Ré Arlene Foster – ré shuimiúil gan dabht, ach athrú saoil?

An bhfuil tréimhse ceannaireachta eisceachtúil i ndán dúinn ó cheannaire nuathofa an DUP, nó an é an cineál aontachtais a shásóidh seanfhondúirí a páirtí a bheidh mar chomhartha sóirt aici?

Arlene Foster

Bhí Teachtaí Tionóil á n-iompar féin mar is ceart, gan blas den ghangaid is dual dóibh agus iad ag fágáil slán le Peter Robinson mar Chéad-Aire agus ag fáiltiú roimh a chomharba, Arlene Foster. Ag cloí le deasghnátha na polaitíochta a bhíothas; ní athrú saoil a bhí ann. Cé gur léir go mbeidh ar Foster a dícheall a dhéanamh íomhá Stormont a fheabhsú roimh an toghchán, seans nach bhfuil claochlú i ndán dó fós. Tá níos lú ná trí mhí aici sula gcuirfear Stormont ar fionraí don toghchán agus is é is dóichí gurb é mealladh na vótaí an chloch is mó ar a paidrín sa ghearrthéarma.

Cor stairiúil é ceapadh Arlene Foster sa phríomhphost – ar bhonn inscne agus aoise. Is í an chéad bhean sa phost, agus ag 45 bliain d’aois, an duine is óige riamh sa phost. An bhfuil tréimhse ceannaireachta chomh heisceachtúil céanna i ndán dúinn i ngeall ar na cáilíochtaí sin, nó an é an cineál aontachtais a shásóidh seanfhondúirí an DUP a bheidh mar chomhartha sóirt aici?

Ina céad óráid mar Chéad-Aire, dúirt Foster go raibh súil aici gur mhaise ar a ceannas iad a hóige agus a haigne mná. Tá sé in am trátha ag glúin nua freagracht a ghlacadh as ceannaireacht, ar sí, ach ní nach ionadh, ba léir gur mhór aici an comhthéacs aontachtach. “Is mór an difríocht idir na dúshláin atá ag an ghlúin nua agus iad sin a ndeachaigh ár sinsear i ngleic leo céad bliain ó shin, ach tá na bunluachanna ceanann céanna againne,” a dúirt sí.

Bhí a tiomantas don Ríocht Aontaithe follasach: thug sí ómós do na baill de na fórsaí slándála agus do dhaoine a cailleadh agus Tuaisceart Éireann á cosaint acu. Rinne sí tagairt ar leith dá hathair a gortaíodh go dona nuair a rinne an tIRA iarracht é a mharú. Ní ligfí an stair i ndearmad a dúirt sí ach níor cheart ligint don am atá caite an saol a mhilleadh.

Bhí cluas le héisteacht ar náisiúnaithe agus ar phoblachtaigh féachaint cad a bheadh le rá aici faoina freagracht mar Chéad Aire don phobal ar fad, beag beann ar chreideamh, polaitíocht, cine nó claonadh. Bhí roinnt in amhras fúithi ó labhair sí cheana faoi rógairí agus fealltóirí i measc na n-airí ón taobh eile i Stormont. Cé go raibh sí neamhbhalbh, neamhleithscéalach ina haontachtas, d’aithin sí ina hóráid gurb é gnó an Chéad Aire fónamh don phobal go léir. “Ní dualgas dlíthiúil amháin é sin ach ordú morálta,” a dúirt sí.

Labhair sí faoi chothú muiníne i measc an phobail, deiseanna a thabhairt do pháistí ó gach cúlra agus an gá a bhí ann le ceannairí a ghríosfadh daoine chun feabhais. Teastaíonn ré nua uaithi ina dtabharfar droim láimhe le h-achrann agus le pairilis i Stormont. Comhthoil an focal faire a bhí aici. Teastaíonn comhcheol uaithi in áit easaontais.

Beidh le feiceáil cé mar a bhainfidh sí é sin amach. Bean chumasach í ach bean a bhíonn giorraisc, mífhoighneach in amanna. Anuas air sin, beifear ag faire go géar uirthi féachaint an gcinnteoidh ‘an t-ordú morálta’ sin i leith dhualgas trasphobail go dtabharfaidh sí aitheantas don traidisiún Éireannach i dTuaisceart Éireann. Cúpla lá ó shin, thug sí an t-eiteachas as éadan don mholadh go ndéanfadh sí freastal ar ócáid chomórtha ar Éirí Amach 1916. Ionsaí fealltach ab ea é ar an stát a dtugann sí dílseacht dó agus bheadh sé míréasúnta, dá bhrí sin iarraidh uirthi aon bhaint a bheith aici le comóradh, a dúirt sí. Tuairiscítear ar maidin, áfach, go bhfuil maolú de chineál tagtha ar an tuairim sin agus í ag maíomh anois go mbeadh sí sásta dul ó dheas chun páirt a ghlacadh i ndíospóireacht faoi 1916.

Cháin an UUP a cinneadh gan freastal ar an gcomóradh féin agus bainfidh siad leas as an gceist sa bhfeachtas toghcháin – cé gur beag idir a leagan amach agus leagan amach pháirtí Foster. Dúshlán ollmhór d’Arlene Foster is ea an toghchán ar an 5 Bealtaine. Ní haon ribín réidh é 38 suíochán an DUP a choinneáil. Éacht a bheadh ann é sin a dhéanamh mar tá an UUP neartaithe de bheagán agus tréaniarracht á déanamh ag an TUV. Tá deich seachtainí nó mar sin ag an gCéad-Aire nua chun cuma níos éifeachtaí a chur ar Stormont lena chur ina luí ar dhaoine gur fiú a dhul amach ag vótáil. Caithfidh sí é sin a dhéanamh gan giotaí den DUP a ligean le sruth. Ré shuimiúil gan dabht; ach athrú saoil? Chífimid.