FEE

Tá os cionn 5,500 ceannfhocal, lena n-áirítear 15,000 aonad céille nua, curtha leis an suíomh Foclóir.ie. Fágann sé sin nach bhfuil ach 20% d’ábhar deiridh an fhoclóra le cur ar an suíomh anois.

Táthar ag súil go gcuirfear an t-ábhar sin leis an suíomh ag deireadh na bliana seo agus go gcuirfear leagan clóite ar fáil an bhliain seo chugainn.

Beidh leagan aipe den suíomh ar fáil ar an App Store agus ar an Play Store araon do ghléasanna Apple agus Android roimh dheireadh mhí Iúil.

Roghnaíodh na focail a cuireadh leis an suíomh an geábh seo bunaithe ar aiseolas a fuarthas ón bpobal, taighde a rinneadh ar na focail is mó cuardach ar an suíomh agus minicíocht na bhfocal sa Bhéarla. Anuas air sin, roghnaíodh focail agus frásaí a raibh baint acu le himeachtaí a bhí nó a bheas i mbéal an phobail, ar nós an reifrinn ar an bpósadh an mhí seo caite agus Corn Domhanda an Rugbaí a bheas á imirt i Sasana san fhómhar.

Cuirtear fáilte roimh aiseolas ón bpobal agus tá snas curtha ar ábhar uile an tsuímh bunaithe ar an aiseolas sin a fuarthas i gcaitheamh na bliana.

Seo thíos deich bhfocal nua a cuireadh leis an bhfoclóir an mhí seo:

Focloir

Fág freagra ar 'Redact, marriage equality, friendzone agus troll i measc 5,500 focal nua ar Foclóir.ie'

  • padraig

    Is iontach an obair í seo;gaisce gan aon agó.