‘Réamhspleáchadh ar bhás teanga’ – Gan fágtha ach ceantar Gaeltachta amháin ina bhfuil an teanga fós ‘láidir’ i measc an aosa óig

Deirtear sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana ‘más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’

Clúdach

De réir taighde nua ar phatrún labhartha na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta, níl fágtha sa tír ach aon cheantar ‘láidir’ Gaeltachta amháin – Ros a’ Mhíl i gcontae na Gaillimhe.

155 toghroinn ar fad atá sa Ghaeltacht.

De réir na tuarascála, is ionann anois an patrún labhartha teanga seo sa Ghaeltacht – í seasmhach i measc an aoisghrúpa is sine amháin – agus “réamhspléachadh ar an mbás teanga”.

Maíonn údair na tuarascála nua ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta, go mb’fhéidir gur “i ngréasáin na seantuismitheoireachta” amháin a bheidh “nósanna Gaeilge á gcleachtadh go saoráideach” sa Ghaeltacht faoi cheann deich mbliana.

Áitítear sa tuarascáil taigde atá á foilsiú inniu “nach bhfuil an Ghaeltacht, mar atá sí, inmharthana, más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht” agus “go bhfuil an creimeadh atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim amach ag ráta níos tapúla ná mar a bhí á thuar sa SCT [Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007)]”.

Maíodh sa staidéar sin, ar a bhfuil an taighde nua bunaithe, nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach idir 15 agus 20 bliain. Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús,  “ródhearfach” a bhí an tuar sin dar le húdair an taighde nua, Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton.

De réir Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, is í Cill Chuimín (Ros an Mhíl) i gConamara an t-aon toghroinn Ghaeltachta a chomhlíonann critéar Chatagóir A i gcás fhaisnéis na n-óg.

De réir na bhfigiúrí nua, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2011, is é Ros a Mhíl an t-aon áit sa Ghaeltacht ina bhfuil níos mó ná 67% de dhaoine óga ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, rangaíodh na ceantair Ghaeltachta ar fad de réir trí cinn de chatagoírí – A, B agus C – bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge iontu.

Bronnadh stádas ‘Catagóir A’ ar na ceantair is láidre teanga – na ceantair ina raibh breis agus 67% de dhaoine ina gcainteoirí laethúla Gaeilge – agus cuireadh na ceantair is laige i ‘gCatagóir C’.

Ag tagairt do na ceantair Gaeltachta is láidre ó thaobh na teanga de, deirtear sa taighde nua go “maireann tuismitheoirí agus seantuismitheoirí na nGaeilgeoirí óga i gceantair Chatagóir A ach maireann a gclann agus a ngarchlann i ngréasáin cheantair atá ar aon dul le Catagóirí B agus C”.

21 toghroinn Ghaeltachta atá anois i gCatagóir A, de réir dháileadh na faisnéise a bhaineann le torthaí Dhaonáireamh 2011, agus 26 agus 108 toghroinn atá i gCatagóirí B agus C faoi seach.

Léiríonn an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch chomh maith gur tháinig laghdú ar líon na dteaghlach a shaothraigh deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i 2010 i gcás 11 de na 21 toghroinn i gCatagóir A. Laghdú “an-suaithinseach” a bhí i gceist i gcás seacht dtoghroinn den aon cheann déag sin.

Maítear nach ionann anois fiú rangú ceantair i gCatagóir A agus é a bheith mar “cheantar láidir Gaeilge‟ toisc go bhfuil fianaise ann i gcás ceantair i gCatagóir A nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt “mar nós bisiúil sóisialta i measc na nglúinte ar fad”.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfágann an patrún teanga seo nach bhfuil “an Ghaeltacht buan mar atá sí” agus go bhfuil an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla “á chur i gcrích go tréan i gCatagóir A na Gaeltachta”. 

Maítear go “dtiocfaidh ceannas sóisialta an Bhéarla chun cinn i ngach ceantar sa Ghaeltacht taobh istigh d’achar gearr blianta”.

“De réir threocht na fianaise seo, is é is dóichí nach mairfidh aon cheantar Gaeltachta, mar a thuigtear go sóisialta agus go cultúrtha í, níos faide ná tréimhse deich mbliana ag an bpointe seo,” a deirtear.

Ní bheidh fágtha in “iarsama na Gaeltachta” faoi cheann deich mbliana, a deirtear, ach “gréasáin scáinte Ghaeilge i gceantair ar leith”.

