Réalta óg an Daingin roghnaithe do chluiche san AFL den chéad uair

Cé nach bhfuil ach ceithre chluiche imeartha ag Mark O’Connor d’fhoireann chúltaca Geelong go dtí seo, ainmníodh an fear Gaeltachta i bpríomhscuad na foirne do chluiche an tSathairn seo

Réalta óg an Daingin roghnaithe do chluiche san AFL den chéad uair

Iarimreoir Chiarraí, Mark O'Connor. INPHO/Ryan Byrne

Beidh an seans ag iarimreoir Chiarraí Mark O’Connor a chéad chluiche san AFL a imirt an deireadh seachtaine seo agus ardú céime tugtha cheana féim ag Geelong dó go dtí an chéad fhoireann.

Is i mí Dheireadh Fómhair a rinne fear óg an Daingin an cinneadh éirí as an bpeil Ghaelach agus aghaidh a thabhairt ar an Astráil, agus cé nach bhfuil ach ceithre chluiche imeartha aige d’fhoireann chúltaca Geelong go dtí seo, is léir go bhfuil O’Connor imithe i bhfeidhm ar na cóitseálaithe. Tá an fear Gaeltachta ina bhall den phríomhscuad a thabharfaidh aghaidh ar Essendon an Satharn beag seo.

D’imir O’Connor a chéad chluiche sa pheil Astrálach níos lú ná mí ó shin, ar an 16 Aibreán, agus cé nach bhfuil ach trí chluiche eile imeartha aige sa VFL ó shin, tugadh an t-ardú céime dó nuair a gortaíodh imreoir óg eile de chuid Geelong, Brandan Parfitt, i rith na seachtaine.

Bhuaigh O’Connor Craobh Mhionúir na hÉireann in 2014 agus in 2015 agus bhuaigh sé Corn Uí Ógáin le Pobalscoil Chorca Dhuibhe sna blianta céanna.  Measadh go mbeadh O’Connor ar cheann de réalta fhoireann peile Chiarraí amach anseo. Ní mar a shíltear a bítear, áfach, agus tar éis dó páirt a ghlacadh san AFL Combine anuraidh shínigh sé conradh dhá bhliain le Geelong.

Tá tús maith déanta ag Geelong sa tsraith i mbliana agus iad sa tríú háit faoi láthair. Is é cluiche an tSathairn. an t-ochtú cluiche acu an séasúr seo agus tá cúig cinn buaite cheana acu.

Fág freagra ar 'Réalta óg an Daingin roghnaithe do chluiche san AFL den chéad uair'