‘Réaltaí’ óga i mbun na haimsire ar TG4

Tá cúigear daoine óga ó cheann ceann na tíre ag cur réamhaisnéis na haimsire i láthair ar TG4 ar feadh na seachtaine

‘Réaltaí’ óga i mbun na haimsire ar TG4

Mícheál Ó Ciaraidh ó Chúla 4 agus Caitlín Nic Aoidh ón Aimsir Láithreach in éineacht le Méabh Ní Ghionnáin, Lúsaí Nic Giolla Easpaig agus Micil Mac Donncha

Is dóigh go bhfuil sé tugtha faoi deara ag lucht féachana dílis TG4 go bhfuil athrú tagtha ar réamhaisnéis na haimsire ar an stáisiún — ach ní hí an aimsir féin atá athraithe, faraor.

Reáchtáil an stáisiún comórtas an mhí seo caite agus tugadh deis don chúigear buaiteoirí óga an réamhaisnéis a chur i láthair na mílte duine.

Iarradh ar na daoine óga a raibh spéis acu san ábhar físeán a churfaoi bhráid an stáisiúin ina ndearnadh cur síos ar an duine óg féin agus an chúis gur cheart é nó í a roghnú chun an mhír aimsire roimh Nuacht TG4 a chur i láthair.

Dúirt TG4 go bhfuarthas “lear mór iarratas” ó pháistí ó cheann ceann na tíre agus go raibh go leor oibre le déanamh ag na moltóirí chun an cúigear a roghnú.

D’éirigh leo ar deireadh Keela Donnabháin ó Bhaile Átha Cliath, Phelim Tyrell ó Phort Láirge, Lúsaí Nic Giolla Easpaig ó Thír Chonaill agus Méabh Ní Ghionnáin agus Micil Mac Donncha ó chontae na Gaillimhe a roghnú.

Tugadh cuireadh do na buaiteoirí óga chuig stiúideo TG4 i mBaile na hAbhann i nGaillimh agus tugadh ar thuras timpeall an stáisiúin iad. Chuir láithreoirí aimsire an TG4 ceardlanna gearra ar siúl don chúigear sular tosaíodh ar an taifeadadh.

Go dtí seo, chonacthas Keela, Phelim, agus Lúsaí ar an teilifís díreach roimh Nuacht TG4, agus beidh Méabh agus Micil ann anocht agus san oíche amárach. Beidh na míreanna aimsire le feiceáil go buan ar leathanach YouTube TG4.

“Is deis iontach atá anseo dár lucht féachana óg an aimsir a chur i láthair, casadh lena gcuid laochra agus spraoi a bheith acu ag an am céanna! Chuaigh na hiomaitheoirí agus an tsuim a bhí acu sa chomórtas i bhfeidhm go mór orainn.

“Is léiriú cinnte é go bhfuil an teanga beo bríomhar i measc ár lucht féachana óg agus sna scoileanna. Bhí gach iontráil ar ardchaighdeán agus ní raibh sé éasca ag na moltóirí cúigear buaiteoirí a roghnú,” a dúirt Karina Feirtéar, Bainisteoir Óige TG4.

Fág freagra ar '‘Réaltaí’ óga i mbun na haimsire ar TG4'