“Faoi réir cúinsí reatha, ní mhairfidh an rannpháirtíocht phobail a thugann brí Ghaelach do shainiúlacht na Gaeltachta ach tréimhse ghairid eile. Tá ceannas feidhmiúil an Bhéarla sna limistéir Ghaeltachta trí chéile ag déanamh díláithrithe ar fheidhm na Gaeilge iontu.

“Is é an toradh a bheidh ar dhíláithriú seo na Gaeilge ná imeacht as na Gaeltachta, de réir mar a thuigtear go sóisialta agus go cultúrtha í,” a deir údair na tuarascála nua.

Tá an Nuashonrú bunaithe ar thorthaí na gceisteanna teanga sna Daonáirimh 2006 agus 2011 agus ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge a fhreagraíonn do na tréimhsí céanna, sin torthaí na scéime ó 2005/2006 agus 2010/2011.

Fág freagra ar '‘Réamhspleáchadh ar bhás teanga’ – Gan fágtha ach ceantar Gaeltachta amháin ina bhfuil an teanga fós ‘láidir’ i measc an aosa óig'

  • padraig o donnchu

    Agus bhfuil faic le ra ag an aos og ‘cul le cine’ sin mar gheall air seo? Bhfuil se in am an t-aos og a cheistiu faoin treigint seo, faoin mhuirtheacht seo? An bhfuil aon mhortas cine fagtha iontu, aon spriorad naisiunta, aon tirghra no aon teangaghra? An ndeanann siad aon mhachnamh ar na ceisteanna seo.
    Bhios ag caint le leaid og le gairid i dtigh tabhairne mar gheall air seo agus is e a bhi le ra aige aris is aris eile na:
    ‘the past is the past’, ‘this is 2015’…..’get with it (‘it=the programme’ de reir dealraimh)
    Cuimhnigh air sin i gceart anois agus an meon (mas meon i) ata laistiar den chaint scanruil sin.
    Caithfidh me a admhail gur eirios ar mo chosa deiridh chuige. Nach in ata ag teastail o na maistri polaitaiochta ar fud na cruinne .i. go ndeanfai dearmad ar an stair (Ruairi Quinn et al), go scoiltfi na pobail? Ar an gcuma sin is ea is fusa dhoibh an todhchai a mhunlu d’reir na hiomha a chruthoidh siad sin – na maistri- dhuinn? Tabula rasa an aosa oig agus a gclo fein a chur ag polaiteoiri air agus an t-aos og ceanna ag umhlu chucu agus ag muineadh meili da maithreacha agus da n-athaireacha san am ceanna?
    An e sin an fath, n’fheadar, gur thainig siad abhaile ina milte ar eitleain agus gur votail na milte eile acu den chead uair riamh i gcomhair reifreann faoi shainaitheantas, faoi ‘ghra’ na n-aerach? Cen fath nach bhfuil siad chomh gafa ceanna le morcheisteanna eile, mar ata, an Ghaeilge, an aeraid, uisce, an leatrom atathar a dheanamh ar na bochtain etc?
    An amhlaidh nach bhfuil siad sin ‘cool’ no ‘faiseanta’ go leor?
    Cheistios an leaid og sin faoin reifreann agus ni mor na go raibh an rud ceanann ceanna le ra aige faoi…the past is the past…. .
    Ba leir nach raibh an cheist (faoin reifreann) suaite ina aigne in aon chor aige, ni hairim aon cheist faoin naisiun/teanga. Agus is colaisteanach e seo a bhfuil ardcheim aige san Eolaiocht.
    Cuireann an t-aos og seo ana-dhioma orm ach is ag magadh chugainne seanoiri (50+) a bhionn siad. Duirt se go rabhasa ‘weird’, durtsa leis siud ar ais (i measc a lan rudai eile) an rud a duirt Bob Dylan (seanoir eile) .i.
    the past is not dead, it’s not even passed’.
    Chuas abhaile ansin go tromspagach, doiliosach, dobhronach.

