An comhlacht a bunaíodh chun an mhórfhéile cheoil ‘Ravelóid’ bainte de chlár na gcuideachtaí

Tá an comhlacht a bhí taobh thiar den mhórfhéile cheoil a bhí beartaithe don samhradh seo caite scortha ag a stiúrthóirí

An comhlacht a bunaíodh chun an mhórfhéile cheoil ‘Ravelóid’ bainte de chlár na gcuideachtaí

Tá deireadh curtha leis an gcomhlacht Ravelóid Teo, a bhí ag plé le ‘Ravelóid’, an mhórfhéile cheoil a cuireadh ar ceal anuraidh, agus é bainte de Chlár na gCuideachtaí.

Glacadh an mhí seo caite le hiarratas stiúrthóirí Ravelóid Teo, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, ainm an chomhlachta a bhaint den chlár.

Léiríonn na cáipéisí a bhaineann le baint an chomhlachta den liosta nach raibh ach beirt stiúrthóirí ar Ravelóid Teo faoin am ar cuireadh deireadh leis, agus gur éirigh ceathrar stiúrthóirí eile as a gcúram i mí na Samhna seo caite.

Ba iad Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir Nós, agus Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Ghlór na nGael, na stiúrthóirí eile sin.

Cláraíodh an comhlacht go hoifigiúil ar an 8 Iúil 2015 agus de réir bhunreacht an chomhlachta ba iad na cuspóirí a bhí aige ná mórfhéile cheoil “a spreagfaidh, agus a thacóidh le agus a chuirfidh le pobal labhartha na Gaeilge” a eagrú agus “ceiliúradh mór uile-oileánda a eagrú do theanga agus cultúr na Gaeilge”.

Sheol Eoghan Mac Diarmada, ó RTÉ 2fm, an fhéile nua i gCearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath ag deireadh na bliana 2015. Fógraíodh go mbeadh 5,000 ticéad ar díol agus bhí leithéidí Hothouse Flowers, The Riptide Movement, Heather agus Seo Linn luaite leis an bhféile i ndiaidh an tseolta. Luadh ceoltóirí Gaelacha ar nós Altan, Clann Mhic Ruairí agus Doimnic Mac Giolla Bhríde leis an bhféile freisin.

Tháinig sé chun solais ag tús mhí na Bealtaine anuraidh, áfach, go raibh imní ann faoina raibh i ndán don fhéile agus brú mór ar lucht eagraithe na féile ticéid a dhíol in achar an-ghearr. Measadh go raibh ar Ravelóid Teo míle ticéad breise nó mar sin a dhíol sa Bhealtaine, mí nó mar sin roimh an bhféile, dúshlán nár éirigh leis an gcomhlacht a shárú.

In ainneoin achainí Chóilín Uí Chearbhaill, a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge an uair sin, ar phobal na Gaeilge “a léiriú go bhfuil éileamh ar Ravelóid”, cuireadh an mhórfhéile cheoil ar ceal ar an 11 Bealtaine.

Nochtadh i dtuairisc speisialta ar an suíomh seo na príomhchúiseanna ar theip ar an Ravelóid.

Fuair lucht eagraithe na féile amach i mí an Mhárta 2016 go mbeadh an príomhchostas a bhainfeadh le heagrú na féile timpeall a dhá oiread níos mó ná mar a shíl siad ar dtús. Bhíothas ag obair ar dtús ar an tuiscint go gcosnódh an chuid is mó d’obair eagrúcháin na féile ceoil timpeall €250,000 ach cuireadh meastachán faoina mbráid i mí an Mhárta a thug le fios gur timpeall a dhá oiread sin a bheadh i gceist.

Bhí an bhearna mhór seo idir na meastacháin a fuair lucht eagraithe Ravelóid ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis na deacrachtaí airgid a thug orthu an fhéile a chur ar ceal. Bhain an t-ardú mór seo le meastachán nua ón gcomhlacht bainistíochta imeachtaí a raibh lucht Ravelóid ag plé leo.

I measc na gcúiseanna a luaigh an comhlacht bainistíochta imeachtaí leis an ardú mór sin, bhí athrú shuíomh na féile – ó Theach an Droichid Nua go dtí Caisleán Ard Giolláin.

D’fhág an scéala seo faoin ardú costais, a tháinig aniar aduaidh ar lucht Ravelóid, gur cuireadh siar an mórfheachtas bolscaireachta a bhí beartaithe acu, buille eile d’fhorás na féile.

Nuair nár éirigh le lucht Ravelóid agus an comhlacht bainistíochta imeachtaí teacht ar chomhréiteach, d’fhostaigh bord stiúrtha na féile comhlacht eile. €400,000 a bheadh ón gcomhlacht eile seo ar Ravelóid as an gcuid is mó d’obair eagrúcháin na féile ceoil féin a dhéanamh.

De réir an tsocraithe idir Ravelóid agus an comhlacht seo, bhí 25% den bhille iomlán, nó €100,000, le híoc lá a chealaithe. In áit dul sa seans agus i bhfiacha chun an éarlais €100,000 a íoc, rinne an lucht eagraithe cinneadh gan a mbris a chur níos faide agus d’fhógraíodar nach mbeadh an fhéile ag dul ar aghaidh.

Thug duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Tomaí Ó Conghaile, le fios do Rónán Mac Aodha Bhuí ar an gclár Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an bhliain seo caite gur “ar athlá” a bhí Ravelóid agus go bhfógrófaí dáta nua don fhéile amach anseo.

Bhí caint ann i measc bhaill foirne Chonradh na Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh go bhféadfaí iarracht eile a dhéanamh féile cheoil deireadh seachtaine a chur ar bun mar chuid de ‘Bliain na Gaeilge’ Chonradh na Gaeilge in 2018.

Ach anois agus an comhlacht taobh thiar de “mhórfhéile cheoil na nGael” scortha is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh aon aiséirí i ndán do Ravelóid mar a beartaíodh é.

Fág freagra ar 'An comhlacht a bunaíodh chun an mhórfhéile cheoil ‘Ravelóid’ bainte de chlár na gcuideachtaí'