Rath agus sonas – inspioráid lucht spóirt do pholaiteoirí?

Más féidir le mionfhoireann barr feabhais a bhaint amach le dea-eagar agus allas, táthar ag súil gur inspioráid iad don bhuíon i Stormont

UEFA EURO 2016 Qualifier Group F, Helsingin Olympiastadion, Helsinki, Finland 11/10/2015 Finland vs Northern Ireland Northern Ireland fans Graham Kenny Jnr, Graham Kenny and Jeff Magee Mandatory Credit ©INPHO/Presseye/William Cherry
Cuid de lucht tacaíochta Thuaisceart Éireann ©INPHO/Presseye/William Cherry

An trácht curtha ar mhalairt slí. Cúpla bealach amach as lár na cathrach go deisceart Bhéal Feirste druidte ag an PSNI. Ná habair gur buama nó círéib is cúis leis. Fan. Tá na póilíní leithscéalach ach níl teannas ag baint leo; go deimhin, tá aoibh an gháire orthu. Ní trioblóid is cúis leis an tranglam ach ceiliúradh agus ríméad.

Oíche Déardaoin seo caite a bhí ann. Bhí éacht déanta ag foireann sacair Thuaisceart Éireann in aghaidh na Gréige i bPáirc Windsor, bua le trí chúl in aghaidh a haon. Iad cáilithe le haghaidh Euro 2016 agus cluiche fós le himirt. Mar ba léir i Stormont níos luaithe, tá muintir an Tuaiscirt deighilte faoin sacar ar nós neart nithe eile; go leor náisiúnaithe ag tacú le foireann na Poblachta agus cúlra aontachtach ag an gcuid is mó de lucht leanta Thuaisceart Éireann. D’ainneoin na deighilte, bhí lucht tacaíochta an dá thaobh ag meascadh le chéile is iad ag ceiliúradh ó tharla gur bhuail foireann na Poblachta seaimpíní an domhain, an Ghearmáin, i mBaile Átha Cliath.

Bhí suairceas agus spraoi as an gcoitiantacht ag baint leis na taispeántais ar an tsráid. Bhí Cearnóg Shaftesbury ar imeall theas na cathrach plódaithe le daoine óga, ag ceol, ag ól, ag rince agus sceitimíní orthu. Nílim chomh soineanta go ndéarfainn gur chruthúnas é go bhfuil deireadh le seicteachas ná seanfhaltanais ach ba léiriú é go bhfuil sé ar chumas daoine a bheith dearfach in éindigh nuair atá údar acu.

Tógáil croí ab ea é pictiúir d’imeachtaí sráide i mBéal Feirste a bheith á scaipeadh i gcian is i gcóngar gan blas trioblóide le tuairisciú. Mheabhródh sé duit na hamharcanna ón deisceart aimsir Italia 90.

Cá bhfios cé mar a chruthóidh Michael O’Neill agus a fhoireann sa bhFrainc an bhliain seo chugainn? D’éirigh thar cionn le fir an Tuaiscirt i gCorn an Domhain i 1982 nuair a bhain cúl Gerry Armstrong agus sárchosaint Pat Jennings stangadh as an Spáinn i Valencia.

Bhí daoine sásta an t-am sin, ar ndóigh, ach chuir na Trioblóidí srian ar cheiliúradh agus ar ghairdeachas poiblí. Contúirt don duine féin agus don phobal a bhí ar aird na ndaoine agus dá réir, níor tharla an sórt ardú meanman a bhí le braistint ó dheas i 1990.

Bíodh sé fíor nó bréagach, maítear gur thug laochas Packie Bonner agus a chomrádaithe spreagadh don phobal i ndiaidh lagtráth eacnamaíochta (eile) agus gur chuidigh sé le fás. Ba mhór an gar é do mhuintir Thuaisceart Éireann dá gcuirfeadh rath na bpeileadóirí, lucht rugbaí agus dornálaithe, borradh faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar. Is cinnte go bhfuil cabhair as cibé ceard de dhíth go géar ar na polaiteoirí i Stormont.

Ar nós na pingne a shaothraíonn pingin, gineann rath a thuilleadh ratha. Tá an pobal tuirseach de pholaitíocht atá ina ceap magaidh

Más féidir le mionfhoireann barr feabhais a bhaint amach le dea-eagar agus allas. táthar ag súil gur inspioráid iad don bhuíon i Stormont.

Ní gá dóibh a bheith mór le chéile ná ag moladh a chéile. Ní éileamh thar fóir é iarraidh orthu aontú le chéile – mar fhoireann – chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Fág freagra ar 'Rath agus sonas – inspioráid lucht spóirt do pholaiteoirí?'

  • Breandán de Leigh

    Is fuath le gnathnáisiúnaithe na Sé Chontae foireann sacair an Tuaiscirt agus a lucht leanúna agus gach uile rud faoi dtaobh dóibh. B’fhéidir go gcreidfeadh daoine amuigh ansin go bhfuil mé ag gabhail thar fóir nó ag déanamh áibhéil agus nach bhfuil sé deas úsáid a bhaint as an fhocal fuath ach sin an fhirinne ghlan. Muna gcreideann tú mé gabh isteach i dteach tábhairne ar bith ar Bhóthar na bhFál nó Taobh an Bhogaigh nó ceantar náisiúnach ar bith eile sna Sé Chontae agus an dá fhoireann Éireannacha ag imirt agus beidh na náisiúnaithe uilig ag amharc ar Phoblacht na hÉireann agus ag dúil le tubaist faoi choinne Thuaisceart Éireann agus a lucht leanúna. An fhirinne, ní searbh atá sé ach garbh ach is í an fhirinne í!