    • Darragh Ó Chaoimh

      Is mór an trua gur chas tú le duine mar sin, a Phádraig, ach ar ndóigh , níl gach duine óg cosúil leis. Is déagóir ón nGalltacht mise, ní labhraíonn aon duine i mo theaghlach an Ghaelainn agus ní labhraíonn aon duine des mo chairde an Ghaelainn ach an oiread. Cad ina thaobh gur fhoghlaim mé an Ghaelainn mar sin ? Mar go gceapaim go bhfuil an Ghaelainn tábhachtacht sa lá atá inniu ann. Mhúscail mo sheanmháthair grá don Ghaelainn ionam. Bhí meas aici ar na filí agus ar an litríocht an bhain lenár dteanga. Mar sin, creidim anois go bhfuil an Ghaelainn mar pháirt lárnach de m’fhéiniúlacht Éireannach. Tuigim go raibh an Ghaelainn mar phríomhteanga na tíre seo go dtí le déanaí. Má chailltear an Ghaelainn, cailltear an chuid is mó dár n-oidhreacht leis.Má dhéantar neamhaird ar ár dteanga, déantar neamhaird ar an chuid is mó dár stair.

      Cuireann sé frustrachas orm nuair a chloisim caint mar gheall ar dhaoine óga na Gaeltachta ag labhairt as Béarla, dá mbeinn ina n-áit, bheinn ag labhairt as Gaelainn. Ach caithfimid machnamh a dhéanamh ar an mbrú atá ar aos óg na Gaeltachta ón taobh amuigh. Tá gach amhrán “pop” i mBéarla, teastaíonn ó dhaoine óga a bheith cosúil le daoine óga eile agus tá amhráin pop fite fuaite le saol an duine óig. Creid nó ná creid, níl sean-nós cool , mar sin caithfidh eagraíochtaí Gaeilge iarracht níos fearr a dhéanamh chun amhráin pop a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta ionas go mbeidh an Ghaelainn cool. Tá gaisce déanta ag Lurgan maidir leis sin

      Ar deireadh, creidim go mbeidh an Ghaelainn beo i gceann 10 mbliana. Beidh sí níos laige, ach beidh sí ann. Caithfidh pobal na gaeilge iarracht níos fearr a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga na Gaeltachta. Bheadh stáisiún radio ar leith do dhaoine óga na Gaeltachta mar thosach maith.

      P.S. A Phádraig, tá daoine drochbhéasacha ar an saol seo gan dabht, bíodh siad ina daoine óga nó ná bíodh. Ná chaill do mhisneach in aos óg na tíre seo, nílimid chomh dona san!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá fadhb bhunúsach atá ag baint leis an anailís seo: tá áiteacha dhá áireamh mar cheantair Ghaeltachta le stádas Chatagóir C nach sroiseann na bun chritéir a leagadh síos do Chatagóir C sa Staidéar Chuimsitheach Teangeolaíoch (SCT) i 2007!

    So nuair a deirtear go bhfuil 108 Toghroinn ina gceantair Ghaeltachta de chatagóir C, is cur i gcéill é seo agus tá ÉAGÓIR á dhéanamh ar an 26 ceantair Ghaeltachta a shroiseann an critéar do Chatagóir C iad a chur sa bhoiscín céanna le ceantair nach bhfuil Gaeilge ar bith iontu. (108 – 26 = 82 an líon Togharoinn NACH sroiseann na bunchritéar a leag Conchúr síos sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, ach nár chuir siad i bhfeidhm an uair sin ach an oiread, ar chúiseanna nach dtuigim.)

    Tabharfaidh mé sampla den éagóir seo:
    Sé an critéar a leagadh síos sa SCT do chatagóir C ná (i) idir 10% agus 29% de theaghlaigh i dteideal cur isteach air a bheith ag fáil an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge agus (ii) an céatadán de chaiteoirí laethiúla do réir an Daonáireamh a bheith idir 30% agus 43%.

    Tóg NA FORBACHA. É i gCatagóir C ó cheart mar go bhfuair 13% an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge agus go raibh 43% ag éileamh gur usáid siad an Ghaeilge go laethúil.

    Tá na Forbacha sa Chatagóir céanna le Tulach Mhic Aodháin (Maigh Chuilinn) mar shampla, áit a bhfuair 0% an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge agus nach bhfuil ach 25% ina gcainteoirí laethiúla, i bhfad faoin 30% a leagadh síos mar bhun chritéar.

