Réalta na maidine ag fágáil slán agus Cathal Mac Coille ag éirí as RTÉ

Chuir Cathal Mac Coille 'Morning Ireland' i láthair don uair dheiridh ar maidin. Labhair sé le Tuairisc.ie faoina shaol fada fónta mar iriseoir le RTÉ

Réalta na maidine ag fágáil slán agus Cathal Mac Coille ag éirí as RTÉ

Morning Ireland curtha i láthair don uair dheireanach ag an iriseoir agus craoltóir dátheangach aitheanta, Cathal Mac Coille.

Bhog Mac Coille ó RTÉ go TnaG nuair a thosaigh an stáisiún lán-Ghaeilge ag craoladh den chéad uair in 1996 agus bhí sé ar an gcéad chomhfhreagraí polaitíochta ag an stáisiún nua. Nuair a d’fhill sé ar RTÉ in 2001, ceapadh é mar dhuine de láithreoirí Morning Ireland, ceann de na postanna is mó gradam i saol na hiriseoireachta in Éirinn.

Dúirt sé le Tuairisc.ie gurb é an t-athrú is mó atá feicthe aige ina ghairm i gcaitheamh na mblianta ná an tionchar a bhí ag teacht na meán sóisialta ar chúrsaí iriseoireachta in Éirinn.

Dúirt sé gur chruthaigh na meáin shóisialta idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí don iriseoir agus go bhfuil an cheird athraithe as cuimse le 20 bliain anuas acu.

“Nuair a thosaigh mé le Morning Ireland ní raibh fadhb na meán sóisialta ann. Bhí daoine ag caint faoin rud a dúradh ar an gclár, ach leis na meáin shóisialta is minic a bhítear ag caint faoi rud nár dúradh riamh, nó leagan contráilte de rud a dúradh.

“Tá buntáistí ag baint leo cinnte. Is iontach an bealach atá ann teacht ar chainteoirí Gaeilge, nó ar dhuine ar bith, thar lear. Ach tugann na meáin nua seo deis do daoine an-dochar a dhéanamh freisin. Bítear do do cheartú ar na meáin shóisialta ach nochtar tuairimí gránna freisin orthu,” a dúirt sé.

Luaigh sé go sonrach scéal bhuamáil Boston in 2013,  nuair a bhí tuairiscí míchruinne éagsúla ar na meáin shóisialta faoin eachtra, mar shampla den dochar is féidir a dhéanamh ar na meáin shóisialta.

“Bhí cúpla scéal sna meáin thall ar feadh tamaill, na póilíní ag cuardach lucht na buamála agus araile. Chuir duine éigin tuairisc amach, ‘seo iad na daoine atá á gcuardach ag na póilíní’ ach is daoine a bhí go hiomlán neamhchiontach a bhí i gceist.

“Níor chraol RTÉ aon tagairt de na daoine a ainmníodh agus níor thagair muid de na tuairiscí gur ainmníodh iad. Mar a cruthaíodh sa deireadh bhí na tuairiscí sin go hiomlán bréagach,” a dúirt sé.

Dúirt sé go ndearna na meáin shóisialta éagóir ar an mbeirt a ainmníodh, agus gur thug siad deis don phobal cáineadh gan bhunús a dhéanamh ar leithéidí iriseoirí RTÉ.

“Dúradh linne ag an am ‘Níl an scéal iomlán agaibhse!’, ach nuair a tháinig sé chun solais nach raibh na daoine sin ciontach ní dúirt duine ar bith ‘Maith iad RTÉ, níor scaip siad raiméis,’” a dúirt sé.

Agus é ag éirí as an gclár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn, dúirt Mac Coille, ar colúnaí é le Tuairisc.ie, gurb é aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta an tréimhse is spéisiúla agus is mó a fhanfaidh ina chuimhne óna shaol mar iriseoir.

“Ba é sin an chéad uair ar airigh mé go raibh sé ar chumas polaiteoirí rudaí a réiteach. Cuireadh síol an dóchais an uair sin. Chuir mise agallamh go mion minic ar John Hume agus is togra é togra na síochána a raibh Hume ag caint air le fada fada an lá. Ba phribhléid é a bheith i mbun na ceirde seo an uair sin,” a dúirt sé.

Dar le Mac Coille, ar bheag meán Gaeilge nach raibh lámh aige ann le blianta fada, go dtugann an dátheangachas buntáiste breise don iriseoir agus é ag iarraidh ciall a bhaint as na freagraí a thugtar ar  cheisteanna.

Bíonn sé de bhua ag an iriseoir dátheangach, dar leis, “léamh” eile a dhéanamh ar ráitis polaiteoirí mar gheall ar an aird a bhíonn ag an té atá dátheangach ar na focail agus an friotal a bhíonn in úsáid.

“Dúradh liom agus mé ag éisteacht le polaiteoir ag cur as i mBéal Feirste aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ‘don’t mind what he’s saying, what’s he really saying?’, agus má bhíonn an dá theanga agat, bíonn an tuiscint bhreise sin sna féitheacha ionat. Bíonn tú ag smaoineamh ar fhoclaíocht agus ar bhrí na bhfocal i gcónaí.”

Dúirt Mac Coille nach bhfuil tuairim aige céard atá amach roimhe anois agus é ag éirí as a ról ar  Morning Ireland agus a phost in RTÉ, ach go mbeidh sé ag scríobh go rialta do Tuairisc.ie i gcónaí.

Dúirt sé gur “athrú mór saoil” atá amach roimhe. Níl sé cinnte fós cé chomh mór is a aireoidh sé uaidh an clár, ach is cinnte go ndéarfadh a chuid éisteoirí go n-aireoidh siadsan uathu a chuid ceisteanna stuama, tomhaiste agus éifeachtacha ar maidin.