Réalta ‘Game of Thrones’ ina ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge

Tá Art Parkinson, nó Rickon Stark ó Game of Thrones mar is fearr aithne air, le bheith ina ambasadóir don fhéile idirnáisiúnta teanga a bheidh ar siúl i mí an Mhárta

Réalta ‘Game of Thrones’ ina ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge

 

Tá Art Parkinson, a bhfuil cáil bainte amach aige ar fud an domhain as a ról sa tsraith iomráiteach Game of Thrones mar Riocán Stairc, ainmnithe ina ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá Parkinson, 15, ar dhuine de na hambasadóirí is óige a bhí ag Seachtain na Gaeilge riamh, ach tá sé ar dhuine de na daoine is cáiliúla a bhí sa ról freisin.

Is as Bun an Phobail in Inis Eoghain i dTír Chonaill é Parkinson, a bhí le feiceáil den chéad uair ar Game of Thrones agus gan é ach naoi mbliana d’aois.

Is cainteoir líofa Gaeilge é, a fuair a chuid bunscolaíochta i nGaelscoil Cois Feabhail. Bhí teagascóir aige, Ruairí Mac Mánais as Béal Feirste, agus é ag taisteal ar fud na cruinne dá ról i ndráma HBO, agus is i nGaeilge a bhí an teagasc a fuair sé.

Tá sé anois ag freastal ar Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go bhfuil an eagraíocht “thar a bheith sásta” gur ghlac Parkinson leis an gcuireadh a bheith ina ambasadóir don fhéile.

“Tá an fógra teilifíse taifeadta cheana féin aige agus tá muid thar a bheith sásta leis sin. Tá Art é féin an-sásta a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge. Is cainteoir líofa Gaeilge é, a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge agus atá anois ina aisteoir mór le rá,” a dúirt de Spáinn.

Ghlac Parkinson páirt i bhfeachtas dhá bhliain ó shin le Coláiste Chineál Eoghain a choinneáil oscailte. Is é Coláiste Chineál Eoghain an t-aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge in Inis Eoghain, agus bhí sí i mbaol a dúnta in 2015 de bharr a laghad daltaí a bhí sa scoil.

Labhair Parkinson, a bhí 13 bliain d’aois ag an am, amach faoin ngéarchéim ina scoil agus dúirt nár mhaith leis féin an Gaeloideachas a fhágáil ina dhiaidh ná an turas dhá uair an chloig a dhéanamh le freastal ar an scoil lán-Ghaeilge ba ghaire dó.

Ainmneofar beirt ambasadóirí eile don fhéile idirnáisiúnta teanga sna seachtainí amach romhainn. Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1-17 Márta 2017 agus tá imeachtaí beartaithe ag lucht eagraithe na féile ar fud na hÉireann agus thar lear.

Fág freagra ar 'Réalta ‘Game of Thrones’ ina ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge'