‘Rebellion’ RTÉ – caolchúiseach agus liobarnach in éineacht agus boladh róláidir an Phersil ó na cultacha

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní gan locht a bhí an chéad ghála de mhórshaothar RTÉ do chomóradh Éirí Amach na Cásca, a deir ár léirmheastóir teilifíse

Cítear triúr ban óg ag canadh i saothar de chuid Gilbert agus Sullivan. I ndiaidh an cheoldráma déantar a dtaispeántais a thréaslú leo anairde staighre mar a bhfuil na huaisle gléasta go péacógach agus ag diúgadh ar a suaimhneas. Ní fada nó go glcoistear an clog ag bualadh ag fógairt go bhfuil an Chéad Chogadh Domhanda curtha sa tsiúil. Tar éis dreas cainte ag adhradh an Rí agus ag fógairt teacht an Rialtais Dúchais déantar God Save The King a chanadh go groíúil. Tá seat teann den triúr ban. Duine acu ag canadh ar a dícheall, duine go drogallach agus an duine eile tostach agus a ceann faoi aici. Tugann an radharc sin éachtaint shoiléir ar an tslí go dtugann an saothar seo faoi pholaitíocht chigilteach na tréimhse ar shlí atá caolchúiseach agus liobarnach in éineacht.

Tá cad é bús faoi Rebellion, mórshaothar RTÉ do chomóradh Éirí Amach na Cásca, le tamall anuas. Le buiséad de thuairim is €6 mhilliún tá sé ar an tsraith is costasaí riamh ó cheárta na craoltóra seirbhíse poiblí. Tá sé ráite le blianta gur thug an stair droim láimhe leis na mná a raibh ról lárnach acu sa tréimhse seo, agus má dhein tá an saothar seo chun sin a chúiteamh agus triúr ban mar an triúr ceann feadhna.

Tá cur chuige dúshlánach tarraingthe chuige féin ag Colin Teevan (an té a sholáthraigh an scríbhinn do Charlie) sa mhéid is gur as scioból a shamhlaíochta atá an triúr ban tagtha agus is mar a fheicfear dóibh siúd é a chífidh an lucht féachana eachtraí na Cásca agus na blianta ina dhiaidh sin. Más aon chomhartha é an chéad ghála is saothar seanré é seo a bhfuil blas sobaldrámatúil agus méaldrámata air ar uairibh agus pearsana móra staire ag strácáil leo sa chúlra.
Rudaí iad sin nach mbeidh na saoithíní staire róshásta faoi.

Bean uasaicmeach í Elizabeth Butler (Charlie Murphy) atá ag dul le leigheas agus ag ganfhiosaíocht ar a tuismitheoirí lena ballraíocht in Arm Carthara na hÉireann. Tá Frances O’Flaherty (Ruth Bradley) ina ball díograiseach, neamhbhalbh de Chumann na mBan. I radharc a tháinig aniar aduaidh orm bhí comhrá breá i nGaeilge aici le Pádraig Mac Piarais. Ansin tá May Lacey (Sarah Greene) againn, bean atá ag obair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ag luí leis an piarda Sasnach atá mar bhas aici, Charles Hammond (Tom Turner).

Tugann an triúr acu taispeántais ábalta uathu agus is léir gur aisteoir go smior í Murphy ach go háirithe. Ina dhiaidh sin féin, caithfidh sí a léiriú go bhfuil níos mó i gceist lena réimse aisteoireachta ná bheith ina cráiteachán má tá uaithi éalú ó chuibhreacha Shiobháin agus Love/Hate.

Déantar an-iarracht Baile Átha Cliath na linne a léiriú agus go leor radharcanna taobh amuigh ó thús deireadh mar aon le cultacha cuidsúlacha le feiscint ar fud na mball. Ar an drochuair taibhsíodh dom go raibh an rud ar fad róshnasta, rógheal agus róghléineach. Mheasas go rabhas in ann boladh an Phersil a fháil ós na cultacha. Cé go ndéantar tagairt do shlumaí Bhaile Átha Cliath, a bhí ar na cinn is measa san Eoraip, a deirtear linn, ní chruthaítear iad chun mo shástachta. Táthar róchompordach ag faoileáil ar na huaisle á la Downton Abbey (an bhfuiltear ag cuimhneamh cheana féin ar an easpórtáil go Meiriceá). Tá scéal Jimmy Mahon (Brian Gleeson) agus lucht na slumaí in áit na leathphingne, go dtí seo ar aon nós.

Bogann an chéad ghála ar aghaidh ar a bhogstró agus téann rudaí chun leadráin ábhairín ar uairibh. Maithfear sin mar go bhfuil na máithreacha á leagadh don gceithre chlár atá le teacht. Caitear go leor dua le castacht na féiniúlachta Éireannaí a chíoradh. Ag an am céanna tá rudaí ar nós an difríocht idir Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann ag imeacht sa bhfraoch orainn.
Tús réasúnta maith ach is ina thosach atáimid.

Fág freagra ar '‘Rebellion’ RTÉ – caolchúiseach agus liobarnach in éineacht agus boladh róláidir an Phersil ó na cultacha'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Tosach nach maith, ní leath na hoibre. Leamh go maith (!) tá idir aisteoireacht is phlota. Downton Abbey i gcoimheascar le 1916!