Ranna Oideachais thuaidh agus theas cáinte mar gheall ar chúrsaí Gaeilge

Tugadh polasaí nua isteach ó thuaidh ina ndéantar ‘Roinn Bhéarla’ den Roinn Oideachais ó thuaidh agus fuair an Coimisinéir Teanga ó dheas 13 gearán le dhá bhliain anuas faoi sheirbhísí Gaeilge na Roinne Oideachais i mBaile Átha Cliath

Ranna Oideachais thuaidh agus theas cáinte mar gheall ar chúrsaí Gaeilge

Tá cáineadh déanta ar na Ranna Oideachais, Thuaidh agus Theas, mar gheall ar chúrsaí Gaeilge le cúpla lá anuas. Tá an Roinn ó dheas á cáineadh mar gheall ar chaighdeán na Gaeilge atá ag státseirbhísigh na Roinne agus cháin an LeasChéad-Aire ó thuaidh, Martin McGuinness an “fuath” atá sa DUP, dar leis, don Ghaeilge, go háirithe sa Roinn Oideachais.

Thug an tAire Oideachais Peter Weir, ón DUP, polasaí nua isteach ina Roinn níos luaithe an mhí seo ina soiléirítear gurb é an Béarla “príomhtheanga na Roinne”. Mar gheall ar an gcinneadh sin, ní chuirfear Gaeilge ar chomhfhreagras na Roinne feasta.

Ní aistreofar comhfhreagras na Roinne go teanga ar bith eile amach anseo ach an oiread – an Ultais ina measc.

Dúirt McGuinness go bhfuil “cohórt” sa DUP a bhfuil an ghráin shaolta acu ar gach a mbaineann leis an nGaeilge agus go bhfuiltear ann freisin a bhfuil an ghráin acu ar “rud ar bith Gaelach”.

“Caithfimid glacadh leis gur institiúidí polaitíochta iad na hinstitiúidí a bhfuil muid páirteach iontu a thugann daoine isteach sa rialtas a bhfuil dearcthaí éagsúla acu faoi na rudaí seo,” a dúirt sé leis an gclár Good Morning Ulster ar BBC Uladh.

Níos deireanaí sa lá, dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, as Béal Feirste, go bhfuil “polaitiú” déanta ag an DUP ar cheist na teanga tríd an nGaeilge a chosc sa Roinn Oideachais.

“Nuair a thógann an tAire Oideachais, a bhfuil ceangal reachtúil air an Ghaelscolaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn, an cinneadh an Ghaeilge a bhrú amach óna Roinn agus a rá gur Roinn Bhéarla atá inti, is rún mioscaise é sin agus is polaitiú [teanga] é sin,” a dúirt sé ar BBC Talkbalk.

Droch-Ghaeilge seachas easpa Gaeilge ba chúis leis an ngearán ó dheas. Tuairiscíodh ar The Irish Times an tseachtain seo go bhfuair an Coimisinéir Teanga gearán faoi chaighdeán na seirbhíse Gaeilge sa Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.

Bhí freagra a thug an Roinn Oideachais ar cheist trí ríomhphost ó iarbhunmhúinteoir breac le botún agus deacair le tuiscint de bharr na mbotún sin.

Scríobhadh ‘lotoe’ in áit ‘litir’, ‘ba chíor’ in áit ‘ba chóir’, agus ‘na Roinne do Choimmisinéírí Ioncaim’ in áit ‘Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim’ san fhreagra.

Dúirt an Roinn Oideachais gur annamh a bhíonn a leithéid de bhotún i gcomhfhreagras na Roinne agus gur ceartaíodh na botúin láithreach.

Rinneadh 13 gearán leis an gCoimisinéir Teanga faoi sheirbhís Ghaeilge na Roinne Oideachais ón mbliain 2014. Bhain formhór na ngearán sin le foilsiú cáipéisí agus foirmeacha áirithe i mBéarla amháin.

Deirtear i Scéim Teanga na Roinne 2013 – 2016 go bhfuil an Roinn tiomanta “an tseirbhís is fearr agus is féidir” a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla dá cuid custaiméirí. Tá Scéim Teanga 2016 – 2019 na Roinne á réiteach i láthair na huaire.

Táthar ag súil go n-aithneoidh an Roinn na poist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ranna Oideachais thuaidh agus theas cáinte mar gheall ar chúrsaí Gaeilge'

  • Liam Mac Lochlainn

    Pléitear polasaí náireach Peter Weir ar an cholún Gaeilge ar an Derry Journal an tseachtain seo. Gabh chuig Derry Journal.com -news -opinion.