‘Ravelóid sa Chathair’ agus féile Ghaeltachta beartaithe do dheireadh seachtaine na ‘Ravelóide’

Beidh an 'Ravelóid sa Chathair' ag tarlú ar an 9, 10 agus 11 Meitheamh in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath Theas in áit na mórfhéile 'Ravelóid' a cuireadh ar ceal níos túisce an mhí seo. Tá féile champála á heagrú freisin i Rath Chairn i nGaeltacht na Mí don deireadh seachtaine céanna

Pictiúr Conor McCabe Photography

D’fhógair an comhlacht Ravelóid Teo, a bhí taobh thiar den mhórfhéile cheoil Ravelóid a cuireadh ar ceal ag tús na míosa seo, inniu go bhfuil mionfhéile nua beartaithe acu don deireadh seachtaine céanna, 10/11 Meitheamh dar teideal ‘Ravelóid sa Chathair’

Ag labhairt dó ar an gclár Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltacha, dúirt duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Tomaí Ó Conghaile, go mbeidh cuid de na bannaí ceoil a bhí le bheith ag Ravelóid i gCaisleán Ard Giolláin i mBaile Brigín, ag casadh ag láithreacha éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath Dé hAoine an 10 Meitheamh agus Dé Sathairn 11 Meitheamh.

Beidh an club grinn GaelGÁIRÍ ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair oíche Déardaoin, an 9 Meitheamh mar chuid den mhionfhéile freisin.

Beidh oíche cheoil sa Sugar Club Dé hAoine ag 10 a chlog le Seo Linn, Kíla, The Bonneymen agus Rís. Ní bheidh spás ann ach do 400 duine agus teastóidh ticéid lena aghaidh. Tabharfar tús áite do dhuine a cheannaigh ticéad do Ravelóid, agus ní bheidh cead ag daoine atá faoi bhun 18 mbliana déag freastal ar an oíche cheoil sin.

Lá arna mhárach beidh seisiúin ióga agus ‘ceardlanna gníomhaíochta’ ar siúl in Uimhir 6 Sráid Fhearchair chomh maith le himeachtaí teaghlaigh agus imeachtaí eile.

Beidh ceol beo tráthnóna Dé Sathairn le leithéidí Aoife Scott, Eve Belle, Emma Ní Fhíoruisce, Enda Reilly, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus daoine eile nach iad.

Tá na himeachtaí ar fad á reáchtáil saor in aice.

Idir an dá linn, tá imeacht eile á eagrú don deireadh seachtaine céanna ag daoine a cheannaigh ticéid don fhéile a cuireadh ar ceal ach atá ag iarraidh deireadh seachtaine campála in áit an Ravelóid sa Chathair.

Tá cead faighte ag an dream eile deireadh seachtaine campála a reáchtáil i nGaeltacht na Mí ar thailte an CLG i Ráth Chairn. Beidh an fhéile cheoil champála seo ar siúl ó oíche Dé hAoine agus táthar ag súil go meallfar an lucht freastail chuici le háit campála go dtí an Domhnach.

Tá ‘cúpla ceoltóir’ socraithe cheana féin don fhéile Ghaeltachta seo ach tá lucht a heagraithe ag fanacht tamaillín sula ndéanfar an liosta oifigiúil a fhógairt. Thug duine d’eagraithe na féile le fios do Tuairisc.ie go mbeidh an beár sa chlubtheach oscailte i gcaitheamh na féile ach go mbeidh cead ag lucht a freastail a gcuid sólaistí féin a thabhairt leo.

Fág freagra ar '‘Ravelóid sa Chathair’ agus féile Ghaeltachta beartaithe do dheireadh seachtaine na ‘Ravelóide’'

  • Seán Eile

    Iontach go bhfuil imeachtaí ag dul ar aghaidh ar an deireadh seachtaine sin sa deireadh! Píosa beag amscaí go bhfuil dhá rud ar leith ar siúl ach ba dheas dá dtiocfaidís comhordú a dhéanamh le chéile don gcéad bhliain eile.