    Tá áiteacha níos measa ná Tulach Mhic Aodháin agus tá Conchúir ag iarraidh a chur ina luí orainn go mba cheart go mbeidís sa Chatagóir chéann leis Na Forbacha, áit a bhfuil scoil náisiúnta ag feidhmiú trí Ghaeilge, seirbhisí eaglasta (go bhfios dom) trí Ghaeilge agus Coiste Pobail ag feidhmiú trí Ghaeilge.

    Id trua go gcoinníonn Conchúir ag tabhairt le fios go mba cheart aitheantas Ghaeltachta a bheith ag ceantair ina bhfuair an Ghaeilge bás dhá ghlún ó shin. Ní cabhair ar bith é sin do na beagán áiteacha ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.

  • Séamas Ó Donnghaile, Bunscoil Mhic Reachtain

    Is ábhar mór imní an tuairisc seo Uí Ghiollagáin bíodh is go bhfuil corrdhuine ag cur in éadan cuid den eolas atá inti. Taobh leis sin, tá ceist mhór amháin ann: Cén obair atá ar siúl le gníomhairí teanga a dhéanamh de mhuintir na Gaeltachta (idir óg agus aosta)? Tá obair mhór le déanamh againn uilig ach smaoiním ar fhocail Enrí Uí Mhuireasa (i 1926) nuair a mhaígh sé go raibh réimse cainteoirí Gaeilge ann agus a dhearcadh féin ag gach duine den Ghaeilge ach go raibh dearcadh ar leith ag baint leis an fhear Gaeltachta a bhfuil na hamhráin agus an fhilíocht aige. Dearcann an duine sin, dar leis, ar an Ghaeilge mar a amharcann máthair ar shlua páistí atá ag súgradh le chéile – tá gach páiste gálanta ach níl páiste ar bith níos deise ná a páiste féin. Sin an dúshlán is mó atá romhainn – eolas a thabhairt do dhaoine, go háirithe don aos óg, ar an áilneacht a bhaineann lenár dteanga féin, gach saoirse a bhaineann léi, gach sonas a chuireann sí orainn, gach treoir a thugann sí dúinn tríd na seanfhocail agus an droichead is í chuig an tír/daoine a chuaigh romhainn agus an tír is mian linn bheith againn.
    Ó bhí mé i mo ghasúr chaith mé a oiread ama agus a tháinig liom i nGaeltacht Thír Chonaill. Níor casadh ormsa ariamh ach daoine a bhí bródúil as a dteanga féin a bheith acu in áit glacadh le teanga a brúdh orthu. Thug mé féin agus cairde liom 60 duine chuig dianchúrsa Gaeilge i nGort a’ Choirce cúpla lá ó shin. Bhí muid ansin nuair a pléadh an tuairisc seo ar na meáin – agus rith smaoineamh liom: An bhfuil an lá ag teacht go mbeidh daoine as ‘iarcheantair Ghaeltachta’ ag teacht go leithéidí Bhéal Feirste, Chorcaigh agus Bhaile Átha Cliath le Gaeilge a fhoghlaim?
    Níl ach bealach amháin chun tosaigh againn – an fhoghlaim cheart a bheith daoine ar ‘bhláth na hÉireann’ mar a thug Seán Bán Mac Grianna uirthi. Is eagal dom go raibh an ceart ag an Phiarsach – chruthaigh córas oideachais na tíre seo dream a ghlacann le haineolas agus le haintreoir. Mar fhocal scoir, ní deontais agus airgead de dhíth orainn ach daoine. Ná bímis i muinín rialtais nó is iad is mó atá aineolach ar chúrsaí Gaeilge a oiread is atá siad aineolach ar chúrsaí Iodálaise, Fraincise nó Gréigíse.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl an méid seo ag tíocht leis na fíricí:

    ‘De réir Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, is í Cill Chuimín (Ros an Mhíl) i gConamara an t-aon toghroinn Ghaeltachta a chomhlíonann critéar Chatagóir A i gcás fhaisnéis na n-óg.

    De réir na bhfigiúrí nua, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2011, is é Ros a Mhíl an t-aon áit sa Ghaeltacht ina bhfuil níos mó ná 67% de dhaoine óga ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.’

    Tá an scéal sách dona gach é a chur as riocht uilig. Féach lth. 209 den tuarascáil faoi % Cainteoirí Laethiúla 3 – 18mbl 2011: Na Forbacha (78.3%); Cill Chuimín (95.5%); Co;; Aithnín (90.3%); Sailearna (92.6%); An Spidéal (87.5%).