Rásaí na Gaillimhe mar bhun agus mar bharr gach scéal. Ach an bhfuil aon tip agat?

Ócáid shóisialta níos mó ná aon rud eile í Seachtain na Rásaí i mBaile an Bhriotaigh i nGaillimh

Rásaí na Gaillimhe mar bhun agus mar bharr gach scéal. Ach an bhfuil aon tip agat?

As seo go ceann seachtaine is iad Rásaí na Gaillimhe a bheas mar bhun agus mar bharr gach scéal sa dúiche ina bhfuil mise. I leaba a inseacht duit nach bhfuil aon chailleadh ar an lá, is é a fhiafrós an té a chasfas taobh amuigh den siopa duit ‘an bhfuil tú ag dul chuig na rásaí?’, nó níos minice ná sin ‘tabhair tip dom’.

Tá a fhios agaibhse a leag cos i mBaile an Bhriotaigh gur ócáid shóisialta níos mó ná aon rud eile í Seachtain na Rásaí i nGaillimh – ócáid ragairne agus spraoi ina mbíonn cuid mhaith acu siúd a bhíonn i láthair ar saoire, dream, m’fhearacht féin, nach n-aithneodh fiúntas capaill dá mbeadh sé ag pramsáil os a gcomhair amach ar feadh seachtaine.

Níl sé i bhfad ó thagair mé den chaoi a mbíonn mianach i bhfad níos fearr sna capaill a ritheann sna léimrásaí móra le rá le linn an gheimhridh ná a bhíonn iontu siúd a bheas ag rith i nGaillimh agus bíonn a chruthú sin le feiceáil sna nuachtáin nó ar chárta na rásaí.

Iontu siúd tabharfaidh tú faoi deara go mbíonn figiúr curtha síos le chuile chapall bunaithe ar an gcóras rátála atá i bhfeidhm. 174 a fheicfidh tú thíos le Thistlecrack a bhuaigh an King George i Kempton faoi Nollaig seo caite, rás atá mórán mór ar chomhfhad leis an Galway Plate a bhuaigh Lord Scoundel anuraidh agus rátáil 145 tugtha dó.

Ciallaíonn sin go gceapann siad siúd is mó a bhfuil scil acu sa scéal dá rithfeadh an dá chapall sin sa rás céanna go gcríochnódh Thistlecrack 29 fad capaill chun cinn ar Lord Scoundrel (174-145 = 29).

Is beag imní a dhéanfaidh sin do na sluaite a thiocfaidh chuig Baile an Bhriotaigh go dtiocfaidh an Domhnach seo chugainn. Comparáid idir an t-airgead a bheidh ina bpócaí ar an mbealach amach trí na geataí agus a raibh ann ar an mbealach isteach an chloch is mó ar a bpaidrín siúd.

Is amhlaidh a bhí ón gcéad lá a ritheadh rásaí ansiúd in 1869. Dhá lá rásaíochta a bhíodh i gceist idir sin agus 1959 nuair a cuireadh ceann eile leis. Cuireadh lá eile leis i 1971, ceann eile fós i 1974 agus bhí sé lá rásaíochta i gceist ó 1982 gur tháinig 1999. Faoin am ar tháinig an seachtú lá b’éigean fiú don té a chruthaigh an domhan scíth a ghlacadh ach níorbh é sin an cás i mBaile an Bhriotaigh nuair a baineadh fad lae eile as an bhFéile.

Níl baol ar a rath céanna ar aon pháirc rásaí eile in Éirinn agus atá ar cheann na Gaillimhe. Tá súil go mbeidh os cionn 150,000 duine ansiúd idir seo agus an Domhnach seo chugainn – Féile 5 Lá Bhaile Phúinse san Aibreán, a ndéanann tuairim agus 100,000 freastal air, an ceann is gaire dó. Beagán le cos 30,000 a bhíonn ar Churrach Chill Dara de ghnáth do thrí lá an Derby.

Ní féidir a rá ach an oiread gur i dtaisce a chuireann údaráis na Gaillimhe a stór. Tá an fhorbairt iontach atá déanta san áit le feiceáil ag cách agus níl bliain dá dtáinig le fada an lá anois nach bhfuil feabhas éicint le n-aithneachtáil. Mo léan nach raibh siad siúd a bhí i gceannas na tíre agus na mbancanna chomh hábalta le John Moloney a bhí ina bhainisteoir i mBaile an Bhriotaigh ó 1989 go dtí arú anuraidh, ná chomh fadcheannach leis an gcoiste a threoraigh é.

Beidh a fhios ag an mbunáite agaibh freisin gur féidir freastal ar Fhéile na Gaillimhe gan do lámh a chur in bhur bpócaí. Tá na seastáin ar thaobh amháin den traic agus istigh i lár báire tá réimse talún as ar féidir breathnú ar na rásaí saor in aisce. Comhluadair a mbíonn gasúir óga acu is mó a bhíonn ansiúd agus ní hé a gcuid sprionlaitheachta a fhágann ansin ach an oiread iad, ach go bhfuil fairsinge bhreá ann le bheith i mbun macnais.

Ba sa bpaiste sin freisin ba mhó a bhíodh an chosmhuintir i dtús aimsire. Céad bliain go ham seo agus Féile Rásaíochta 1917 thart bhí tuairisceoir ón Churadh Connachtach ag tagairt dá laghad a bhí i láthair. ‘Outside the enclosure the crowd was small, comprising country folk from local districts’, a scríobh sé. Níorbh ann a bhí sé féin gan amhras.

500 sabhran (arbh ionann a luach agus punt Sasanach) a fuair buaiteoir Phláta na Gaillimhe 1917, úinéir an chapaill a raibh Privit mar ainm air. Gearradh fíneáil cúig shabhran an duine ar sheachtar marcach a rinne neamhaird de na horduithe a bhí á dtabhairt ag an té a bhí ag cur tús leis an rás.

Leathchéad bliain ina dhiaidh sin, ba sabhrain a bhí fós luaite leis an duaischiste cé nach raibh na boinn sin á n-úsáid mar ghnáthairgead ó 1932. Dhá mhíle go leith sabhran a bhí ag dul d’úinéir Royal Day a raibh Paddy Sleator sa diallait air. 2,000 a fuair buaiteoir an Galway Hurdle i 1967, Muir, arbh é Tom Dreaper a thraenálaí – an fear céanna a rinne amhlaidh le Arkle.

Beidh duaischiste €2 milliún le buachan i mBaile an Bhriotaigh an tseachtain seo – rás amháin ar a laghad in aghaidh an lae a mbeidh €100,000 as. Beidh ceathrú milliún ag dul leis an bPláta agus €50,000 lena chois sin leis an Galway Hurdle Déardaoin.

‘Bhfuil aon tip a’m?’.

Tharlódh go rithfidh sé ar an Luan agus tá seans eile ann nach dtarlóidh sin go dtí amach sa tseachtain, ach coinnigh siúil ar chapall darbh ainm Powersbomb.

Nuair a bheas tú ag ceannach, pórtar a ólfaidh mise!

 

Fág freagra ar 'Rásaí na Gaillimhe mar bhun agus mar bharr gach scéal. Ach an bhfuil aon tip agat?'