Reachtaíocht teanga á cur chun cinn ag an Aire Carál Ní Chuilín

Tá sé ar intinn ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín reachtaíocht a thabhairt isteach a thacódh leis na bodhair agus a chosnódh a gceart teanga na comharthaíochta a úsáid

Carál_Ní_Chuilín_cropped

Tá sé ar intinn ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín reachtaíocht a thabhairt isteach do lucht úsáidte teanga chomharthaíochta na Breataine agus na hÉireann.

Dúirt an tAire sa Tionóil go gcaithfí níos mó a dhéanamh ar son na mbodhar agus go raibh sí ag súil go mbeidh na cearta céanna ag úsáideoirí an dá chineál teanga. Tá sí ag súil freisin go mbeidh tacaíocht na bpáirtithe uile ag an rún.

“Tá teachtaireacht shoiléir ann ón bpobal bodhar: teastaíonn reachtaíocht uathu a chosnódh a gcearta mar mhionlach cultúir agus teangeolaíoch. Tá siad ag iarraidh seirbhísí ina dteanga féin. Tá mé ag iarraidh tacú lena n-iarrachtaí. Tá sé tábhachtach go dtabharfar céimeanna i dtreo is go mbeidh fáil mhaith ag an bpobal bodhar ar gach gné den tsochaí agus go mbeidh glacadh níos fearr leis sa mhórphobal,” a dúirt Ní Chuilín

Dúirt sí go bhfuil na ranna ar fad ag tabhairt tús áite don chomhionannas, an bochtanas agus an cuimsiú sóisialta agus gur minic a bhíonn dúshláin mar sin roimh an bpobal bodhar.

Chas an tAire Ní Chuilín le hEmma Rogers, bean a bhfuil éisteacht na gcluas aici féin ach a bhfuil a mac Patrick bodhar, níos túisce i mbliana leis na fadhbanna a bhíonn ag an bpobal bodhar a phlé. Dúirt Rogers léi go mbíonn sé an-deacair ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh nuair a bheirtear leanbh bodhar mar is annamh a bheadh teanga na comharthaíochta ag baill an teaghlaigh roimhe sin. Mhol sí go mbeadh ranganna saor in aisce sa teanga ar fáil do mhuintir na leanaí bodhra.

Dúirt an tAire go bhfuil go leor déanta ag a Roinn cheana féin ach gur gá i bhfad níos mó fós a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht teanga á cur chun cinn ag an Aire Carál Ní Chuilín'